GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Ag ceiliúradh 100 bliain de shaothar Harry Clarke i nGailearaí Ealaíne Crawford le Bad Romance

Céad bliain ó shin, choimisiúnaigh Harold Jacob, fear ghnó mór na mbrioscaí as Baile Átha Cliath, an t-ealaíontóir agus an maisitheoir Harry Clarke le fuinneog dhaite a dhéanamh a bheadh bunaithe ar an dán ‘The Eve of St Agnes’ de chuid John Keats. Cuireadh an fhuinneog sin i gcrích i 1924. Cé go bhfuil lonracht […]

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Ag ceiliúradh 100 bliain de shaothar Harry Clarke i nGailearaí Ealaíne Crawford le Bad Romance

Céad bliain ó shin, choimisiúnaigh Harold Jacob, fear ghnó mór na mbrioscaí as Baile Átha Cliath, an t-ealaíontóir agus an maisitheoir Harry Clarke le fuinneog dhaite a dhéanamh a bheadh bunaithe ar an dán ‘The Eve of St Agnes’ de chuid John Keats. Cuireadh an fhuinneog sin i gcrích i 1924.

Cé go bhfuil lonracht shoilseach na fuinneoige sin fós beo beathach 100 bliain ina dhiaidh sin, níor mhair déantóir na fuinneoige ach 41 bliain.

Ba i 1924 freisin a cheannaigh Gailearaí Ealaíne Crawford i gCorcaigh staidéir na bpictiúr uiscedhatha don fhuinneog sin, mar aon lena léaráidí neamhshaolta de ‘Marie Rogêt’ agus ‘The Fall of the House of Usher’ as saothar Edgar Allen Poe.

Bhí saol Clarke féin breac leis an tragóid mhífholláin atá le fáil i gcaidrimh ghotacha de chuid Poe: chuir bás a mháthar as go mór dó agus gan é ach sna luathdhéaga, d’fhulaing sé drochshláinte ar feadh a shaoil agus fuair sé bás agus gan é ach 41 bliain d’aois san Eilvéis, tar éis dó cóir leighis a fháil in otharlann eitinne.

Mar gheall nach raibh a mhuintir ar an eolas faoi dhlí de chuid na hEilvéise a bhain le huaigheanna a chaomhnú, rinneadh a chorp a dhí-adhlacadh agus a chur in uaigh na mbochtán gan ainm.

Gach geimhreadh reachtálann Gailearaí Ealaíne Crawford taispeántas de na staidéir do phictiúir uiscedhatha éadroma, léaráidí dúigh agus saothair ghloine dhaite ina dtaispeántar rogha na coitiantachta don dream a théann chuig an ngailearaí go rialta.

I mbliana, céad bliain ó rinne Clarke an fhuinneog dhaite cháiliúil sin, in onóir an ealaíontóra agus mar nod don mhí-ádh a bhí air ó thaobh na sláinte, Bad Romance atá baiste ar an taispeántas. Sin é, amhrán Lady Gaga.

“In ainneoin nach mbaineann an teideal leis an bpopamhrán, feileann an meon atá á léiriú in Bad Romance do na saothair atá ar taispeáint agus do ghnéithe de shaol Clarke,” a deir an léiritheoir Michael Waldron. “Chuir a ghrá don ghloine dhaite as go mór dá shláinte.”

“Ciallaíonn leochaileacht na saothar ealaíne seo nach féidir linn iad a chur ar taispeáint ach ar feadh tréimhsí gearra gach ócáid, ach cuirtear fáilte mhór i gcónaí roimh ár dtaispeántas bliantúil de chuid Harry Clarke don gheimhreadh,” a deir sé.

“Tá rud éigean draíochtach faoi na taiscí seo a dhúiseacht óna gcodladh a bhfuil an-tóir orthu, go háirithe ag an am is dorcha agus is fuaire den bhliain.”

Creidmheasanna na griangraif:

Harry Clarke, Ligeia, 1918. Bailiúcháin Gailearaí Ealaíne Crawford, Corcaigh.
Harry Clarke, The Fall of the House of Usher, 1923. Bailiúcháin Gailearaí Ealaíne Crawford, Corcaigh.
Harry Clarke, Long Ago, These Lovers Fled Away into the Storm (mion), c.1923. Bailiúcháin Gailearaí Ealaíne Crawford, Corcaigh

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Ag ceiliúradh 100 bliain de shaothar Harry Clarke i nGailearaí Ealaíne Crawford le Bad Romance'