Cath na nUltach i bPáirc an Chrócaigh agus Muineachán ar thairseach na staire

Ní bheidh aon fhaitíos ar Mhuineachán roimh Thír Eoghain agus foireann Mickey Harte sáraithe acu cheana féin i mbliana, ach d’fhéadfadh tionchar na bhfear ionaid a bheith cinniúnach

Cath na nUltach i bPáirc an Chrócaigh agus Muineachán ar thairseach na staire

Peter Harte (Tír Eoghain) agus Fintan Kelly (Muineachán) ag imirt sa chluiche idir na foirne níos luaithe i mbliana. INPHO/James Crombie

Muineachán v Tír Eoghain – Páirc an Chrócaigh, 3.30i.n.

Tá daoine ann a cheapann go bhfuil forlámhas ar leith ag Tír Eoghain ar Mhuineachán ach cé go raibh an scéal amhlaidh blianta ó shin, ní fíor é faoi fhoirne an lae inniu. Ó tháinig Malachy O’Rourke isteach mar bhainisteoir ar Mhuineachán in 2013, chas siad ar Thír Eoghain ceithre huaire sa chraobh agus dhá chluiche an taobh atá buaite acu. Sa tsraith, tá trí chluiche imeartha eatarthu agus péire acusan buaite ag Muineachán.

Mar sin, agus iad ag triall ar chluiche leathcheannais na hÉireann den chéad uair le breis is 30 bliain, níl údar ar bith ag Muineachán faitíos a bheith orthu roimh a gcéilí comhraic.

Tabharfaidh an taispeántas a thug siad i gcoinne na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo caite spreagadh iontach dóibh. Bhí fir Fhearnaí ar fheabhas ar fad i Staid an Phiarsaigh agus iad róthapa, róláidir agus ródhíocasach don fhoireann baile.

Rinne na Gaillimhigh jab réasúnta maith Conor McManus a choinneáil ciúin, ach ní raibh aon fhreagra acu ar Ryan McAnespie, a thug taispeántas den scoth uaidh agus ceithre phointe ón imirt aige. Mar is iondúil leo, rinne na himreoirí eile obair na gcapall agus níor staon leithéidí Darren Hughes, Dermot Malone agus Colin Walshe den saothar ar feadh an tráthnóna.

Beidh an díocas sin agus tuilleadh lena chois ag teastáil inniu más leo Tír Eoghain a chloí agus áit a bhaint amach i gcluiche ceannais na hÉireann den chéad uair ó 1930.

Cinnte, tá níos mó taithí ag Mickey Harte agus ag Tír Eoghain a bheith ag imirt sa gcuid seo den chraobh. Is é seo an ceathrú cluiche leathcheannais atá bainte amach acu le sé bliana anuas. Ar ndóigh, chaill siad na cluichí sin uilig agus beidh siad ar a ndícheall inniu ag iarraidh a chinntiú nach ligfear deis eile le sruth.

Tar éis do Mhuineachán iad a bhualadh i gcluiche ceathrú ceannais Uladh, tá aistear fada curtha díobh acu agus leas bainte acu as na cluichí breise sin chun feabhas a chur ar a gcur chuige.

Rinneadh an-chuid cainte faoi thionchar na bhfear ionaid nuair a bhuaigh Tír Eoghain ar Dhún na nGall Dé Domhnaigh seo caite. D’aimsigh fir ionaid Thír Eoghain 2-5 i mBealach Féich agus ba iad ba mhó a chinntigh go bhfuair siad an lámh in uachtar ar Dhún na Gall a bhí chun cinn orthu cuid mhaith den chluiche.

Ní i gcoinne Dhún na nGall amháin a léirigh na fir ionaid a mianach ach oiread. Sna trí chluiche a d’imir siad i mbabhtaí an tSár-Ochtair, d’aimsigh na hionadaithe 4-11 dóibh. Aisteach go leor, ní bhfuair fir ionaid Mhuineacháin oiread is cúilín amháin sa chomórtas céanna.

D’fhéadfadh scéal na bhfear ionaid a bheith cinniúnach tráthnóna, mar sin. Níl mórán idir na foirne seo ar chor ar bith ach má thugann lucht an bhinse an t-ugach céanna do Thír Eoghain is a thug siad dóibh go dtí seo, b’fhéidir gurbh in an buntáiste a fhágfaidh gur acusan a bheidh an bua, más ar éigean féin é.

Fág freagra ar 'Cath na nUltach i bPáirc an Chrócaigh agus Muineachán ar thairseach na staire'