‘Rinne Cathal Ó Sándair a chion chomh maith le ceannairí an Éirí Amach’ – Joe Steve Ó Neachtain

FÍSEÁN: An chéad fhíseán i sraith a dhéanann ceiliúradh ar an údar aitheanta Cathal Ó Sándair, ar cailleadh é fiche bliain ó shin, ar an 18 Feabhra 1996

20 bliain ó shin, ar an 18 Feabhra 1996, cailleadh an scríbhneoir Cathal Ó Sándair (1922-1996). Meastar gur 160 leabhar a scríobh sé agus deir an t-údar Alan Titley gurb é a rinne an ‘gníomh aonair pinn is éachtaí i stair an úrscéil Ghaeilge’.

As seo go ceann trí lá, déanfar comóradh ar Tuairisc.ie ‘ar an scríbhneoir Gaeilge is bisiúla a rinne freastal ar an aos óg’.

Foilsítear anseo an chéad cheann de thrí cinn d’fhíseáin a rinne mac Chathail, Joe Saunders, in ómós dá athair. San fhíseán seo cuirtear faoi agallamh an scríbhneoir Joe Steve Ó Neachtain.

Cathal Ó Sándair
Cathal Ó Sándair

Ina leabhar An tÚrscéal Gaeilge bhí an méid seo le rá ag Alan Titley faoi Ó Sándair:

“Is é gaisce scríbhneoireachta Chathail Uí Shándair an gníomh aonair pinn is éachtaí i stair an úrscéil Ghaeilge. Ní thagann aon scríbhneoir eile úrscéalta i ngiorracht tobar dúigh dó ó thaobh toirte, iomadúlachta nó raidhse a shaothair. . . . Má bhí an céad éigin úrscéal a scríobh sé dírithe ar an aos scoile, agus margadh rialta le fáil acu ina measc dá réir, féachadh ar a shaothar mar chloch bhunúsach san iarracht leanúnach a bhí ar siúl gnáthléitheoireacht a sholáthar go rialta don ghnáthléitheoir.”

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi Chathal Ó Sándair anseo.

Fág freagra ar '‘Rinne Cathal Ó Sándair a chion chomh maith le ceannairí an Éirí Amach’ – Joe Steve Ó Neachtain'

  • Iarla Mac Aodha Bhuí

    Réamonn Óg agus an Captaen Spéirling na laochra a bhí ag an mac seo agus é ocht mbliana d’aois… thug Ó Sandair faoi go leor seánraí don aos óg idir bhleachtaireacht, scéalta scoile, buachaillí bó, eachtraíocht spáis agus eile. B’fhéidir nach mbeadh nós léitheoireachta i nGaeilge ag a lán againn murach é.