Cath Chaisleán an Bharraigh ar na bacáin agus áit le fáil i gcluiche leathcheannais na hÉireann

Agus an chuma ar an scéal go bhfaighidh Ciarraí an ceann is fearr ar an Mhí sa chluiche eile tráthnóna, beidh áit i mbabhta leathcheannais na hÉireann ag buaiteoir an chluiche idir Maigh Eo agus Dún na nGall

Cath Chaisleán an Bharraigh ar na bacáin agus áit le fáil i gcluiche leathcheannais na hÉireann

Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Maigh Eo v Dún na nGall – Páirc Mhic Éil, 6.00pm (Beo ar Sky Sports)

Bhíothas á rá coitianta gur beag a bheadh idir na foirne sa ghrúpa seo agus is amhlaidh an cás ag Maigh Eo agus Dún na nGall agus iad ag dul chun comhraic ar son áit a bhaint amach sa bhabhta leathcheannais.

Agus chuile chuma ar an scéal go bhfaighidh Ciarraí an ceann is fearr ar an Mhí sa chluiche eile tráthnóna, beidh a rás rite an samhradh seo ag an bhfoireann a chaillfidh i gCaisleán an Bharraigh tráthnóna. Dá gcríochnódh cluiche an lae inniu ar comhscór, toradh nach gcuirfeadh iontas ar mhórán, is iad na Conallaigh a thiocfadh slán as an ngrúpa agus a bheadh ag fáil réidh do chluiche leathcheannais.

Is fearr atá Dún na nGall ag imirt ná Maigh Eo i mbliana ach is mairg a chuirfeadh foireann seo Mhaigh Eo as an áireamh riamh. Bhí an chuma orthu i gcaitheamh na craoibhe go raibh siad ar tí titim as a chéile ach féach go ndearna siad an beart i gcoinne an Dúin, i gcoinne Ard Mhacha, i gcoinne na Gaillimhe agus i gcoinne na Mí.

Ní hin le rá nach gá dóibh feabhasú i ngach uile ionad ar an bpáirc ach fágann an taithí agus an sprid sin iontu gur deacair ag foirne iad a chur de dhroim seoil.

Bhí Maigh Eo ag streachailt ar feadh cuid mhór den chluiche i gcoinne na Mí cúpla seachtain ó shin ach nuair a bhí an crú ar an tairne, sheas cuid de na seanfhondúirí an fód agus thug siad an fhoireann slán.

Ba iad na himreoirí nua a chruthaigh go maith laethanta eile – Darren Coen, Fionn McDonagh, James Carr agus a leithéidí – ach caithfidh an fhoireann uile a bheith i mbarr a maitheasa más leo Dún na nGall a bhualadh tráthnóna.

Is maith mar a rinne na Conallaigh i gcomórtas an tSárochtair ó bhuaigh siad craobh Uladh níos túisce sa samhradh. Bhí siad róláidir don Mhí sa chéad bhabhta ach cluiche den scoth a bhí idir iad féin agus Ciarraí i bPáirc an Chrócaigh.

Tabharfaidh an cluiche sin an-mhuinín d’fhoireann Declan Bonner, go háirithe a fheabhas agus a chruthaigh siad d’uireasa Eoghan ‘Bán’ Gallagher, Neil McGee agus Paddy McGrath, triúr de na cosantóirí is fearr atá acu. Más fíor nach mbeidh Paddy McBrearty ar fáil tráthnóna, áfach, buille tromchúiseach a bheadh ann.

Bhí Michael Murphy agus Ryan McHugh ar fheabhas i gcoinne Chiarraí agus beidh imirt na beirte sin cinniúnach tráthnóna. Má éiríonn le Maigh Eo srian a choinneáil ar Murphy agus ar McHugh, beidh seans acu más caol féin é, ach theip ar chuile fhoireann eile go dtí seo na Conallaigh a threascairt.

Rogha Tuairisc.ie: Dún na nGall

Pictiúr: INPHO/James Crombie

An Mhí v Ciarraí – Páirc Tailteann, 6.00pm (Beo ar Sky Sports)

Chomh fada is nach ligeann imreoirí Chiarraí na maidí le sruth ar fad san Uaimh tráthnóna, beidh siad ag prapáil do chluiche leathcheannais na hÉireann an deireadh seachtaine seo chugainn. Ag brath ar an toradh a bheidh ar an gcluiche eile inniu, d’fhéadfadh Ciarraí an cluiche seo a chailliúint agus teacht slán ach ní mar sin ab fhearr le Peter Keane tabhairt faoi chluiche leathcheannais.

Tar éis dóibh slad a dhéanamh ar Mhaigh Eo thíos i gCill Airne, thug Ciarraí taispeántas maith uathu i gcoinne Dhún na nGall agus beidh siad ag súil leis an gcaighdeán céanna tráthnóna.

Tá tosaithe den scoth ag Ciarraí ach ní bhfaighidh siad orlach ó chosantóirí na Mí gan é a shaothrú go maith. Tá an leathchúlaí Donal Keogan san iomaíocht do ghradam All-Star agus is imreoirí láidre iad Conor McGill agus Pádraic Harnan chomh maith.

I measc na dtosaithe, tá Cillian O’Sullivan agus James Conlan ag imirt go maith ach ba mhór an chailliúint dóibh Mickey Newman mura mbeadh sé in ann dul chun páirce. Bhí ar Newman éirí as an cluiche i gcoinne Mhaigh sa chéad leath de bharr gortaithe agus cé go ndearna an fear a tháinig isteach ina áit, Shane Walsh, cuibheasach maith is tréine mar fhoireann iad agus Newman acu.

Beidh foireann Andy McEntee ag súil ardtaispeántas a thabhairt os comhair a muintire féin sa bhaile ach beidh Ciarraí rómhaith dóibh.

Rogha Tuairisc.ie: Ciarraí

Fág freagra ar 'Cath Chaisleán an Bharraigh ar na bacáin agus áit le fáil i gcluiche leathcheannais na hÉireann'