GAILEARAÍ: Leabhar nua le John Walsh faoi stair na Gaeltachta seolta in Ollscoil na Gaillimhe

GAILEARAÍ / Leabhar nua le John Walsh faoi stair na Gaeltachta seolta in Ollscoil na Gaillimhe

Sean Ó Mainnín

Sheol an craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, Gormfhlaith Ní Thuairisg, an leabhar 'Ar Lámh Shábhála? Coimisiún na Gaeltachta 1926' le John Walsh sa Téatar, Áras na Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe an tseachtain seo caite. Tá John ina Ollamh Comhlach le Gaeilge i Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr san Ollscoil. Cló Iar-Chonnacht a d'fhoilsigh. Pictiúir: Seán Ó Mainnín



GAILEARAÍ: Oíche speisialta ag an ‘An tAmhrán is Ansa Linn’, ceolchoirm Raidió na Gaeltachta agus Ceolfhoireann RTÉ

GAILEARAÍ / Oíche speisialta ag an 'An tAmhrán is Ansa Linn', ceolchoirm Raidió na Gaeltachta agus Ceolfhoireann RTÉ

Bhí oíche den scoth ag 'An tAmhrán is Ansa Linn', ceolchoirm a chuir RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Ceolfhoireann Coirme RTÉ ar stáitse i dTeach Pobail Chríost Rí i nGort an Choirce i nGaeltacht Dhún na nGall le déanaí. Rinne an cheolchoirm seo ceiliúradh ar rogha de na 40 amhrán is ansa leis na Gaeil, amhráin a mhol éisteoirí RnaG. Beidh an cheolchoirm á craoladh ar RTÉ One an Satharn beag seo