Cárta Nollag ón Róimh – faoiseamh ar fáil ó na carúil i dteannta an Phápa Innocent X agus an Monsignor Hugh O’Flaherty

Agus í sa Róimh le déanaí, níor airigh ár gcolúnaí uaithi na carúil Nollag, na maisiúcháin, na crainn, na soilse ná na siopaí bréagán

Cárta Nollag ón Róimh –  faoiseamh ar fáil ó na carúil i dteannta an Phápa Innocent X agus an Monsignor Hugh O’Flaherty

Thriail mé an Nollaig a chaitheamh thar lear roinnt bhlianta ó shin. Saoire seachtaine Loch Como a bhí ann, ach níor shroicheamar an ceann scríbe riamh. Sneachta trom a chuir deireadh le gach eitilt amach as Baile Átha Cliath go dtí Lá ‘le Stiofáin, ár n-eitilt ina measc.

Agus nuair a thairg an comhlacht taistil saoire ar Oileán Madeira dúinn ar Lá ‘le Stiofáin, ghlacamar leis go fonnmhar agus chaitheamar Lá Nollag sa mbaile cois na tine, cuirtíní dúnta, amhail is go rabhamar imithe cheana féin.

Thóg sé roinnt bhlianta sular shocraigh mé arís gur rud ciallmhar é éalú ón amaidí leanúnach sin a dtugaimid an Nollaig uirthi ach a thosaíonn dáiríre i mí na Samhna. (Uair éigin eile déanfaidh mé cur síos ar an turas go siopa bréagán Smyths i lár na míosa seo caite. Dúirt duine den fhoireann liom go dtugann siad an ‘school run’ ar an dream a phlódaíonn isteach tar éis oscailt na scoile – bhí orthu foireann bhreise a chur ar na ‘tills’ an mhaidin sin. An 15 Samhain…)

Cúpla lá ó shin, agus mo ‘bhagáiste láimhe’ ar iompar agam, amach liom féin agus an deirfiúr go haerfort Bhaile Átha Cliath agus sinn ar an mbealach chun na Róimhe. Cineál ‘apéritif’ de thuras Nollag a bhí ann, toisc nach mbeimis ag caitheamh ach cúpla lá thall. Ticéad ar €52 a mheall muid i ndáiríre.

Níor airigh mé uaim na carúil Nollag ag gach coirnéal, na maisiúcháin, na crainn Nollag, na soilse ná na siopaí bréagán. Corráit anseo is ansiúd, bhí tús curtha leis an maisiú ach oiread is ‘jingle’ amháin níor chuala mé fad is a bhí mé thall.

Ar an mbealach síos chuig Via del Corso, bhí an crann mór sráide á fheistiú. Ach ní raibh tásc na tuairisc ar na cantairí carúil fós agus an áit deas, ciúin. Am iontach é seo chun cuairt a thabhairt ar an Róimh, a dúirt mé liom féin – níl éinne thart. Gan aon scuaine ag aon cheann de na suíomhanna móra turasóirí, bheadh compord ag éinne a mbeadh spás agus compord uathu le féachaint ar shaothar ealaíne.

Ag bun na sráide sin, tá pálás mór – an Palazzo Doria Pamphilj agus tá bailiúchán ealaíne den scoth ann. Is maith liomsa i gcónaí cuairt a thabhair ar thaispeántais nó ar dhánlanna beaga- dhá sheomra nó trí agus tá mo sháith agam. Sa gcás seo, tá sé suimiúil gur bailiúchán ealaíne pearsanta atá ann, agus tá muintir Doria Pamphilj fós ag cur fúthu sa phálás, in árasán thuas staighre.

Bhí ceangal ag an gclann riamh leis an bPápa- tháinig níos mó ná Pápa amháin ón teaghlach seanbhunaithe seo. Agus an duine ba cháiliúla acu sin, an Pápa Innocent X, is mar gheall ar phortráid de, a rinne an péintéir Spáinneach Velasquez, atá aithne dhomhanda air. Tá an phortráid ar taispeáint sa Palazzo, in éindí leis an iliomad saothar ealaíne cáiliúil eile.

