Ná bíodh imní ort, a léitheoir dhil. Ní dhéanfar aon iarracht sa cholún seo an fhianaise a bhí á cíoradh i dTeach Laioghean ar feadh deich n-uaire a chloig Déardaoin a chíoradh arís.
Is léir don saol faoin am seo an chontrárthacht ghlan idir lochtú an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus cosaint NAMA. Chuir sé i leith na háisíneachta gur dhíol siad a gcuid iasachtaí ó thuaidh ar phraghas ró-íseal.
Níl deireadh, ná baol air le mionchíoradh an Choiste um Chuntais Phoiblí, ach beidh scéal níos simplí agus (bímis macánta) níos suimiúla á phlé i seomra an Choiste Déardaoin seo chugainn.
Beidh beirt fhinnéithe tábhachtacha os comhair an choiste sna seachtainí atá romhainn, agus cuireadh tugtha d’fhinné tábhachtach eile.
Is é an tAire Airgeadais Michael Noonan, a bhí freagrach as NAMA nuair a díoladh na hiasachtaí ó thuaidh in 2013, a bheidh i láthair Déardaoin seo chugainn.
Ar dhuine eile a bheidh os comhair an choiste tá LeasChéad-Aire an Tuaiscirt Martin McGuinness, a ghlac páirt i gcomhrá teileafóín thuaidh-theas le NAMA in 2014, go gairid roimh an díolachán.
Bhí iarChéad-Aire an Tuaiscirt Peter Robinson páirteach sa chomhrá céanna. Níor fhreagair sé fós an cuireadh a chuir an Coiste chuige.
Aon duine a chuimhníonn ar thoradh gach fiosrúchán a reáchtáil coistí Oireachtais go dtí seo, ní chuirfeadh sé geall rómhór air go mbeidh ar aon duine éirí as a phost dá bharr.
Sin ráite, bhí an bhearna idir leagan an Ard-Reachtaire agus leagan NAMA de scéal Thionscnamh an Iolair (‘Project Eagle’) chomh soiléir agus chomh leathan tar éis an chruinnithe Déardaoin agus a bhí roimhré.
Níor chuir foras stáit agus an tArd-Reachaire Cuntas agus Ciste dhá leagan chomh difriúil den scéal céanna faoi bhráid an Oireachtais ariamh gan teacht ar chomhthuiscint áirithe faoi dheireadh faoinar tharla agus faoin athrú ar chleachtais a dheimhneodh nach dtarlódh a leithéid arís.
Faraor, is beag focal comhthuisceana a chuala baill an Choiste Déardaoin.
D’fhéadfaí ‘Tadhg-an-Dá-Thaobh’ na Stát Aontaithe a thabhairt ar Dick Morris. Bhain sé cáil amach mar chomhairleoir polaitiúil le Bill Clinton sarar toghadh eisean mar uachtarán i 1992. D’oibrigh sé roimhe sin mar chomhairleoir sa pháirtí poblachtach.
Cuireadh iachall air éirí as oifig i 1996 nuair a fuarthas amach gur lig sé do striapach a bhí ina theannta éisteacht le comhráite gutháin le Clinton. D’fhostaigh iarrthóirí poblachtacha éagsúla é ó shin i leith.
Ní mar gheall ar a leanúnachas mar sin a thuilleann tuairimí Dick Morris aird. Ach rinne sé cur síos stuama ar fhiosrúcháin (a dhéanann coistí parlaiminte nó póilíní) ina leabhar Behind the Oval Office a foilsíodh i 1998.
Déanann iriseoirí agus polaiteoirí an fhreasúra mór-is-fiú, dar leis, de gach fiosrúchán ó thús go deireadh. Tugann iriseoirí le fios i gcónaí go n-athraíonn fianaise nó cáipéis a aimsíonn lucht an fhiosrúcháin an léargas ó bhonn.
Nó bíonn siad síoraí ag tabhairt le fios go mbeidh ar dhuine éigin éirí as a phost mar gheall ar fhreagra a thug sé/sí féin nó finné eile.
Bíonn faitíos ar pholaiteoirí go gcaillfear vótaí mar gheall ar dhrochscéalta dá leithéid. Ach de ghnáth, a dúirt Dick Morris, bíonn breithiúnas an phobail níos tomhaiste agus níos stuama. De ghnáth, dar leis, bíonn vótóirí toilteanach fanacht go mbeidh breithiúnas cúirte nó tuairisc ó choiste fiosrúcháin ar fáil.
Léiríonn tuairisc an Ard-Reachtaire agus éisteachtaí an Choiste um Chuntais Phoiblí rud amháin thar aon rud eile. Mar a léireoidh an tuairisc a fhoilseofar roimh Nollaig, de réir a ndúirt an cathaoirleach Sean Fleming liom.
Déanann an tArd Reachtaire iniúchadh cuimsitheach airgeadais ar gach foras stáit, NAMA san áireamh. Tugann an Coiste um Chuntais Phoiblí breith faoi dheireadh ar a shaothar.
Ainneoin gach imní nó amhras le linn imeachtaí an Choiste, ní cóir duine ar bith a dhamnú go mbeidh a gcuid oibre déanta.
Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE
padraig
Agus na dearmad go bhfuil geimhreADH fada te geallta ag M Wallace don rialtas sa Dail muna leathnoidh siad scoip ‘an fhiosruchain’, nil a leath cloiste againn go foill.