Bhailigh ionadaithe ó eagraíochtaí agus coistí pobail i ngach ceard den Ghaeltacht le chéile in Óstán Chois Fharraige i gConamara, do bhronnadh Ghradaim na Gaeltachta, comórtas náisiúnta a bhunaigh Údarás na Gaeltachta le déanaí. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
Bhí Oifigí an Oireachtais i gCasla, Conamara, lán go doras do sheoladh thaispeántas na n-ealaíontóirí Charles Lamb agus Pádraic Reaney, mar chuid 'd'Fhéile Oireachtas 1983-2023, An Cheathrú Rua'. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc
Chruinnigh slua mór isteach in Óstán na Cúirte, Gaoth Dobhair an Aoine seo caite le haghaidh seoladh an leabhair, 'An Tiarna George Hill agus Pobal Ghaoth Dobhair' le Cathal Póirtéir. Ba le George Hill an t-óstán sin sna 1800idí agus tugann Cathal léargas sa leabhar ar a chaidreamh le muintir na háite. Cló Iar-Chonnacht a d'fhoilsigh. Pictiúir: Tommy Curran
Bhí oíche mhór ag muintir Denvir agus cairde Choláiste Chamuis in Óstán Chósta Chonamara le déanaí agus ceiliúradh á dhéanamh i mbliana, 50 bliain ó bunaíodh an coláiste samhraidh aitheanta. Pictiúir: Ian McDonald/Tuairisc
Don dara bhiain as a chéile thug Óstaí an Rí, Baile Átha Cliath, gradam Chraobh Bhréagchúirt Uí Dhálaigh 2023 leo tar éis dá mhac léinn, Hugh Ó Laoide Kelly, a chás a dhéanamh go fíórmhaith sa Chúirt Uachtarach i mBÁC an Aoine seo caite. Tháinig Oisín Ó Síocháin agus Amergín Ó Caoindealbháin, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, sa dara háit. Reachtáladh réamhbhabhtaí an chomórtais sna Ceithre Chúírt i rith an lae. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc
Seoladh trí leabhar nua ag mórsheoladh leabhar na Féile IMRAM in Amharclann Smock Alley ag an deireadh seachtaine, cnuasach scéalta nua le Alan Titley, cuimhní cinn Éilís Ní Dhuibhne agus leabhar faoi fhilí Innti le Tristan Rosenstock agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
Tháinig ealaíontóirí ó i bhfad agus i ngearr go dtí seoladh 'Straitéis Ealaín na Gaeltachta 2023-27' i Stiúideo Cuan, An Spidéal, le déanaí. Tá Ealaín na Gaeltachta ag ceiliúradh 25 bliain ar an bhfód. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:Ok