Cuireadh i leith Vincent Browne go raibh sé ag dul róghéar ar Mhairía Cahill nuair a bhí sí ar an gclár aige an oíche faoi dheireadh. Ar ndóigh ní raibh ná chor ar bith: d’fhan sé glan ar fad ar na ceisteanna a d’fheilfeadh a chur uirthi.
Is é a fhearacht sin é ag na meáin mhóra chumarsáide eile ar mó a suim i mbuille a thabhairt do Shinn Féin ná cothrom na Féinne a fháil don chailín bocht a hionsaíodh.
Creideann chuile dhuine anois gur ionsaíodh í. Is é an chaoi ar déileáileadh leis an gcás ó shin atá le plé dháiríre.
Luath nó mall, caithfear a fhiafraí de Mhairía Cahill céard go díreach a bhí sí féin ag iarraidh ar an IRA a dhéanamh?
Seo bean a a raibh cuid dá gaolta báite i nGluaiseacht na Poblachta í féin. Ba é Iar-Cheann Foirne an IRA, Joe Cahill, a seanuncail. Ba í Siobhán O’Hanlon, a bhí ag cuidiú léi, a col ceathrair. Ní raibh trust ar bith ag Mairía as an RUC.
Go deimhin, an raibh sí sásta, ná leathshásta, le Martin McGuiness ná le Gerry Adams nuair a thosaigh siadsan ag tabhairt aitheantais don PSNI?
D’fhéadfadh sí a cás a chur os comhair an ionaid i mBéal Feirste a bhíonn ag cuidiú le daoine a ndéantar ionsuithe gnéis orthu. Níor chuala mé gur thaobhaigh sí iad.
Ba é an rud nádúrtha aici ó thaobh cúlra agus fealsúnachta de glacadh le fiosrúchán ón IRA.
Ach céard a bhí sí ag iarraidh ar an IRA a dhéanamh sa deireadh thiar thall?
Mar a dúirt iriseoir náisiúnta liom an lá faoi dheireadh, ní raibh de rogha acu ach an fear ar chuir sí ina leith gur ionsaigh sé í a chur chun báis, cúpla piléar a chur ina chuid glúine nó ordú a thabhairt dó “to get out of Dodge”.
Sílim go raibh an ceart ag an iriseoir náisiúnta seo.
Ach tá mé ag fanacht ó shin leis an léargas atá aige a theacht tríd an tuairisceoireacht atá sé a dhéanamh ar an gcás.
Beidh fanacht fada orm, déarfainn.
Rinneadh neart cainte sna meáin chumarsáide ar an gcaoi ar tugadh Mairía Cahill agus an té a d’ionsaigh í ar aon láthair amháin. Dá mba rud é gur cúirt oifigiúil a bheadh inti, thabharfaí isteach sa seomra céanna freisin iad.
Ach ní cúirt oifigiúil a bhí inti ach “kangaroo court”, a déarfas na tuairisceoirí atá ag iarraidh cor a bhaint as Sinn Féin.
Fágann siad as an áireamh go raibh daoine sásta cuidiú léi i gcónaí—Briege Wright, mar shampla. Seo í an bhean ar scríobh Mairía Cahill litir chuici ag glacadh buíochais léi faoin gcaoi a dtug sí cúnamh di:
“Fair play to ya, you are never going to know how much you have helped me—through all of the shite that went on years ago, and in the aftermath, and again recently.”
Maidir le cúirt IRA a bheith ann, shílfeá gur rud nua é sa tír seo.
Ar ndóigh, ní hea; bhí cúirteanna IRA ar fud na tíre ar fad idir 1920 agus 1924. Bhí ceann acu i bhfoisceacht míle bóthair don áit a bhfuil mé á scríobh seo in Aill na Brún.
Ba é Eoin Ó Neachtain a bhí ina bhreitheamh inti. Tá a mhuintir ina gcónaí sa gceantar seo fós.
