Carla Ward ceaptha ag an FAI mar chóitseálaí fhoireann sacair na hÉireann

Tá an Sasanach, a bhí i gceannas Sheffield United, Birmingham City agus Aston Villa, ag teacht in áit Eileen Gleeson, a d’fhág an ról mí na Nollag

Carla Ward ceaptha ag an FAI mar chóitseálaí fhoireann sacair na hÉireann

Tá sé fógartha ag an FAI go bhfuil Carla Ward ceaptha mar phríomhchóitseálaí ar fhoireann sacair ban na hÉireann.

Tá an Sasanach, a bhí i gceannas Sheffield United, Birmingham City agus Aston Villa, ag teacht in áit Eileen Gleeson, a chaith bliain sa ról ach ar theip uirthi an fhoireann a thabhairt chomh fada le comórtas EURO 2025.

Tógfaidh Ward ceannas ar an bhfoireann láithreach agus beidh an chéad chluiche aici mí Feabhra nuair a thabharfaidh Éire aghaidh ar Türkiye i dTamhlacht.

Tá Ward i mbun cóitseála ó 2017 agus bhí sí mar chuid d’fhoireann bainistíochta Stáit Aontaithe Mheiriceá nuair a bhuadar an bonn óir ag na Cluichí Oilimpeacha i bPáras anuraidh.

Beidh Ward i gceannas go dtí deireadh fheachtas Chorn an Domhain 2027 agus dúirt sí go raibh sí “ag súil go mór” le tús a chur lena cuid oibre.

Tá Alan Mahon mar chóitseálaí cúnta ag Ward agus fanfaidh Emma Byrne sa ról atá aici ag cóitseáil na gcúl báire.

Beidh Ward d’uireasa beirt de na himreoirí is mó taithí ar fhoireann na mban agus é fógartha le roinnt laethanta anuas ag na cosantóirí Diane Caldwell agus Niamh Fahey, beirt a d’imirt breis is 100 cluiche d’Éirinn, go rabhadar ag éirí as an imirt idirnáisiúnta.

Fág freagra ar 'Carla Ward ceaptha ag an FAI mar chóitseálaí fhoireann sacair na hÉireann'