Cath Chionn tSáile roimh mhná Mhaigh Cuilinn agus buachaillí Ghaoth Dobhair á fhéachaint le Naomh Conaill

Bainfidh mná Mhaigh Cuilinn áit amach i gcluiche ceannais na hÉireann má fhaigheann siad an ceann is fearr ar Chionn tSáile agus imreofar cluiche ceannais Chraobh Faoi-21 A Dhún na nGall tráthnóna idir Gaoth Dobhair agus Naomh Conaill

Cúl á scoráil ag Maigh Cuilinn ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2015. Pictiúr: Tuairisc.ie/Seán Ó Mainnín

Cath Chionn tSáile roimh Mhaigh Cuilinn agus áit á lorg acu i gcluiche ceannais na hÉireann

Tabharfaidh mná Mhaigh Cuilinn turas fada go dtí Cionn tSáile inniu agus iad ag imirt in aghaidh na foirne baile i gcluiche leathcheannais idirmheánach na hÉireann.

Bhuaigh Maigh Cuilinn craobhacha an chontae agus an chúige go héasca, ach is cinnte go bhfuil cluiche i bhfad níos deacra rompu tráthnóna in aghaidh churaidh Chorcaí.

Amhail Maigh Cuilinn, bhuail Cionn tSáile slad ar a gcéilí comhraic i gcluiche ceannais an chúige, nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Thráchtálaigh Chluain Meala, 5-14 in aghaidh 1-5. Is í Orla Finn, bean a bhuaigh gradam All-Star anuraidh, laoch na foirne agus 3-8 a d’aimsigh sí sa chluiche sin.

Beidh sé deacair mar sin ag cosantóirí an dá fhoireann mar is cinnte nach bhfuil aon ghanntanas lucht scórála ar Mhaigh Cuilinn. D’aimsigh siad 6-23 in aghaidh Naomh Muire Shligigh i gcluiche ceannais Chonnacht agus 1-6 an duine a fuair Áine Nic Dhonncha agus Shannon Ní Chéidigh sa chluiche sin.

Fear Ghaoth Dobhair, Micheál Carroll, ag imirt do Dhún na nGall in 2017. Pictiúr: INPHO/Presseye/Philip Magowan

Gaoth Dobhair agus Naomh Conaill ag tabhairt aghaidh ar a chéile sa Chraobh Faoi-21

Imreofar cluiche ceannais Chraobh Faoi-21 A Peile i nDún na nGall tráthnóna agus Gaoth Dobhair agus Naomh Conaill ag tabhairt aghaidh ar a chéile i bPáirc Uí Domhnaill.

Is iad Gaoth Dobhair curaidh na bliana seo caite agus fágann cumas na n-imreoirí atá acu go bhfuil an-seans acu an dara craobh as a chéile a bhuachan. Tá ceathrar déag ó fhoireann bhuacach 2016 fós faoi aois, ach tá amhras ann faoi Ciarán Gillespie agus Naoise Ó Baoill, a bhfuil gortuithe ag cur as dóibh.

Is beirt iad sin den seachtar as Gaoth Dobhair a bhí ar phainéal Faoi-21 Dhún na nGall a bhuaigh Craobh Uladh i mbliana. Fiú mura mbíonn Gillespie ná Ó Baoill in ann imirt, tá neart taithí ag an gcúigear eile – Dáire Ó Baoill, Cian Mulligan, Micheál Carroll, Gavin McBride agus Niall Friel.

Míbhuntáiste amháin atá ag Gaoth Dobhair ná easpa cluichí. Is é an cluiche a bhuaigh siad in aghaidh Ard an Rátha, 3-13 i gcoinne 0-8, an deireadh seachtaine seo caite an t-aon chluiche a bhí acu sa chraobh go dtí seo.

Sin fadhb nach mbeidh ag Naomh Conaill agus an ceann is fearr faighte acu ar Ghleann Fhinne, Aodh Ruadh agus na Cealla Beaga go dtí seo. Bua éasca go maith a bhí acu ar Ghleann Fhinne sa bhabhta leathcheannais, 4-12 in aghaidh 2-10. Fuair Paul McGuinness, an lántosach, 4-2 sa chluiche céanna.

Is imreoirí láidre iad Ultan Doherty, Ethan Ó Domhnaill agus Kevin McGettigan chomh maith, fir atá ar fhoireann shinsir an chumainn. Fós féin, cheapfá gur ag Gaoth Dobhair atá an buntáiste.


Cluiche leathcheannais Chraobh Idirmheánach Peile na mBan

Cionn tSáile v Maigh Cuilinn, Cionn tSáile, 1.00i.n.

Cluiche ceannais Chraobh Faoi-21 A Peile Dhún na nGall

Gaoth Dobhair v Naomh Conaill, Páirc Uí Dhomhnaill, 2.30i.n.

Fág freagra ar 'Cath Chionn tSáile roimh mhná Mhaigh Cuilinn agus buachaillí Ghaoth Dobhair á fhéachaint le Naomh Conaill'