Duine den dream ba mhó a raibh baint aige le “kangaroo courts” an IRA a thosú na blianta sin ba ea Conor Maguire as Co. Mhaigh Eo, ar ceapadh ina Phríomh-Bhreitheamh ina dhiaidh sin é.
B’fhiú cóipeanna de leabhar faoi leith a chur chuig na tuairisceoirí agus na tráchtairí móra atá ag cur síos ar na “kangaroo courts” inniu – Retreat from Revolution: The Dáil Courts, 1920-24.
Breitheamh Dúiche a scríobh an leabhar sin, Mary Kotsonouris.
Ach ar ais linn go dtí cás Mhairia Cahill.
B’fhéidir gur ar dhuine eicínt a thuigeann na cúirteanna a bhí ag an IRA sa Tuaisceart ba cheart na ceisteanna a chur; céard go díreach a d’fhéadfadh an tIRA a dhéanamh má chreid siad gur ionsaíodh í:
- An té a d’ionsaigh í a chur chun báis;
- Cúpla piléar a chur ina chuid glúine;
- É a dhíbirt as ‘Dodge’ na linne – Béal Feirste;
- A ainm a thabhairt don RUC — rud nach raibh Mairía féin sásta a dhéanamh?
Concubhar Ó Liatháin
Tá an dhíomá orm faoin alt seo. Ní raibh aon údarás ag an IRA bheith ag dul i mbun an chineál seo oibre sa chéad dul síos. Tá béim in alt Sheosaimh ar bhrú a chur ar an iosbartach sa chás seo an reiteach a mholadh. Deineadh éagnú uirthí agus éagóir sa mhullach ar sin. Is éagóir anuas ar sin bheith ag tabhairt uirthí an réiteach a mholadh, go h-áirithe bunaithe ar na roghanna atá curtha i lathair ag Seosamh. Marú? Piléir sa dhá ghlúin? Dibirt? An RUC (ag an am bhí SF ag labhairt go tréan in éadan an RUC.
Ní féidir comparáid a dhéanamh idir Chúirteanna an IRA sa tréimhse 1919-24 – ba cúirteanna phoiblí a raibh ann. ‘Cúirt rúnda’ abea an proiseas a raibh ar Mhairia Cahill gabháíl tríd. Agus bhí eagla uirthí le linn na cúirte gurb í féin a bheadh thíos leis, go deimhin go marófaí é mar gheall ar na ceisteanna tromchúiseacha a raibh á gcur.
Níl i gcás Mhairia, áfach, ach an chás is déanaí atá tagtha chun solais mar gheall ar mhódhanna bhrúidiúla an IRA. Tugaim chun cuimhne an sliocht seo ó Fhorogra na Cásca:
“Cuirimid cúis Phoblacht na hÉireann faoi choimirce Dhia Mór na nUilechumhacht agus impímid a bheannacht ar ár n-airm, agus guímid nach dtarraingeoidh aon duine i seirbhís na cúise sin easonóir uirthi le meatacht, le mídhaonnacht ná le slad.”
Teaimín Ó Cualáin
Cás dlí é cás na mná seo, ceann nár cheart do pholaiteoir, d’iarpholaiteoir ná d’iriseoir fiúntach ar bith drannadh leis. Cén fáth nach scríobhann an Cúgach faoi chonspóidí atá ar leic an dorais aige, Marine Harvest, mar shampla?
Cén t-údar é bheith balbh i dtaobh na ceiste seo? Léiríonn an chonspóid faoin uisce agus faoi chúrsaí feamainne go bhfuil an fabhar céanna ag an Rialtas agus Údarás na Gaeltachta le lucht an rachmais agus a bhí ag an ECB leis na sealbhóirí bannaí a d’fhág an tír in anchaoi. An gcreideann an Cúgach go mbíonn an ceart ag an neart agus nach fiú labhairt ná scríobh faoi?