Cás na Gaeltachta agus na Gaeilge le plé i dtithe an Oireachtais den chéad uair ó thús na paindéime

Beidh geilleagar na Gaeltachta, buiséad Údarás na Gaeltachta agus a laghad eolais i nGaeilge a d’fhoilsigh an rialtas faoin choróinvíreas i measc na n-ábhar a bheas á bplé ag coiste Covid-19 na Dála inniu

Cás na Gaeltachta agus na Gaeilge le plé i dtithe an Oireachtais den chéad uair ó thús na paindéime

Beidh Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne os comhair choiste Covid-19 na Dála tráthnóna inniu, an chéad uair a mbeidh cás na Gaeltachta agus na Gaeilge á phlé i dtithe an Oireachtais ó thús na géarchéime.

Tá geilleagar na Gaeltachta, buiséad Údarás na Gaeltachta agus a laghad eolais i nGaeilge a d’fhoilsigh an rialtas faoin choróinvíreas i measc na n-ábhar a bheas á bplé ag an choiste.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste Covid-19, an Teachta Dála neamhspleách Michael McNamara, go raibh baill an choiste ag súil le cloisteáil faoi na “pacáistí tacaíochta atá á meas ag an rialtas don Ghaeltacht” agus faoin “tionchar sóisialta agus eacnamaíochta” atá ag Covid-19 ar na ceantair Ghaeltachta agus na hoileáin, “tráth nach raibh teaghlaigh in ann a muintir a fheiceáil”.

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh le Tuairisc.ie, go mbeadh soiléiriú á lorg aige ó Aire Stáit na Gaeltachta faoi “seasamh lag” an rialtais maidir le heolas a chur ar fáil faoin phaindéim do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Beidh Ó Snodaigh ag iarraidh fáil amach chomh maith faoina bhfuil beartaithe ag an rialtas ó thaobh fiontraíochta agus turasóireachta sa Ghaeltacht le go bhféadfaidh na ceantracha sin teacht slán ón ghéarchéim.

“Is gá soiléiriú a fháil chomh maith do mhuintir an oileáin faoi chead taistil chuig na hoileáin,” a dúirt an Teachta Dála, Aengus Ó Snodaigh.

Dúirt Aindrias Moynihan, Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, le Tuairisc.ie go raibh “fuílleach bearnaí” i bhfeasacháin eolais an rialtais maidir le Covid-19 a d’fhág go raibh “muintir na Gaelainne” ag brath ar eolas tábhachtach a bhí i mBéarla amháin.

Dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta an Chomhaontais Ghlais, Peter Kavanagh, go raibh freagracht ar an rialtas “borradh” a chur faoin gheilleagar sa Ghaeltacht agus “tacaíocht” a thabhairt do phobal na n-oileán, a bhíonn ag brath ar earnáil na turasóireachta.

“Admhaíonn an rialtas go bhfuil cailliúint €50 milliún i gceist don Ghaeltacht toisc go bhfuil na coláistí samhraidh curtha ar ceal ach níl fógartha go dtí seo ach an €1.6 milliún, a tugadh do theaghlaigh na mban tí mar chúiteamh. Tugadh an chuid eile den phacáiste €4.7 milliún do na coláistí samhraidh le héarlaisí a íoc ar ais le tuismitheoirí,” a dúirt an Comhairleoir Contae Peter Kavanagh.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn go raibh buiséad Údarás na Gaeltachta agus an t-easnamh” ó thaobh eolais i nGaeilge agus “an neamhaird” a rinneadh ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar na ceisteanna práinneacha” a chuir an eagraíocht faoi bhráid bhaill an Choiste agus urlabhraithe Gaeilge na bpáirtithe.

Dúirt de Spáinn go raibh “cinnteacht” de dhíth ar phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge nach ndéanfaí an slad céanna ar an earnáil de bharr ghéarchéim Covid-19 agus a rinneadh cheana le linn na géarchéime eacnamaíochta in 2008.

Dúirt de Spáinn, nach aon réiteach é cruinniú choiste Covid-19 an lae inniu ar an bhac atá ar phlé maidir leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht sa Dáil.

“Tá sé go maith na ceisteanna seo a bhaineann leis an gcoróinvíreas agus an Ghaeltacht agus an Ghaeilge a phlé ag an gcoiste Covid-19, ach is léiriú é ar an ngéarghá atá le hAire Sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Ba cheart go bpléifí an Ghaeilge agus an Ghaeltacht, mar a rinneadh i gcás cúrsaí Oidhreachta agus Cultúir le déanaí sa Dáil in ionad ag leibhéal an choiste,” a dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn.

Fág freagra ar 'Cás na Gaeltachta agus na Gaeilge le plé i dtithe an Oireachtais den chéad uair ó thús na paindéime'