‘Cath na gComharsana’ i gConamara agus an tarraingt déanta do Chraobhacha Peile na Gaillimhe

Is é an cluiche idir an Cheathrú Rua agus Naomh Anna, Leitir Mór rogha na gcoimhlintí sa chéad bhabhta de Chraobh Sinsear Peile na Gaillimhe agus an tarraingt déanta do chraobhacha an chontae anocht

INPHO/Donall Farmer
INPHO/Donall Farmer

Deineadh an tarraingt do Chraobhacha Peile Sinsear agus Idirmheánach na Gaillimhe anocht ar Raidió na Gaeltachta agus cúpla coimhlint suimiúil tagtha ‘as an bpota’.

Is cinnte gurb é an cluiche is mó a tharraingeoidh aird phobal na Gaeltachta ná an ceann idir na comharsana, an Cheathrú Rua agus Naomh Anna Leitir Mór. Dar ndóigh, is iad an Cheathrú Rua an t-aon fhoireann Gaeltachta riamh a bhuaigh Craobh Sinsear na Gaillimhe. 20 bliain ó shin, i 1996, a d’ardaigh siad Corn Mhic an tSionnaigh.

Imreoidh Mícheál Breathnach in aghaidh Chill Fhir Iarann, a bheidh d’uireasa Pádraic Joyce den chéad uair le fada an lá, casfaidh Bearna ar Naomh Mícheál agus tabharfaidh Maigh Cuilinn, seaimpíní chraobh idirmheánach na bliana seo caite, aghaidh ar Chill Chonla.

Tá Cora Finne, curaidh  na bliana 2015, sa tóir ar a gceathrú craobh as a chéile agus cuirfidh siadsan tús lena bhfeachtas in aghaidh Carna/Caiseal.

Sa Chraobh Idirmheánach, beidh trí cinn d’fhoirne Gaeltachta, An Spidéal, Oileáin Árann agus Baile Chláir na Gaillimhe, san iomaíocht.

Bhí na hoileánaigh i mbaol a ndíbeartha ina gcéad bhliain ag an ngrád seo anuraidh ach thug siad na cosa leo agus beidh siad ag súil lena gcluiche in aghaidh Naomh Fheicín, an fhoireann eile a tháinig suas ón ngrád sóisear i 2014.

Imreoidh an Spidéal in aghaidh Mhuine Mheá/An Mhainistir sa chéad bhabhta chomh maith. Tá taithí mhaith ag na foirne seo ar a chéile agus casadh ar a chéile cúpla uair iad le cúpla bliain anuas. Imreoidh Baile Chláir na Gaillimhe in aghaidh Ghleann na Madadh sa chéad bhabhta chomh maith.

Babhta 1 Craobh Sinsear Peile na Gaillimhe 2016

Cill Chonla v Maigh Cuilinn

Eanach Dhúin v An Chealtrach

Cora Finne v Carna/Caiseal

Bóthar na Trá/Cnoc na Cathrach v Baile an Mhuilinn

Mícheál Breathnach v Cill Fhir Iarainn

An Cheathrú Rua v Naomh Anna, Leitir Mór

Bearna v Naomh Mícheál

Réalta Thuama v Seamróga Chartúin

Naomh Seosamh v Cathair Loistreáin

Cill Aithnín v An Creagán/Maigh Locha

Babhta 1 Craobh Idirmheánach Peile na Gaillimhe 2016

Baile Átha an Rí v Béal Átha na Sluaighe nó An Fhairche

Baile Chláir na Gaillimhe v Gleann na Madadh

Oileáin Árann v An Clochán

Dún Mhór Mhic Éil v Cora Finne

Mionlach v Baile Liam

Uachtar Ard v Naomh Breandán

An Spidéal v Muine Mheá/An Mhainistir

Áth Cinn v Cill Choirín/Cluain Bheirn

Fág freagra ar '‘Cath na gComharsana’ i gConamara agus an tarraingt déanta do Chraobhacha Peile na Gaillimhe'