Caomhnú na Gaeilge agus na Gaeltachta i mbaol má dhaingnítear comhaontú idir an tAE agus Ceanada – Coiste Oireachtais

Tá imní léirithe ag Coiste Gaeilge an Oireachtais go bhféadfadh comhaontú trádála idir an tAontas Eorpach agus Ceanada drochthionchar a bheith aige ar chearta teanga, ar lucht gnó na Gaeltachta agus ar phobal na teanga trí chéile

Caomhnú na Gaeilge agus na Gaeltachta i mbaol má dhaingnítear comhaontú idir an tAE agus Ceanada – Coiste Oireachtais

Tá polaiteoirí de chuid an Rialtais agus an fhreasúra ag éileamh go mbeadh reifreann ann ar cheist an chomhaontais trádála idir an tAontas Eorpach agus Ceanada.

Tá imní léirithe chomh maith ag Coiste Gaeilge an Oireachtais go bhféadfadh an Comhaontas Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) idir an tAontas Eorpach agus Ceanada drochthionchar a bheith aige ar chearta teanga, ar lucht gnó na Gaeltachta agus ar phobal na teanga trí chéile.

Deir Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, Aengus Ó Snodaigh, go bhfuil baol ann go ndéanfar “creimeadh” ar stádas na Gaeilge sna cúirteanna agus go bhféadfaí srian a chur ar chumas rialtas na hÉireann an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chaomhnú agus a chur chun cinn.

Pléadh sa Dáil aréir tuarascáil a d’fhoilsigh an Coiste níos luaithe i mbliana ina raibh deich gcinn de mholtaí inti don Rialtas, ina measc go reáchtálfaí reifreann ar CETA, go dtabharfaí díolúine ón gcomhaontú do thionscail chultúrtha agus go mbeadh fóirdheontas ann do tháirgí Gaeltachta.

“Tuarascáil suntasach is ea seo, go háirithe toisc gurb é an chéad uair inar aontaigh coiste traspháirtí nár chóir don rialtas CETA a dhaingniú gan reifreann,” a dúirt an Teachta Ó Snodaigh.

Dúirt sé gur léir nár tugadh aon aitheantas don tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an gcomhaontú ar an nGaeilge agus an Ghaeltacht.

Dar le Ó Snodaigh, d’fhéadfadh an comhaontú cur as d’obair Údarás na Gaeltachta mar go bhféadfadh comhlacht príobháideach i gCeanada cur i gcoinne maoiniú a bheith á thabhairt don Údarás don earnáil fuinnimh inathnuaite, mar shampla.

“Go bunúsach, ciallaíonn seo go bhféadfadh le CETA srian a chur amach anseo leis an gcumas a bheadh ag rialtas tacú leis an nGaeltacht nó an Ghaeilge a chur chun cinn, go háirithe i saol an ghnó,” a dúirt Ó Snodaigh.

Léirítear imní sa tuarascáil chomh maith go bhfuil cosaint tugtha do thábhacht cultúrtha na Fraincise i gCeanada, ach nach bhfuil aon chosaint den chineál céanna tugtha don Ghaeilge ná d’aon teanga eile.

Dúirt an tAire Stáit do Chur Chun Cinn na Trádála, Dara Calleary, gur aontaigh sé le cuid de na moltaí atá i dtuarascáil an Choiste, go háirithe an ceann maidir le leagan Gaeilge den chomhaontú a chur ar fáil, ach dúirt sé  nach raibh “ábhar buartha” a bhí sa chomhaontú do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge.

Dúirt sé gurb é “measúnú tosaigh” an Rialtais ná nach raibh reifreann maidir le CETA ag teastáil agus go rabhthas i mbun plé le comhairleoirí dlí maidir leis an gcéad chéim eile.

D’easaontaigh an Teachta Dála neamspleách Catherine Connolly le cuid mhaith den mhéid a bhí le rá ag an Aire Stáit agus dúirt sí go raibh an Rialtas ag “déileáil linn mar ghasúir”. Níor ghlac sí, a dúirt Connolly, leis an meon, “Ná bí buartha, tá an t-eolas againne” a léirigh an Rialtas.

Ní raibh ach an tAire Stáit agus na Aengus Ó Snodaigh agus Catherine Connolly i láthair sa Dáil chun an tuarascáil a phlé agus bhí díomá orthu triúr nach raibh níos mó Teachtaí i láthair don díospóireacht.

