Cath na mbeach ar siúl i gConamara – cad atá i ndán don bheach dhubh agus don bheach bhuí?

Tá Cumann Beachairí Chonamara ar a míle dícheall ag iarraidh an bheach dhúchasach a chosaint agus níl sé i bhfad ó thug eolaí as an nGearmáin moladh speisialta do bheach dhúchasach Chonamara

Cath na mbeach ar siúl i gConamara – cad atá i ndán don bheach dhubh agus don bheach bhuí?

Bhí caint mhór ariamh ar Chath na bPunann ach tá cath eile i gConamara anois, Cath na mBeach. Beach agus beacha atá sa gcaighdeán ach meach agus meachain a thugtar orthu de ghnáth sa taobh seo tíre.

Coimhlint atá ar bun anois idir a bhfuil i ndán don bheach dhubh agus don bheach bhuí.

Beach dhúchasach í an bheach dhubh (Apis mellifera mellifera). De bharr éabhlóide na milliún bliain tá sé de mhianach inti go bhfuil sí luiteach leis an gcineál aeráide atá againn sa tír seo. Ach le blianta beaga anuas tá a líon ag laghdú de bharr sceacha agus bláthanna a bheith á ngearradh agus lotnaidicídí a bheith á leathadh.

Tá Cumann Beachairí Chonamara ar a míle dícheall ag iarraidh an bheach dhúchasach a chosaint. Tugann siad cuairt ar scoileanna leis an soiscéal a scaipeadh agus chuaigh siad i gcomhairle le dreamanna a bhí ag déanamh staidéir eolaíoch ar na beacha lena gcúis a neartú.

Níl sé i bhfad ó thug eolaí as an nGearmáin moladh speisialta do bheach dhúchasach Chonamara.

Ceann de na contúirtí is mó atá uirthi faoi láthair go bhfuil beacha buí tugtha isteach sa gceantar. Tá sé de cháil orthu seo go gcuireann siad níos mó meala ar fáil ach tá míbhuntáistí ag baint leo freisin.

Tá Pádraig Ó Fiannachta ar dhuine de na beachairí is mó cáil i gConamara. Rinne sé cur síos ar Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachtra an lá cheana ar an gcleachtadh a bhí aigesean ar an mbeach bhuí.

Is cosúil nár thuig sé an scéal rómhaith i dtosach mar fuair sé féin cuid acu.

Rinne siad sách maith an chéad bhliain, a dúirt sé, ach scéal eile ar fad a bhí ann an dara bliain: ar éigean a bhí sé in ann a dhul in aice leo, bhí siad chomh cantalach sin.

Go deimhin d’ionsaigh siad cailín beag leis lá agus gan í róghar don choirceog beag ná mór.

B’fhéidir nach mbeadh na beacha buí an-dona dá bhfanfaidís ag pórú eatarthu féin ach ní shásaíonn sin iad gan a dhul i mbradaíl ar na beacha dubha.

Is é an toradh a bhíonn ar sin go mbíonn na beacha a thagann as an gcrosphórú nimheanta freisin.

Maidir le difríocht a bheith idir an méid meala a bhíonn de bharr an dá chineál beiche ní fhéadfaí a rá go mbíonn an bheach dhubh chomh mór sin ar deireadh: thug Pádraig Ó Fiannachta sampla d’fhear as Ceantar na nOileán a fuair 40 punt meala as coirceog beacha dubha.

Sular tháinig siúcra go hÉirinn bhí an-mheas go deo ar an mil. Bhíodh coirceoga sna gairdíní ag na daoine deisiúla agus bhí na beacha fiáine an-líonmhar freisin mar go raibh an tír faoi bhrat coillte.

Tá neart tagairtí do bheacha agus do mhil sna seanlámhscríbhinní agus sna seanscéalta..

Bhíodh ‘blas na meala ar gach greim’ sna scéalta Fiannaíochta.

Insítear scéal faoi uair ar ordaigh Ailill agus Méabh, Banríon Chonnacht, bradán a bheadh bealáilte le mil a chur á réiteach do laoch óg darbh ainm Fraech. Ba í a n-iníon, an Bhanphrionsa Findabair, a rinne an chócaireacht.

Is minic a thugtaí coirceoga beach do rí i gcúiteamh cíosa.

Bhí na beacha chomh tábhachtach an uair sin go raibh roinn speisialta i nDlí na mBreithiún le déileáil le hargóintí fúthu. Tá fiche leathanach sa roinn sin.

De réir mar a dúradh faoi chás cúirte amháin, a bhí ann os cionn 1,300 bliain ó shin, cuireadh Congal Caech as ríochas na Teamhrach de bharr gur chaill sé an t-amharc i súil amháin nuair a chuir beach le rí eile ga ann.

D’éiligh a lucht leanúna go mbainfí súil as mac an rí a mba leis an bheach mar chúiteamh.

Ní cosúil go ndearnadh é: bhí bealaí ag lucht ceannais ariamh sa saol le theacht timpeall ar an dlí.

Feachtas spéisiúil é seo atá ag Cumann Beachairí Chonamara. Ní bheidh aon easpa poiblíochta orthu ar chuma ar bith; tá spéis mhór curtha sa scéal ag Raidió na Gaeltachta agus tá coirceoga ar chúl cheannáras TG4.

Cá bhfios nach scaipfí an t-alt seo freisin.

Fág freagra ar 'Cath na mbeach ar siúl i gConamara – cad atá i ndán don bheach dhubh agus don bheach bhuí?'

  • Nuala de Paor

    An-suimiuil. Grma

  • Nóirín

    Bainim ?? an oiread sult as do chuid altanna Sheosaimh de bharr teanga mhilis ár ndúchas a bheith iontu.

  • Carraig

    Is fiú ‘Saol na mBeach’ le Máirtín Ó Corrbuí a lua anseo. Sárleabhar ar fad, lán d’eolas ach scríte i nglanGhaeilge shimplí. Gúgláil.

  • Carraig

    ‘Meach’ i gCiarraí is ea é freisin. Ainmhí álainn cruógach fíorshuimiúil í an bheach a d’fhéadfadh a bheith i mbaol mar gheall ar an ualach nimhe a leatar ar an talamh ar fud na cruinne. Titfidh an tóin as an saol má ídítear an bheach. Monsanto an comhlact is mó a tháirgeann na nimheanna sin agus is dream thar a bheith cumhachtach iad. Stocairí i hallaí na cumhachta ar fud an domhain acu. Ná ligimís i ndearmad gurb iad sin a bhí freagrach as an Agent Orange, earra a rinne ollscrios ar Vítneam. ‘Seachain an bheach, tá cealg inti’ a deirtear. Ach seachain Monsanto tá nimh iontu. Ná spréáil a thuilleadh nimhe!