Cathal Ó Sándair á chomóradh i Leabharlann Ráth Maonais 100 bliain ó rugadh é

Ar feadh dhá scór bliain chuir Cathal Ó Sándair déagóirí na hÉireann ag léamh leabhair Ghaeilge le fonn. Seolfar dhá atheagrán dá leabhair tráthnóna..

Cathal Ó Sándair á chomóradh i Leabharlann Ráth Maonais 100 bliain ó rugadh é

Beidh sé céad bliain amárach, an 15 Iúil, ó rugadh an scríbhneoir Gaeilge ba mhó ráchairt riamh, Cathal Ó Sándair. Chun é sin a chomóradh, beidh taispeántas ar a shaol agus ar a shaothar le feiceáil i Leabharlann Ráth Maonais as seo go deireadh na míosa.

“Ón tús bhí muid ag iarraidh go mbeadh an taispeántas i mBaile Átha Cliath, áit ar chaith Ó Sándair formhór a shaoil, dá bhreithlá i mí Iúil,” arsa Róisín Adams, ball de Choiste Comórtha Chathail Uí Shándair. “Ní fhéadfadh muid áit níos fearr ná Leabharlann Ráth Maonais a roghnú dó. Ní hamháin go bhfuil an leabharlann féin go hálainn – agus foireann na leabharlainne an-fháiltiúil – ach chaith Ó Sándair go leor ama sa leabharlann chéanna agus é óg – is i mBeairic Portobello (Beairic Chathail Brugha anois) a tógadh é, timpeall an chúinne ón leabharlann. Imríonn Ráth Maonais ról suntasach i gceann dá leabhair is mó díol, An tEitleán Dofheicthe, fiú amháin.”

Ar feadh dhá scór bliain chuir Cathal Ó Sándair (1922-1996) déagóirí na hÉireann ag léamh leabhair Ghaeilge le fonn – uaireanta faoin mbinse scoile, fiú. Bleachtaireacht, eachtraíocht, buachaillí bó, ficsean eolaíochta – thriail Ó Sándair gach seánra faoin spéir le léitheoirí óga a mhealladh, agus d’éirigh leis. Foilsíodh beagnach 120 leabhar dá chuid idir na 1940idí agus na 1960idí agus díoladh breis agus 120,000 cóip díobh, figiúr nár sháraigh aon údar Gaeilge riamh ná ó shin.

I bhfíseán a rinne mac Chathail Uí Shándair, Joe Saunders, in ómós dá athair cúpla bliain ó shin., dúirt an saineolaí ar shaothar an údair, an Dr Róisín Adams, gur 1000 cóip a d’fhoilsíodh an Gúm dá aistriúcháin ar dtús agus go mbeadh an t-ádh air “dá mba rud é go raibh an 1,000 cóip sin díolta taobh istigh de dheich mbliana”. Níorbh amhlaidh an cás nuair a thosaigh Ó Sándair ag scríobh sna 1940idí. Díoladh míle cóip taobh istigh de mí amháin den chéad leabhar dá chuid a foilsíodh Na Mairbh a d’fhill.

Bhí cáil nach beag air lena linn, ach sa lá atá inniu ann is beag cuimhne atá ag an bpobal air – is luaithe a d’aithneofaí ainm Réics Carló, bleachtaire ficseanúil Uí Shándair, ná mar a d’aithneofaí ainm an té a chum.

Deir an t-údar Alan Titley ina leabhar An tÚrscéal Gaeilge gurb é Cathal Ó Sándair a rinne an “gníomh aonair pinn is éachtaí i stair an úrscéil Ghaeilge”.

Bhí Joe Steve Ó Neachtain ar dhuine de na scríbhneoirí a dúirt go ndeachaigh saothair Uí Shándair i bhfeidhm ‘go huafásach mór’ air agus é ag fás aníos.

“Thuig muid ariamh roimhe sin gur daoine eile a scríobhfadh leabhair, faoi rudaí eile, nach raibh aon bhaint againn leis, ach nuair a chonaic tú leabhar scríofa faoin ábhar a bhí cloiste agat sna tithe cuairte, chuaigh sé i bhfeidhm go mór mór mór orm, caithfidh mé a rá,” ar sé.

Tá an taispeántas dátheangach Ag Léamh faoin mBinse Scoile: Scéal Chathail Uí Shándair ar camchuairt timpeall na tíre ó thús mhí an Mhárta., Bhí sé i nDún Dealgan, Corcaigh, Gaoth Dobhair agus Gleann Cholm Cille go dtí seo. Is é aidhm an taispeántais scéal Chathail Uí Shándair a roinnt le hoiread daoine agus is féidir agus ainm Uí Shándair a chur ar ais i mbéal an phobail céad bliain i ndiaidh a bhreithe. Beidh an taispeántas le feiceáil i Leabharlann Ráth Maonais as seo dtí an 30 Iúil, agus tá leagan digiteach de ar taispeáint i Leabharlann an ILAC freisin.

Mar chuid den chomóradh speisialta ar Chathal Ó Sándair an mhí seo, beidh seoladh leabhar á reáchtáil ag an nGúm i Leabharlann Ráth Maonais inniu (Déardaoin) ar a 6.00pm, tráth a seolfaidh Sorcha Ní Mhonacháin ó RTÉ atheagráin de Na Mairbh a d’Fhill agus An tEitleán Dofheicthe – an chéad dá leabhar a scríobh Ó Sándair. Tá fáilte roimh chách ag an imeacht.

Fág freagra ar 'Cathal Ó Sándair á chomóradh i Leabharlann Ráth Maonais 100 bliain ó rugadh é'

  • C. Ó Floinn

    Is cuimhin liom na leabhair úd a léamh sa leithreas ar scoil agus mé ag ithe ceapairí. Leabhair ardscothacha.