Cás tugtha ag múinteoir a lorg cead dá mac athrú go dtí Gaeilge ardleibhéil faoi chóras na ngrád measta 

D’iarr lucht dlí an mhúinteora urghaire cúirte a chuirfeadh cosc ar an scoil dul ar aghaidh le próiseas smachta ina coinne nó go mbeadh cinneadh déanta faoina cás

Cás tugtha ag múinteoir a lorg cead dá mac athrú go dtí Gaeilge ardleibhéil faoi chóras na ngrád measta 

Tá cás á éisteacht san Ard-Chúirt faoi bheirt daltaí ar diúltaíodh cead dóibh athrú go dtí Gaeilge ardleibhéil don Ardteist.

Deir múinteoir de chuid na beirte, ar mac léi duine acu, gur cuireadh próiseas smachta ar bun ina coinne go míchothrom toisc go raibh sí ag iarraidh go mbeadh cead ag na daltaí athrú ó Ghaeilge ghnáthleibhéil faoi chóras na ngrád measta.

Deir lucht na scoile go ndearna an múinteoir achainí i ndiaidh achainí ar eagrais agus ar mhúinteoirí eile ag iarraidh cead a fháil dá mac Gaeilge ardleibhéil a dhéanamh.

Deir an scoil nach raibh aon bhunús lena hiarratas, go raibh coimhlint leasa i gceist agus gur lean an múinteoir dá hiarracht brú a chur ar mhúinteoirí eile in ainneoin go raibh cosc curtha ar a leithéid ag an bpríomhoide.

Deir an múinteoir, nach ceadmhach í a ainmniú, go raibh an próiseas smachta ina coinne claonta agus lochtach.

Deir an múinteoir gur cuireadh in iúl di i mBealtaine 2021 go raibh tús curtha le gníomh smachtaithe ina coinne, scéal a deir sí a tháinig aniar aduaidh uirthi.  

Gníomh ‘Céim 4’ a bhí i gceist, an gníomh smachtaithe is tromchúisí atá ann. Dúradh go mbaintear leas as a leithéid nuair atá mí-iompar tromchúiseach á chur i leith múinteoirí nó nuair a d’fhéadfadh bata agus bóthar a bheith i gceist.  

I dtuairisc faoin gcás san Irish Independent dúradh nach raibh cead an múinteoir a ainmniú mar go bhfuil fadhb shláinte aici a fhágann go bhféadfadh go mbeadh na iomarca struis uirthi dá n-ainmneofaí í.

D’iarr lucht dlí an mhúinteora urghaire cúirte ar an mBreitheamh Conor Power a chuirfeadh cosc ar an scoil dul ar aghaidh leis na bpróiseas smachta nó go mbeadh cinneadh déanta faoina cás.

Dúradh gur tharla an t-aighneas i mBealtaine 2020 nuair a tugadh córas na ngrád measta isteach mar gheall ar an bpaindéim. 

Lorg an múinteoir cead dá mac agus do dhalta eile athrú go dtí Gaeilge Ardleibhéil ón gcúrsa gnáthleibhéil, an cúrsa a roghnaigh siad beirt i mí Eanáir 2020. 

Mhaígh an múinteoir go mbeadh cead aon bhliain eile ag na daltaí an t-athrú sin a dhéanamh lá an scrúduithe féin agus gur chóir an cead céanna a bheith ann bíodh is nach scrúdú traidisiúnta ach grád measta a bhí i gceist. 

Dúradh nach raibh a leithéid d’athrú ceadaithe faoi chóras na ngrád measta faoinar bhronn múinteoirí marcanna ar na daltaí de réir critéir éagsúla.

Dúradh sa chúirt go raibh aighneas ann chomh maith faoin méid den siollabas ardleibhéil a bhí déanta ag na daltaí.

Fág freagra ar 'Cás tugtha ag múinteoir a lorg cead dá mac athrú go dtí Gaeilge ardleibhéil faoi chóras na ngrád measta '