Cartlann dhigiteach nua den Chlaidheamh Soluis á seoladh agus Conradh na Gaeilge 125 bliain d’aois inniu

Deir Uachtarán na hÉireann go bhfuil Éire go mór faoi chomaoin ag Dubhghlas de hÍde agus Eoin Mac Néill agus an eagraíochta  bhunaigh siad ag ceiliúradh 125 bliain ar an bhfód inniu

Cartlann dhigiteach nua den Chlaidheamh Soluis á seoladh agus Conradh na Gaeilge 125 bliain d’aois inniu

Seolfar cartlann dhigiteach nua den Chlaidheamh Soluis i gceannáras Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath inniu, mar a bhfuil ceiliúradh á dhéanamh ag lucht na heagraíochta ar 125 bliain a bunaithe.

Ghuigh Uachtarán na hÉireann Michéal D Ó hUigínn gach rath ar Chonradh na Gaeilge.

“Mar náisiún, táimid go mór faoi chomaoin ag Dubhghlas de hÍde agus Eoin Mac Néill, beirt fhear a thuig go raibh an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach i gcoiteann go mór  i mbaol sa leathchéad bliain sin i ndiaidh slad an Ghorta Mhóir. Le bunú Chonradh na Gaeilge, leagadar an bhunchloch ar ar tógadh an ghlúin réabhlóideach agus a bhfís chun Éire neamhspleách a bhaint amach.

“Dhírigh an Conradh, thar na blianta ó shin, ar an nGaeilge a choimeád slán agus ar a húsáid a chur chun cinn. Tá an Conradh fós gníomhach fud fad na tíre agus i gcéin, ag tabhairt tacaíochta dóibh siúd atá báúil don Ghaeilge agus ag meabhrú do rialtais agus d’údaráis phoiblí go bhfuil cearta teanga ag pobal na Gaeilge nach féidir a shárú. Bhí sé mar phribhléid agam, mar Uachtarán na hÉireann, mo thacaíocht a thaispeáint don Ghaeilge agus don Chonradh i mbliana agus mé i m’éarlamh ar Bhliain na Gaeilge 2018,” a dúirt Uachtarán na hÉireann inniu.

Seolfaidh an tAire Gaeltachta Joe McHugh agus Uachtarán an Chonartha Neil Comer an chartlann nua ina bhfuil leaganacha digiteacha de nuachtán Chonradh na Gaeilge a foilsíodh idir 1898 agus 1932 atá ar fáil inti.

Ag labhairt dó le Tuarisic.ie, dúirt Cuan Ó Seireadáin, coimeádaí Chonradh na Gaeilge a bhí i mbun an tionscadail, gur thóg sé dhá bhliain an chartlann a dhigitiú agus gur foinse “thar a bheith tábhachtach” atá inti, go háirithe ó thaobh scéal agus stair na Gaeilge de. 

“Ba é an An Claidheamh Soluis agus Fáinne an Lae an príomhfhóram díospóireachta do chúrsaí Gaeilge le linn na tréimhse sin ar fad, an tréimhse inar tharla an athbheochan, plé ar chúrsaí litríochta, buanú na nua-litríochta Gaeilge agus an fhorbairt phobail a stiúir rudaí i dtreo na réabhlóide,” a dúirt sé.

Foinse luachmhar atá sa chartlann maidir le blianta tosaigh an stáit freisin ina léirítear “an dóchas a bhí ann don stát nua agus na deacrachtaí a tháinig chun cinn go measartha sciobtha tar éis a bhunaithe”.

Ba nuachtán seachtainiúil dátheangacha An Claidheamh Soluis a mheall cuid mhaith de mhórphearsana Gaeilge na linne sin lena gcuid tuairimí a nochtadh ann.

I measc na n-alt atá ar fáil ann, tá ailt faoi thoghchán 1918, bunú Dháil Éireann, Cogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad. Tá leaganacha digiteacha de na híomhánna a foilsíodh sna nuachtáin ar fáil chomh maith.

Agus leagan digiteach ar fáil ar líne sa dá theanga anois, dúirt Ó Seireadáin gur chóir go rachadh staraithe i ngleic leis na foinsí atá istigh ann.

“Déarfainn go bhfuil neart staraithe nach bhfuil tar éis dul i ngleic leis na foinsí sin i gceart go fóill agus tá mé ag súil go mbeidh leas á mbaint acu astu anois,” a dúirt sé.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh gur “sa Claidheamh Soluis agus i Fáinne an Lae a pléadh, a múnlaíodh agus a spreagadh cuid mhór d’obair na hAthbheochana agus imeachtaí stairiúla móra den tréimhse 1898 go 1932.”

Déanfar ceiliúradh inniu freisin ar 125 bliain de Chonradh na Gaeilge.

