Aodh Ó Coileáin ceaptha ina chathaoirleach ar bhord na Taibhdheirce agus fonn air an amharclann ‘a oscailt amach’

Deir Aodh Ó Coileáin go bhfuil sé ag súil leis ‘an dúshlán’ atá roimhe ‘go mór mór agus an amharclann ag ceiliúradh 90 bliain a bunaithe i mbliana’

Aodh Ó Coileáin ceaptha ina chathaoirleach ar bhord na Taibhdheirce agus fonn air an amharclann ‘a oscailt amach’

Tá Aodh Ó Coileáin, arb as an Daingean i gCorca Dhuibhne dó, ceaptha ina chathaoirleach ar bhord amharclann náisiúnta na Taibhdheirce.

Tá Ó Coileán, atá ina léachtóir in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh,   ina bhall de Bhord na Taibhdheirce ó Mheán Fómhair 2016 agus tá ceathrar ball nua don Bhord á lorg faoi láthair.

Deir Ó Coileáin gur gá “an Taibhdhearc a oscailt amach” agus deis a thabhairt do níos mó daoine “a bheith páirteach san obair a bhíonn idir lámha” ann.

“Ba mhaith liom go mbeadh próiseas ann chun baill nua a cheapadh ar Bhord na Taibhdheirce.  Seo dúshlán atá roimh eagraíochtaí ealaíne agus amharclanna trí chéile.  Ar ndóigh tá sé ráite in athbhreithniú a rinne Gaye Cunningham ón gCoimisiún um Chaidreamh san áit oibre, thar ceann Amharclann an Gheata, gur cheart go mbeadh ceapacháin ar an mbord oscailte, trédhearcach agus fógartha.

“Freisin, dúirt sí go raibh sé inmhianaithe go mbeadh daoine ar an mbord le saineolas agus scileanna i gcúrsaí gnó, margaíochta, caidreamh poiblí, na healaíona, caidreamh tionsclaíoch agus disciplíní eile,” a dúirt Aodh Ó Coileáin.

Dúirt Ó Coileáin go raibh sé ag súil leis “an dúshlán nua” go mór mór agus an amharclann ag ceiliúradh 90 bliain a bunaithe i mbliana.

Luaigh sé chomh maith cuid de na dúshláin a bheidh roimhe ina chúram nua chomh le cuid de na spriocanna atá aige.

“Is gá tacú le scríbhneoirí atá ag iarraidh ceird na drámaíochta a chleachtadh, tá easpa eagarthóirí scripte atá inniúil ar an nGaeilge ar fáil, daoine atá ábalta anailís a dhéanamh agus struchtúr a chur ar shaothair don stáitse.

“Ba mhaith liom níos mó deiseanna a chruthú do dhaoine óga dul ar an stáitse, bhí ról tábhachtach ag an Taibhdhearc anseo i gcónaí.”

Tá baint ag Aodh Ó Coileáin leis an Taibhdhearc ó 1982 nuair a thug sé cuairt ar an amharclann, agus é 14 bliain d’aois, le hAisteoirí Bhréanainn.  D’oibrigh sé san amharclann ina dhiaidh sin agus é ina mhac léinn sa Ghaillimh. Deir sé gurb é “ceann de na cuimhní is gile atá aige” ná an dráma ‘An Spailpín Fánach’ le Croistóir Ó Floinn a coimisiúnaíodh do 60 bliain na hamharclainne i 1988.

“Dráma faoi Phádraic Ó Conaire a bhí ann agus is anseo a chuir mé aithne ar aisteoirí móra na Gaeilge, Johnny Chóil Mhaidhc, Diarmuid Mac an Adhastair agus Máirtín Jaimsie, bhíodh an Taibhdhearc lán go doras gach oíche agus arís nuair a théimis ar chamchuairt ar fud na tíre.  Más ‘Broadway’ a bhí i Sráid na Siopaí is ‘off Broadway’ a bhí sa tSráid Láir. Bhí sé go hiontach, go mór mór an chraic a bhíodh againn gach oíche tar éis na dtaispeántas.”

Tá Ó Coileán ag plé le cúrsaí drámaíochta ó chuaigh sé le hAisteoirí Bhréannain agus é ina bhuachaill óg.

Bhunaigh sé féin agus Trevor Ó Clochartaigh an grúpa amharclainne Na Fánaithe i gcathair na Gaillimhe sa bhliain 1987.  Tá Ó Coileáin, ar ón Daingean i gCiarraí ó thús dó, ag plé leis na meáin ó thosaigh sé ag obair le Radio Kerry ag tús na nóchaidí.

D’oibrigh sé mar Eagarthóir Nuachta le TG4 ó 1996 go dtí 2003 agus thug sé bliain ina Eagarthóir Stiúrtha Nuachta le RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Tá taithí fhada chomh maith ag Ó Coileáin ar chláracha teilifíse a dhéanamh.

I measc na gcláracha atá déanta ag fear an Daingin, tá ‘Sin í an Fhírinne: Johnny Chóil Mhaidhc’, agus ‘Litir Ó Mháirtín Jaimsie’. Ainmníodh a chlár faisnéise Cúba: Sláinte Mhaith? do Ghradam IFTA.

Tá sé ina léachtóir leis an iriseoireacht, an dlí agus na meáin ar an gcúrsa BA Cumarsáid agus Gaeilge in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Fág freagra ar 'Aodh Ó Coileáin ceaptha ina chathaoirleach ar bhord na Taibhdheirce agus fonn air an amharclann ‘a oscailt amach’'

  • Áine Uí Dhomhnaill

    Go n-éirían t-ádh leat, a Aodh. Is cinnte go bhfuil tú breá ábalta dul i ngleic leis na dúshláin ar fad agus go mbeidh rath ar obair na Taibhdheirce dá bharr.