Cás ar bith le tabhairt in éadan an iar-aire Gaeltachta Pat Carey faoi líomhaintí mí–úsáide

Tuairiscítear gur thug Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Sheirbhísí Cosanta le fios do lucht dlí Pat Carey le déanaí nach mbeadh aon chás á thabhairt ina éadan i dtaca le líomhaintí maidir le mí-úsáid ghnéis, líomhaintí ar bhain conspóid mhór leis an tslí ar tháinig siad chun solais in 2015

Cás ar bith le tabhairt in éadan an iar-aire Gaeltachta Pat Carey faoi líomhaintí mí–úsáide

Tá ráite ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nach dtabharfar aon chás in éadan an iar-aire Gaeltachta Pat Carey mar gheall ar líomhaintí faoi mhí-úsáid gnéis a bhí i mbéal an phobail in 2015.

Tuairiscíodh tráthnóna gur thug na Gardaí le fios do dhlíodóir Carey le déanaí nach mbeadh aon chás á thabhairt in aghaidh an iarTheachta Dála de chuid Fhianna Fáil atá ina chathaoirleach ar Ghlór na nGael.

I ráiteas a tugadh don Irish Examiner inniu, dheimhnigh an dlíodóir James MacGuill gur thug Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Sheirbhísí Cosanta le fios dá chomhlacht le déanaí go raibh cinneadh déanta ag an DPP nach mbeadh aon chás á thabhairt in aghaidh Carey i dtaca leis na líomhaintí ar bhain conspóid mhór leis an tslí ar tháinig siad chun solais in 2015.

Thug Pat Carey le fios go raibh sé “sásta” leis an gcor is déanaí sa scéal agus d’iarr sé ar dhaoine gan cur isteach ar a shaol príobháideach.

“Ó tharla go bhfuil imeachtaí dlí ar siúl i dtaca le tuairiscí a rinneadh cheana sna meáin faoin scéal seo agus maidir le ceisteanna gaolmhara, ní bheidh aon ráiteas eile á dhéanamh faoi láthair ag an Uas. Carey ná ag MacGuill & Company,” a dúradh sa ráiteas.

In 2015 shéan Pat Carey go tréan agus go diongbháilte líomhaintí maidir le mí-úsáid gnéis a cuireadh i leith iar-aire rialtais.

Thug sé le fios gur tuigeadh dó go raibh a ainm á lua leis na líomhaintí agus go raibh sé “trína chéile” nuair a ghlaoigh iriseoirí air faoin scéal. Bhí “imní” chomh maith air, a dúirt sé, faoi ráitis a luadh leis na Gardaí i dtuairiscí sna meáin.

I ráiteas a d’eisigh a dhlíodóirí thar a cheann ag an am, dúirt sé go raibh sé i dteideal na dea-cháile ach go mbeadh sé ag seasamh ar leataobh óna ról mar Stiúrthóir Toghcháin Fhianna Fáil agus ó chúraimí poiblí eile a bhí air.

Bhí Pat Carey, ar as na Buailtíní i gCiarraí dó, ina Theachta Dála d’Fhianna Fáil i mBaile Átha Cliath Thiar Thuaidh ó 1997 go dtí 2011.

Ceapadh ina Phríomhaoire é in 2008 agus ceapadh mar Aire Gaeltachta, Pobail agus Comhionannais é in 2011.

Bhí an t-iar-aire go mór i mbéal an phobail le linn an reifrinn phósta agus é ag feachtasaíocht ar son ‘Tá Comhionannas’.

Tá sé ina Chathaoirleach chomh maith ar Bhord Ghlór na nGael agus aithne mhaith air i saol na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Cás ar bith le tabhairt in éadan an iar-aire Gaeltachta Pat Carey faoi líomhaintí mí–úsáide'