Ba ar an 31 Iúil 1893 a bhunaigh Eoin Mac Néill agus Dubhghlas de hÍde, an chéad uachtarán ag Conradh na Gaeilge, an eagraíocht ag cruinniú a tionóladh ar Shráid Uí Chonaill.

Beidh imeachtaí teaghlaigh ar siúl in oifigí Chonradh na Gaeilge tar éis an tseolta ag a 2pm. Beidh turas treoraithe ar an teach ag a 6in agus ceol beo le muintir Uí Shnodaigh, Rossa agus Rónán, i gClub an Chonartha ag a 8pm.

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge go raibh an Ghaeilge “ag fáil bháis” nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge.

“Ar 31 Iúil 1893, 125 bliain ó shin ón lá inniu, tháinig Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus seachtar eile le chéile i mBaile Átha Cliath agus chuir siad tús le heagraíocht a d’athraigh stair na tíre ó thaobh teanga, cultúir agus oidhreachta de.

“Bhí an Ghaeilge ag fáil bháis ag an am sin ach trí ghníomhartha bhaill an Chonartha sa phobal agus go náisiúnta, agus go leor grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta eile a tháinig ar an saol ó shin, tá an Ghaeilge beo beathach 125 bliain níos déanaí. Dar ndóigh, tá dúshláin mhóra sa Ghaeltacht le sárú fós ach níl aon cheist ann a thuilleadh nach mairfidh an Ghaeilge,” a dúirt Niall Comer, Uachtarán an Chonartha.

 

Fág freagra ar 'Cartlann dhigiteach nua den Chlaidheamh Soluis á seoladh agus Conradh na Gaeilge 125 bliain d’aois inniu'

  • Mánus

    “Dar ndóigh, tá dúshláin mhóra sa Ghaeltacht le sárú fós ach níl aon cheist ann a thuilleadh nach mairfidh an Ghaeilge,” a dúirt Niall Comer, Uachtarán an Chonartha.
    Gabhann baothchaint Niall Comer glan in aghaidh na fíricí atá ar fail i leabhar Reg Hindley “Death of the irish Language” 1990 agus sa “Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht” 2007. An gceapann Niall Comer go bhféadfadh bindealáinín eile ó Joe Mc Hugh an cúpla ceantair Catagóir A Gaeltachta atá fágtha a choinneail beo glún eile?
    An bhfuil plean ag aon eagraíocht (bíodh said státurraithe nó neamhspleách) eastáit tithíochta lánGhaeilge a bhunú sna bailte móra nó fiú amháin eastát beag tithíochta amháin a thógáíl do Ghaeilgeoirí i Ráth Chairn? Is léir nach bhfuil plean dá leithéid ag Niall Comer.

  • Niall Comer

    Ar dtús, is trua go measann tú, a Mhánuis, gur “baothchaint” atá ann. Ní deirim rud ar bith nach gcreidim ann agus ní fheicimse aon rud contráilte leis an méid an dúirt mé – “tá dúshláin sna Gaeltachtaí, ach mairfidh an teanga” – agus mairfidh sí, mar theanga. Má tá sí le maireachtáil sa Ghaeltacht, tá obair mhór le déanamh againn beirt, idir mhuintir na Gaeltachta agus na heagraíochtaí Gaeilge atá ag obair go státurraithe ná go neamhspleách. Ní cheapaim gurb iad na “bindealáin ó Joe McHugh” fuascailt na ceiste, ná baol air, ach is fearr bindealán ná faic nuair a bhíonn gortú ann. Tá na fíricí uile léite agam, agus níl duine ar bith i gConradh na Gaeilge ná in áit ar bith ag maíomh gur fíricí bréagacha iad. Maidir leis an phlean chun eastát beag tithíochta a thógáil do Ghaeilgeoirí i Ráth Chairn – is smaoineamh iontach é sin, agus bheinn breá toilteanach an smaoineamh sin a phlé leat – 00447815319573 (agus tuigim go maith gur fóram oscailte é seo agus go bhfuil m’uimhir le fheiceáil ag gach duine air, ach ní miste liom sin). Ó tharla, áfach, gur luaigh tú mé féin go pearsanta, maidir le ‘plean dá leithéid ag Niall Comer’, tuigfidh tú go ndéanaimse an obair seo ar son an Chonartha ar bhonn iomlán deonach, agus gur doiligh liom féin, ná ag Conradh na Gaeilge, aon phlean a chur i gcrích gan ionchur agus plean a bheith ann ó mhuintir na háite. Téigh i dteagmháil liom (niallcomer@googlemail.com) agus tig linn na féidearthachtaí sin a phlé, agus dóigh ar bith a measann tú gur féidir linn cuidiú leis an teanga a bhuanú sna ceantair Ghaeltachta.