‘Iomair an naomhóg nó fág ar fad í,’ a deirtear i gCiarraí. Níl sampla níos fearr de sin ná an chamchuairt a rinne peileadóirí an chontae i 1970 mar cheiliúradh ar Chraobh Peile na hÉireann a bheith tugtha chun na Ríochta acu don 21ú huair an fómhar roimhe sin nuair a bhuaigh siad ar Uíbh Fhailí 0-10, 0-7.
Níl leisce ar bith ar fhoirne móra an lae inniu seachtain a chaitheamh i Dubai, sna Státaí, i Mauritius nó i Meicsiceo féin, ach ba bheag an chaint a bhí ar a leithéid an uair údaí. Ach nuair a chuaigh ‘Naomhóg 1970’ chun seoil bhí sí taobh le haistear a bhí deich n-oiread chomh fada le cuid acu sin.
Cothrom an lae inniu, an 1 Márta 1970, a thug siad faoina gcuid taistil nuair a d’fhágadar Aerfort Átha Cliath. Ní raibh ann ach cúpla uair roimhe ó bhuaigh siad ar Ghaillimh i mbabhta leathcheannais na Sraithe Náisiúnta cúpla míle ó bhaile i bPáirc an Chrócaigh.
27,000 míle taistil a bhí déanta acu ar fhilleadh dóibh. Fad agus a bhíodar imithe bhíothas tosaithe ar na cainteanna as ar eascair Athaontú na Gearmáine, bhí roicéad curtha sa spás ag na Francaigh agus athrú Uachtaráin ar Chumann Lúthchleas Gael. Séamus Ó Riain as Tiobraid Árann a d’fhág slán acu agus ba é an Déiseach Pádraig Ó Fainnín a chuir fáilte rompu ag Aerfort na Sionna nuair a d’fhilleadar agus mí iomlán spaisteoireachta déanta acu ar 3 cinn de na hilchríocha.
An Domhnach deireanach de Dheireadh Fómhair 1967 a facthas an chéad cheangal idir cúrsa peile na tíre seo agus na hAstráile nuair a bhuaigh peileadóirí as foirne an Victoria Football League ar Chraobhairí na hÉireann, Contae na Mí i bPáirc an Chrócaigh agus 23,000 i láthair. An Satharn dár gcionn bhuaigh siad ar Mhaigh Eo agus fear a raibh darbh ainm Ron Barrassi ina chaptaen orthu.
An bhliain dár gcionn, agus Corn Mhig Uidhir buaite acu féin, chaith peileadóirí na Mí 12 lá san Astráil. Fós ní bréag a rá go mba é cuairt Chiarraí an taca seo den bhliain 1970 a dhaingnigh ceangal na peile leis an tír sin, cé nach bhfuil oiread dlúis faoi na laethanta seo agus a bhíodh.
Ar ndóigh ní raibh san Astráil ach ceann de na tíortha a shiúil na Ciarraígh i 1970 – d’imríodar cluichí i Melbourne, Perth, Adelaide agus Waga-Waga. As sin thug siad aghaidh ar Auckand na Nua-Shéalainne, as sin go hOileáin Fhidsí, San Francisco, Chicago agus Nua-Eabhrac, sular leag siad cos ar thalamh na hÉireann arís i Rinn Eanaigh ar an lá deiridh de Mhárta.
Ceithre imreoir agus fiche a bhí ar an turas – iad siúd ar fad a bhí ar an bhfoireann a bhuaigh Sam don 21ú uair, cé is moite de Mhicheál Ó Conaill agus don ógánach John O’ Keefe. Ar shlatacha a dhroma in ospidéal a bhí Ó Caoimh. Agus gan ann ach go raibh an Ardteist déanta ag Johnno agus é ina chaptaen ar fhoireann Choláiste Bhréanainn a bhuaigh Corn Uí Ógáin an bhliain roimhe sin, d’fhág gortú a bhain do ghlúin leis go mb’éigean dó a dhul faoi scian.
Bhain beagán aighnis le roghnú na n-ionadaithe a thógfadh áiteacha na beirte. Bhí Cumann Uí Chéirín/Uí Rathaille thar a bheith míshásta nach raibh a n-imreoir féin, Denis O’Sullivan ar dhuine acu. Bhagair siad baghcat a dhéanamh ar na crannchuir agus ar an mbiongó a bhí ag maoiniú an turais agus fiú go dtarraingeodh siad amach as cúrsaí CLG ina iomláine.
Facthas freisin sampla den deighilt idir bailte móra agus tuath atá coitianta go maith san eagraíocht, nuair a cuireadh chun cinn moladh go mba d’fhear as Trá Lí ba chóra áit Uí Chaoimh a thabhairt mar go mba as an mbaile sin eisean freisin.
