Cathair Gaza timpeallaithe ar fad ag Iosrael, níos mó ná 200 duine maraithe san ionsaí is déanaí

Deir údaráis sláinte Gaza gur maraíodh breis is 10,000 duine ó thosaigh Iosrael ag buamáil an cheantair mar dhíoltas ar ionsaí Hamas

Cathair Gaza timpeallaithe ar fad ag Iosrael, níos mó ná 200 duine maraithe san ionsaí is déanaí

Deir údaráis mhíleata Iosrael go bhfuil Cathair Gaza timpeallaithe ar fad ag a gcuid saighdiúirí.

Dúradh go raibh “gníomh mór” á dhéanamh ag Iosrael aréir agus gurb í fírinne an scéil go bhfuil an stráice anois deighilte ina dhá leath, idir an tuaisceart agus an deisceart.

Cuireadh cosc cumarsáide i bhfeidhm ar Gaza le linn an ionsaí is déanaí, ach tuairiscítear go raibh sé ar cheann de na hionsaithe is mó agus is measa atá déanta ar Gaza ó thosaigh an cogadh.

Dúirt stiúrthóir Ospidéal Al-Shifa i gCathair Gaza gur maraíodh 200 duine sa bhombardú is déanaí agus thuairiscigh an BBC gur ar charr agus capall a tugadh daoine a gortaíodh chun an ospidéil toisc nach raibh teacht ar na seirbhísí otharchairr mar gheall ar an gcosc cumarsáide.

I gcomhráiteas a chuir áisíneachtaí uilig na Náisiún Aontaithe amach, dúradh go raibh “dóthain” den sléacht déanta agus d’éiligh siad go mbeadh sos cogaidh láithreach ann.

De réir tuairiscí ar na meáin in Iosrael rachaidh na saighdiúirí atá timpeall ar Chathair Gaza isteach sa chathair féin as seo go ceann dhá lá.

Dúirt údaráis mhíleata Iosrael go raibh urphost de chuid Hamas in Gaza anois faoina smacht agus an stráice deighilte ina dhá leath.

Tá Gaza á bhuamáil gan stad ag Iosrael ó ionsaí thar teorainn Hamas ar an 7 Deireadh Fómhair, ionsaí inar maraíodh 1,400 agus inar fuadaíodh 240 duine atá á gcoimeád ina ngialla in Gaza.

Deir údaráis sláinte Gaza, a bhíonn á rialú ag Hamas, gur maraíodh breis is 10,000 duine ó thosaigh Iosrael ag buamáil an cheantair mar dhíoltas.

Dúirt Josep Borrell, ceannasaí polasaí gnóthaí eachtracha an AE, gurb é ba chúis leis an gcogaíocht sa Mheánoirthear ná “teip choiteann ó thaobh na polaitíochta agus na moráltachta”, teip a bhain le “fíor-easpa tola fuascailt a fháil ar fhadhb Iosrael agus na Palaistíne.”

Dúirt sé go raibh dualgas ar Eorpaigh “ó thaobh na polaitíochta agus na moráltachta” ní hamháin cúnamh a chur ar fáil ach cabhrú chomh maith teacht ar “réiteach buan” ar an bhfadhb.

Fág freagra ar 'Cathair Gaza timpeallaithe ar fad ag Iosrael, níos mó ná 200 duine maraithe san ionsaí is déanaí'