Cás faoin athrú aeráide le héisteacht san Ard-Chúirt an tseachtain seo chugainn

Cás dlí a troideadh san Ísiltír a spreag cás in aghaidh an Rialtais a bheidh ar siúl san Ard-Chúirt an tseachtain seo chugainn

Cás faoin athrú aeráide le héisteacht san Ard-Chúirt an tseachtain seo chugainn

Tá géarchéim ann. Beidh an soláthar bia i mbaol. Beidh coimhlintí nua ann maidir le fáiltiú nó diúltú d’inimircigh. Caithfear na billiúin euro ag iarraidh dul i ngleic le tubaistí, airgead nach mbeidh ann do chúrsaí sláinte, oideachais ná cultúir.

Ní cruachás an Bhreatimeachta atá i gceist an uair seo ach géarchéim an athruithe aeráide, bagairt níos tromchúisí fós ar leas an phobail. Tuigeann Rialtas na hÉireann go bhfuil géarghá le gníomh. Admhaíonn siad go poiblí go bhfuil faillí déanta acu. Cloistear geallúintí uathu go minic ach fágtar gan comhlíonadh iad. Tá freagraí iomadúla ar fáil ach is lú acu atá curtha i gcrích sa tír seo ná in aon tír eile san Eoraip, nach mór. 

Is chuige sin a bheidh cás dlí de chineál nua ag tosú san Ardchúirt

Dé Máirt seo chugainn. An aidhm atá leis an gcás ná iachall a chur ar an Rialtas beart a dhéanamh de réir a mbriathair. Sa bhliain 2017, d’fhoilsigh an Rialtas plean a bhí lag agus easnamhach, agus a ndúirt a gcuid saineolaithe neamhspleácha féin sa Chomhairle um Athrú Aeráide nár leor é. Éileofar ar an Ardchúirt ordú a thabhairt don Rialtas an Plean Náisiúnta Maolaithe seo a tharraingt siar agus ceann fónta a chur ina áit.

Is éard a spreag an cás in Éirinn ná cás dlí a troideadh san Ísiltír. Ní hamháin go raibh bua ag lucht feachtais na hÍsiltíre ag an gcéad éisteacht sa bhliain 2015, ach i mí Dheireadh Fómhair seo caite, d’fhógair an chúirt achomhairc ansin gur cheist cearta daonna atá san athrú aeráide. Bhí an stát ag gníomhú go mídhleathach, a dúradh, toisc go raibh ag teip air ina dhualgas i leith leas an phobail faoi Choinbhinsiún na hEorpa ar Chearta Daonna. Táthar á rá anois go mbeidh ar rialtas na hÍsiltíre cúpla stáisiún ginte guail a dhúnadh ionas gur féidir leo laghdú ar a laghad 25% a dhéanamh ar thruailliú aeráide na tíre faoin mbliain 2020, i gcomparáid leis an ráta sa bhliain 1990.

Bainfear úsáid as an argóint faoi chearta daonna sa chás in Éirinn. Tráchtfar freisin ar chearta bunreachtúla agus ar chinneadh Ardchúirte i gcás eile sa bhliain 2017. Sa chás úd – a bhain le rúidbhealach nua d’aerfort Bhaile Átha Cliath – dúirt an Breitheamh Max Barrett go raibh cearta timpeallachta intuigthe i mBunreacht na hÉireann, ar an mbonn go bhfuil timpeallacht atá ag teacht le dínit an duine daonna agus le leas na saoránach riachtanach le gur féidir gach ceart daonna eile a chomhlíonadh.

Cuirfear argóintí eile chun cinn sa chúirt maidir leis na gealltanais a thug an rialtas, go háirithe san Acht um Ghníomhú Aeráide 2015 agus i gComhaontú Pháras an bhliain chéanna, agus go leor den tuairim go bhfuil plean lag an rialtais le dul i ngleic leis an athrú aeráide ag sárú na ngealltanas úd.

Gheobhaidh 250,000 duine sa bhliain bás de bharr athrú aeráide ó 2030 ar aghaidh má leantar mar atá inniu, a áiríonn an WHO, Eagras Sláinte an Domhain.

Scaipfear galair ar bhealaí nua sa todhchaí agus cheana féin is iad na daoine is boichte is measa a bhuailtear ag na stoirmeacha fíochmhara, tuilte tobanna, réabadh tinte foraoise agus brothaill mharfacha atá ag éirí níos coitianta ar fud na cruinne. Tá gach tonna carbóin agus gáis thruaillithe eile a théann san aer ag cur leis an ngéarchéim seo – ach ní hamháin nach ndéanfar laghdú 20% ar an truailliú in Éirinn faoin mbliain 2020 mar a gealladh, ach meastar gur ag méadú atá sé fós.

Sa chás cúirte, ní phléifear go mion na freagraí iomadúla ar na contúirtí seo – mar shampla, na scéimeanna fuinnimh phobail atá sa Danmhairg, an fuinneamh gréine a bhfuil rath air in Albain, an fuinneamh gaoithe ar an bhfarraige atá éirithe i bhfad níos saoire, córais iompair phoiblí atá go mór chun deiridh in Éirinn, agus athruithe feirmeoireachta bia atá ag cothú díospóireachta anois. Easpa tola seachas easpa freagraí a chuirfear i leith an rialtais. Tá moltaí uile Thionól na Saoránach ar fáil dóibh le beagnach bliain anuas agus iad á bplé ag Coiste Oireachtais le míonna anuas. Ach fiú agus geallúintí nua fós á dtabhairt, tugadh ceadúnas don chomhlacht Providence ola a lorg amach ó chósta an iardheiscirt.

Grúpa beag feachtais atá i mbun an cháis san Ardchúirt ach tá breis is 14,000 ainm – agus m’ainm féin ina measc – curtha ag an bpobal lena suíomh gréasáin mar thaca leo, ag www.climatecaseireland.ie. Tá an líon sin ag méadú go mear agus na príomheagrais chomhshaoil ag tacú leis an gcás, mar aon le dlíodóirí a oibríonn sa réimse seo. Cairde na Timpeallachta in Éirinn atá ar an ngrúpa, a bunaíodh breis is 20 bliain ó shin chun cuidiú le cur i bhfeidhm dlíthe timpeallachta i gceisteanna truaillithe, pleanála agus cosanta dúlra.

Spreag cás dlí na hÍsiltíre cásanna den sórt céanna ar fud an domhain, ina measc cás atá á ghlacadh ag 21 páiste agus déagóir sna Stáit Aontaithe. Tá na mílte daoine óga gníomhach i ngluaiseacht na stailceanna scoile freisin, á agairt nach fiú dóibh a gcuid oideachais má scriostar a gcúinsí maireachtála ag an athrú aeráide. Thosaigh na stailceanna sa tSualainn an fómhar seo caite agus leath siad as sin go dtí an Ghearmáin, an Astráil agus a lán tíortha eile. 

Beidh guth na n-óg chun cinn freisin sa léirsiú poiblí a bheidh ar siúl lasmuigh den Dáil ag 4.00in Dé Sathairn 19 Eanáir. I ndiaidh an léirsithe, tabharfar cóip d’ainmneacha na ndaoine ar fad atá ag tacú leis an gcás Ardchúirte don Roinn Cumarsáide agus Gníomhaithe ar son na hAeráide.

Fág freagra ar 'Cás faoin athrú aeráide le héisteacht san Ard-Chúirt an tseachtain seo chugainn'

  • Donal O Bearra

    An ceart in iomlan acu – mair a chapall an freagra a tugadh le cianta