Buille ní ba mheasa ná sin ab ea an fógra díreach ar fhágáil dóibh nach mbeadh foirne VFL Melbourne sásta cead imeartha a thabhairt dá n-imreoirí féin sa gcluiche a bhí socraithe don chathair sin ar an 8 Márta.
Buille marfach a bhí ansin, mar go raibh sé deimhnithe ag Harry Beitzel go dtí sin go mbeadh fáil ar an dream ba cháiliúla san Astráil sa gcluiche ba thúisce, an ceann ba thábhachtaí do chiste an turais. Ba é Beitzel a thug na hAstrálaigh go Páirc an Chrócaigh cúpla bliain roimhe. Bhí $12,000 geallta do Chiarraí aige agus bheadh poll dá réir sin ina sparán siúd d’uireasa an chluiche.
Fear as Cluain Cearbán i Maigh Eo darbh ainm John O’Reilly a bhí ina shagart paróiste i Melbourne a thug as poll iad. Bhí Perth bainte amach ag na Ciarraígh nuair a ghlaoigh ó Rathallaigh ar Chathaoirleach Chiarraí, an Dr. Jim Ó Brosnacháin agus dúirt go raibh comhréiteach déanta aige – d’imreofaí an cluiche agus foireann ar a mbeadh imreoirí cáiliúla de dhéanamh Ron Barassi agus meascán Éireannach a thiocfadh chun páirce.
B’in mar a bhí. Bhuaigh Ciarraí i Perth agus i Melbourne agus seachtain díreach tar éis dóibh an baile a fhágáil chuaigh siad chun páirce in aghaidh foireann dheisceart na hAstráile in Adelaide.
Ba é an socrú a bhí ansiúd ná go mba í an liathróid ar chruth na huibhe a bheadh á húsáid sa gceathrú uaire ba thúisce agus an O’Neills sa gcuid eile den chluiche.
Faoi shoilse a imríodh an cluiche seo agus b’ábhar iontais dóibh siúd a bhí i láthair cé chomh hoilte agus a bhí na hÉireannaigh leis an liathróid ubhchruthach. Bhí siad ag déanamh chomh maith sin gur chuir An Dr. Ó Brosnacháin scéala chuig an réiteoir le linn na himeartha coinneáil léi go leath ama.
Ar comhscór a bhíodar nuair a tháinig sin agus nuair a fuair Ciarraí deis ar an liathróid chruinn bhí 9-15 acu agus 4-10 ag Deisceart na hAstráile.
Ar áit a bhfuil Waga-Waga air a thugadar aghaidh ansin. Ceithre scór bliain roimhe sin, fearadh cath sa gceantar agus bíonn caint fós ann ar ‘The Battle of Waga-Waga’. Ba é a mhacasamhail a facthas arís sa Weissel Oval, 14 Márta 1970.
“Reprehensible as were the tactics of some of the Tigers, their conduct was almost angelic in comparison to the behaviour of a numberof Australian spectators. Never have I heard spectators seek to incite players as did those adjacent to me as they exhorted the home side to rough-house tactics. Their brutal advice was crouched in some primitive terms as ‘Drop him…get him in the head…kick him in the teeth…kick them black all over,” a thuairisc John D. Hickey san Evening Herald.
Chuig an Nua-Shéalainn a thug an chéad chuid eile dá dturas iad agus as sin go hOileáin Fhidsí.
Deir mo chomrádaí, an t-iarpheileadóir Micheál Ó Sé a bhí ar an turas é féin, go mba ar Aoine Chéasta a d’fhág siad an áit sin agus iad ar a mbealach chun na Státaí agus San Francisco.
Mheabhraigh a gcaptaen Johnny Culloty dóibh gan blaiseadh d’aon fheoil go mbeadh sé ina mheán oíche, rud a rinneadar. Soicindí tar éis don chlog sin a fhógairt d’ordaigh chuile mhac máthar acu stéigeanna móra mairteola ó na haeróstaigh.
Ní raibh sin i bhfad déanta nuair a d’fhógair an píolóta go raibh siad díreach tar éis an dátlíne idirnáisiúnta a thrasnú agus go raibh na huaireadóirí le cur siar cúpla uair an chloig. Thuig Culloty nach mbeadh an tréanas thart go ceann tamaill agus chuir orduithe na stéigeanna ar ceal!
Tá mé cinnte gur chúitigh siad a mbris nuair a bhain siad na Státaí amach agus ar na cuairteanna a thug siad ar Chicago agus ar Nua-Eabhrac nuair a bhí an Cósta Thiar fágtha ina ndiaidh acu. Bhíodar le cluiche a imirt in Chicago ach cuireadh ar ceal sin mar gheall ar shneachta.
Ba bheag locht a bhí air sin ach oiread déarfainn agus mí caite ar an mbóthar acu.
Fág freagra ar 'Cath Waga-Waga agus turas 27,000 míle pheileadóirí Chiarraí'