Is cosúil nár thaitin sí ró-mhór leis an bPápa nuair a nochtadh an pictiúr- ‘Tá an iomarca den fhírinne inti,‘ a dúirt sé. Tá ceangal ag an scéal seo le hÉirinn – mar a bhíonn go minic. Seo í an phortráid a ndearna an t-ealaíontóir Francis Bacon sórt aithris uirthi agus a bhain cáil amach arís do Innocent X. Rugadh Francis Bacon i mBaile Átha Cliath agus chaith sé a shaol i Londain.  Agus tá a stiúideo, díreach mar a bhí sé nuair a bhí sé i mbun oibre, le feiceáil i nDánlann Hugh Lane ar Chearnóg Pharnell.

Agus an cuairteoir ag siúl thart sa Palazzo, bíonn tráchtaireacht ar fáil  ón ‘treoraí cluaise’ (duine de mhuintir Pamphilj féin). Is minic é ag déanamh tagairt do ‘my ancestor, the Pope’ agus a leithéid. Bhí mé ag súil go ndéanfadh sé tagairt d’Éireannach eile a raibh baint aige leis an gclann, ach ní dhearna.

I rith an Dara Cogadh Domhanda, bhí an Monsignor Hugh O’Flaherty, as Cathair Saidhbhín gníomhach sa Róimh ar son na bpríosúnach, ar son Giúdaigh agus éinne eile a d’fhéadfadh a bheith tógtha ag na húdaráis. Deirtear gur shábháil sé na mílte daoine i rith an uafáis. Sagart sa Vatacáin a bhí ann agus dúradh go raibh sé in ann éide bhréige a chur air féin go minic chun éalú ó na Naitsithe, nuair a thángadar i réim san Iodáil.

Bhí an Monsignor an-mhór le maithe agus móruaisle na Róimhe- chuidigh a scil i gcúrsaí gailf go mór leis, scil a d’fhoghlaim sé ar ghalfchúrsa Chathair Saidhbhín. Oíche amháin agus é ar cuairt ar a chara an Prionsa Doria Pamphilj, ar Via del Corso, tháinig buíon saighdiúirí Gearmánacha ar a thóir. De léim, rith sé síos chuig an íoslach, áit a raibh gual á chur síos i ‘siúit’ don phálás.

Chaith sé smúdar guail ar a chorp ó bhun go barr, sháigh a chuid éadaí sagairt isteach i mála guail, agus shiúil amach faoi shrón na saighdiúirí in éindí leis na fir ghuail eile.

Dream iad na Pamphilj a sheas i gcoinne an fhaisisteachais san Iodáil agus ba chosúil gur chuidigh siad go mór le hiarrachtaí an Mons O’Flaherty agus dreamanna eile, daoine a coinneáil ó ghreim na Naitsithe.

Ní raibh aon amharc ar an siúit ghuail an lá a raibh mé féin is mo dheirfiúr ar cuairt. Ba é an trua é. Agus an Iodáil ina cíor tuathail arís ó thaobh na polaitíochta de, ba mhaith an mhaise é do dhaoine cuimhneamh ar a stair thrioblóideach féin. An eite dheis agus an eite chlé i mbun cumhachta le chéile? Mar a dúirt bean áitiúil i gceantar Trastevere, ‘it’s like having twins running the country- we need an election’.

Tír eile ag cuartú toghcháin – bhí sé thar am agamsa imeacht.

Ach bhí an ‘apéritif’ go deas. Agus déanfaidh mé an beart mór i dtír eile nach gceiliúrann an Nollaig go dtí go dtagann an Nollaig – i gceann deich lá beidh mé ag dul chuig na gaolta cleamhnais sa Spáinn.

Fág freagra ar 'Cárta Nollag ón Róimh – faoiseamh ar fáil ó na carúil i dteannta an Phápa Innocent X agus an Monsignor Hugh O’Flaherty'