Is go héasca a théann Lá Fhéile Stiofáin amú orainn. Do mhórán againn, sleamhnaíonn an t-am thart, gan aon struchtúr nó meadaracht chinnte ag baint leis, ó mhaidin go hoíche. Agus is mar sin a bhíonn sé go ceann roinnt laethanta eile, gan aon mhór-idirdhealú idir na laethanta.
Ar shlí is síneadh nó leanúint é Lá Fhéile Stiofáin ar an lá a thagann roimhe, Lá Nollag. Léiriú air sin is ea an tslí ina gcaitheann daoine béile ar an lá seo – fuílleach an turcaí ó Lá Nollag, dornán eile de phióga mionfheola, nó an phutóg nár críochnaíodh.
I mórán áiteanna ar domhan, gan amhras, cuirtear clabhsúr leis an Nollaig gan ró-mhoill. Ach in áiteanna eile, Éire ina measc, maireann séasúr na Nollag an dá lá déag chomh fada le Lá Nollag na mBan ar an 6 Eanáir.
Is am faoi leith é seo, daoine saor ó ghnáthchúraimí an tsaoil iad ar a ndícheall beannachtaí an tséasúir a ghuí ar chéile agus ag súil le cuid den dea-mhéin a chinntiú dóibh féin chomh maith.
Ach in ainneoin ár n-iarrachtaí, más é an sonas a shantaímid agus a shamhlaímid leis an Nollaig, ach oiread le ham ar bith eile, faraor, ní bhíonn an domhan saor ón donas an tráth seo bliana.
Is maith a chuireann Lá Fhéile Stiofáin an chodarsnacht sin idir an sonas agus an donas i gcuimhne dúinn. Léiriú amháin air seo, más léiriú leathmhagúil féin é, is ea an teachtaireacht sa seanfhocal, ‘Lá Nollag go péacach is Lá Fhéile Stiofáin ag iarraidh déirce’. Ar aon dul le blúire filíochta ar bith, is féidir níos mó ná léamh amháin a dhéanamh ar an méidh sin. Brí amháin a bheadh leis ná gur rogha straitéiseach a bheartaíonn an duine, maoin a shaoil a thaispeáint nó a chur i bhfolach mar a oireann – feistithe go galánta mar a bheadh coileach péacóige, éirí in airde agus mór is fiú ag baint le hiompar an duine Lá Nollag, agus an lá dár gcionn, nuair a bhíonn deis ann cuid dá rachmas a roinnt, is ag lorg déirce agus an béal bocht aige a bhíonn an duine céanna.
Nó b’fhéidir nach d’aon ghnó a bheartaíonn an duine a mhalairt d’iompar, agus gur léiriú atá sa líne ar an tslí a n-athraíonn cúinsí an duine go tobann, ag brath ar rothaí móra an tsaoil, dá dheoin nó dá ainneoin.
Pé brí chinnte atá le baint as an seanfhocal, tá léiriú ann ar an gcodarsnacht a bhaineann go dlúth leis an Nollaig – flúirse agus iomarcaíocht ar thaobh amháin agus ganntanas agus déirc ar an dtaobh eile. Cuireann cúrsaí déirce an t-ainm Sasanach Boxing Day i gcuimhne dúinn ar ndóigh, agus an nós a bhíodh ann boscaí déirce a dháileadh ar na boicht an lá céanna.
Ach tagann codarsnacht de shórt eile chun aigne na laethanta seo – an chodarsnacht idir breith agus bás. Breith a bhíonn á ceiliúradh Lá Nollag, mar a thugann an focal féin le fios, focal atá gaolta leis an Laidin, natalis a chiallaíonn breith, ar aon dul le Noël na Fraincise.
Ach más breith is mó a shamhlaítear le féile Lá Nollag, is é an bás foréigneach is mó a thagann chun aigne nuair a luaitear Stiofán – nó Etienne sa domhan Francach. An chéad mhairtíreach a bhí ann, a thug a anam ar son na Críostaíochta. Diamhasla a bhí sa teagasc Críostaí a bhí ar siúl aige, dar leis na Giúdaigh, agus d’imir siad bás air le clocha mar gheall air seo.
Saoradh chun beatha don duine sa mhainséar, agus daoradh chun báis do dhuine dá dheisceabail, Stiofán. Lúcháir agus áthas, ar thaobh amháin, agus foréigean agus feall ar an taobh eile.
Tagann an chodarsnacht i gceist chomh maith san ainm eile a bhíonn in úsáid againn don lá áirithe seo – Lá an Dreoilín. Tá contrárthacht dá chuid féin ag baint leis an éan beag bídeach seo de bharr cáil a bheith air mar Rí na nÉan sa bhéaloideas, agus, ag an am céanna, é curtha ina leith sa bhéaloideas céanna gur sceith sé ar Stiofán a bhí i bhfolach sa chlaí agus é ar teitheadh ó na Giúdaigh. Agus tá an sceitheadh curtha ina leith i gcásanna eile chomh maith – nuair a bhí na hÉireannaigh ar tí ionsaí eitime a dhéanamh ar arm Chromail, mar shampla.
Ar ndóigh más í breith Íosa atá á ceiliúradh againn an tráth seo bliana, críoch thubaisteach a bheadh le fulaingt aige féin níos déanaí. ‘I ndiaidh na Nollag tagann an Carghas’, mar a deirtear.
Meabhrú atá ann dúinn, mar sin, gur dual don saol an chodarsnacht, agus nach aon eisceacht í an tráth seo bliana. Ach tá slite ann chun an dea-mhéin a scaipeadh agus is amhlaidh is córa dúinn pé dea-mhéin atá ann a choimeád sa treis.
Fág freagra ar 'CARTLANN NA NOLLAG: ‘Lá Nollag go péacach is Lá Fhéile Stiofáin ag iarraidh déirce’'