Inniu a dhéanfar Catherine Connolly a insealbhú mar an deichiú huachtarán ar Éirinn.
D’éirigh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn as an oifig sin ar uair an mheán oíche aréir.
De réir nóis, tagann carranna tionlacain an uachtaráin tofa isteach go Caisleán Bhaile Átha Cliath trí Gheata Chorcaí ag teannadh le huair an mheán lae agus bíonn an Tánaiste ansin le fáilte a chur roimh an gcéad uachtarán eile atá tofa ag muintir na hÉireann.
Cuirfear an tUachtarán tofa faoi mhionn agus glacfaidh sí le mionn na hoifige ó Phríomh-Bhreitheamh na hÉireann, Dónal O’Donnell, i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.
Cuid den nósmhaireacht go ndéanann an Taoiseach píosa cainte ansin sula dtugann an tUachtarán nuathofa an chéad óráid sa chúram nua.
Bítear ag súil i gcónaí go mbeidh léargas in óráid insealbhaithe an Uachtaráin nua-thofa ar théamaí móra théarma na huachtaránachta chomh maith leis na tionscnaimh ar mian leis an Uachtarán Connolly díriú orthu. Is maith an seans go mbeidh na hábhair ar tharraing sí aird orthu le linn an fheachtais toghcháin san áireamh agus na gealltanais a thug bean an Chladaigh go mbeadh sí ina guth in Áras an Uachtaráin ar son na síochána, na neodrachta agus na Gaeilge.
Ní údar iontais a bheadh ann dá dtagródh sí ina hóráid dá cuid smaointe maidir le poblacht nua dhátheangach.
Gheall sí le linn a feachtais go mbeadh an Ghaeilge ina príomhthéama aici le linn a huachtaránachta agus go gcuirfí tús leis an bhfís sin ag imeachtaí an bhliain seo chugainn ag ceiliúradh 100 bliain ó bunaíodh an Ghaeltacht mar limistéar oifigiúil.
Más aon chomhartha an leas a bhain sí as an nGaeilge go minic le linn a feachtais, beifear ag súil go mbeidh cuid mhaith dá hóráid insealbhaithe sa teanga sin.
I ndiaidh na hóráide, casfaidh Banna Arm Uimhir 1 Amhrán na bhFiann, tráth go mbeidh an tUachtarán ag fágáil agus ag tabhairt aghaidh ar Áras an Uachtaráin.
Agus mionn na hoifige is airde sa tír glactha ag an Uachtarán nua, tabharfaidh sí a haghaidh ar Pháirc an Fhionnuisce agus ar a lóistín nua in Áras an Uachtaráin.
Is é insealbhú an Uachtaráin Catherine Martina Connolly inniu an 15ú searmanas insealbhaithe a thionólfar i Halla Naomh Pádraig i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.
I Mí Meitheamh 1938 a insealbhaíodh an chead Uachtarán ar an tír seo, an Gaeilgeoir dílis agus an file, Dubhghlas de hÍde as Contae Ros Comáin. Is é William Derham, coimeádaí an Chaisleán, a stiúir na hullmhúchán d’insealbhú an Uachtaráin nuathofa amárach agus deir sé féin gur iontach go deo “an sásamh” a bhaineann sé as a bheith ag obair sa gCaisleán.
“Obair foirne ar fad a bhíonn i gceist. Bíonn mórtas ar chuile dhuine a bhíonn ag obair don lá mór, an crann solais, an t-armas agus an fearas uilig sin le réiteach,” a dúírt sé le RTÉ.
“Is aoibhinn go deo an spiorad agus an mórtas sin as an tír a fheiceáil san obair a bhíonn ar siúl ag daoine agus iad á déanamh d’ócáid mar seo.”
Is í Catherine Connolly an deichiú huachtarán ar an tír agus roimpi san Áras bhí: Dubhghlas de hÍde, Seán T Ó Ceallaigh, Éamon de Valera, Erskine Childers, Cearbhall Ó Dálaigh, Patrick Hillery, Mary Robinson, Máire Mhic Giolla Íosa agus Micheál D. Ó hUigínn.
Toghadh Catherine Connolly an mhí seo caite le bheith ina deichiú hUachtarán ar Éirinn agus a hainm curtha sa Táin as an bhfarasbarr a bhí aici.
D’éirigh leis an iarrthóir neamhspleách as Gaillimh, a gheall le linn a feachtais go mbeadh an Ghaeilge lárnach ina huachtaránacht, buachan go slachtmhar agus 63% de na vótaí bailí tugtha di, an sciar is mó a fuair aon iarrthóir i dtoghchán uachtaránachta ó bunaíodh an oifig sin i 1938.
Is é Uachtarán na hÉireann atá in Cheann Stáit ar an tír agus is é nó í a bhíonn mar ionadaí ag pobal na tíre sa mbaile agus thar sáile i ról deasghnách agus is é an t-uachtarán freisin an t-ardcheannasaí ar Óglaigh na hÉireann.
Cuireann an tUachtarán fáilte oifigiúil roimh cheannairí stáit eile in Áras an Uachtaráin agus tugann sé faoi thurais stáit go tíortha eile.
Tá sé d’údarás ag an Uachtarán glacadh leis nó diúltú d’aon bhille a nglacann Dáil agus Seanad Éireann leo. Bíonn comhairle ar fáil ag an Uachtarán ón gComhairle Stáit agus is féidir leis bille a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí má bhíonn aon amhras ann go sáraíonn an bille Bunreacht na hÉireann. Fágann an t-údarás sin nach féidir le haon reachtaíocht a bheith ina dlí sa tír seo go dtí go gcuireann an tUachtarán reatha a ainm leis go foirmeálta.
Go foirmeálta, is é an tUachtarán freisin a cheapann an rialtas, ceapann sé an Taoiseach atá ainmnithe ag an Dáil agus ina dhiaidh sin na hairí a bhíonn ainmnithe ag an Taoiseach.
Tá sé d’údarás ag an Uachtarán iarratas a dhéanamh le hóráid náisiúnta a dhéanamh le Dáil agus Seanad Éireann ar ábhair a bheadh ar mhaithe le leas an phobail.
Pól Réamonn
Go n-éirí lei!