Tá CETA ina ábhar conspóide in Éirinn le roinnt blianta anuas. I gcás a thug an Teachta Dála de chuid an Chomhaontais Ghlais, Patrick Costello, in aghaidh an Rialtais anuraidh, rialaigh an Chúirt Uachtarach mí na Samhna seo caite gur fhág Bunreacht na hÉireann nach bhféadfadh an Rialtas CETA a dhaingniú. Dúradh, áfach, go bhféadfaí reachtaíocht a thabhairt isteach chun an fhadhb a leigheas, rud a chiallódh nach mbeadh reifreann ag teastáil.

Síníodh an comhaontú saorthrádála in 2016 agus tá cuid mhaith den na forálacha ann i bhfeidhm ó 2017, ach deir Coiste na Gaeilge ina thuarascáil nach bhfuil na forálacha is tábhachtaí, sin iad cosaint infheistíochta, infheistíocht mhargaidh agus an Córas Binse Infheistíochta, tagtha i bhfeidhm go fóill.

Caithfidh gach ballstát den AE an comhaontú a cheadú sular féidir é a chur i bhfeidhm go hiomlán.

Fág freagra ar 'Caomhnú na Gaeilge agus na Gaeltachta i mbaol má dhaingnítear comhaontú idir an tAE agus Ceanada – Coiste Oireachtais'

  • An Sléibhteoir

    Tá an conradh céanna ar fáil i ngach teanga oifigiúil den Aontas Eorpach, seachas an Ghaeilinn – toisc gur deineadh an cháipéis sular tháinig deireadh leis an maolú ar stádas oibre na teangan is dócha. Ní haon dochar é reifreann a reáchtáil dar liom, beidh reifrinn ar siúil i mí na Samhna pé scéal é. B’fhéidir go mbeadh reifreann ar chearta uisce freisin an lá céanna, os rud é gur léir go bhfuil an beartas sin ligthe i ndearmad ag an Rialtas.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Go sábhálfaí muid ón chaiptileachas agus ó earnáil an ghnó agus maoine agus iad ag iarraidh muid a rialú! Ach an bhfuil ‘cosaint’ ar bith ag an ghaeilg i ngnólachtaí gaeltacha faoi láthair? Muise ní fheicim ceann ar bith acu ag déanamh iarracht lena ngnó a aistriú go hiomlán go gaeilg. Is ainmneacha béarla atá ar 99% acu agus tá níos mó agus níos mó acu ag fostú oibrithe gan ghaeilg. Bheadh sé ar fheabhas dá bhféadfaí an chonradh seo a úsáid le cuir ar a súile do ghnólachtaí an ghaeilg a úsáid agus a chuir chun cinn sa ghaeltacht.

  • Pól Mac na Cinsearachta

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************
    Facebook/Don MacB Twitter @DonMacBill YouTube @DonallMacB

    —– ‘An ‘díothú digiteach’ a bheidh i ndán don Ghaeilge ceal tacaíochta’ ——

    —– ‘Níos lú ná 1% den chaint i nDáil Éireann i nGaeilge de réir ‘taighde nua’ ——
    Scéalta grinn eile ón ‘Chóras’.

    Easpa SUIME agus an Cultúr Angla-Mheiriceánach/Iar-Bhreatanach go smior
    sna Teachtaí meánaicmeacha ag riar an córais chaipitiligh.

    Is beag an seans a bheadh ag an Ghaeilge agus an iarracht
    Cosc a chur ar dhíshealbhú a theacht i réim sa tír seo.

    Reabhlóid shoisialach agus deireadh a chur leis an Chóras Caipitileach ina iomlán an leigheas !
    *****************************************************************************************

    Mar a scríobh mé cheana, Sheol litir sa Ghaeilge go dtí an tseirbhís phoiblí nó cuir glaoigh gutháin orthu agus gheobhfar freagra sa teanga is ansa leo.

    Idir Straitéis 20 Bliain na Gaeilge, Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 agus ‘Taighdí éagsúla’ beidh an mhéar ag iarraidh níos faide leis an Teanga Dhúchais a chur ar na sráideanna arís agus sna siopaí.

    B’feidir go dtarlódh an Ghaeilge a bheith i mbéal an duine a mbeadh suim aige/aici inti i gceann 100 bliain eile.

    Cothaigh ‘SUIM’ sa Teanga in aghaidh an Chultúir Angla-Mhéiriceánaigh ar dtús agus ‘Acht Teanga’ a chur i bhfeidhm sna Sé Chontae gan a thuilleadh moille.

    Sa Deisceart fostaigh aistritheoirí dhátheangacha sna Ranna áirithe rialtais ag obair as lámha a chéile leis na Stáitseirbhísigh agus an Phobal sna Gaeltachtaí agus sna Galltachtaí. Déan an rud céanna sa ‘Dáil’.

    Labhair í agus mairfidh sí sa ‘Dail’.

    Is mise le dóchas

    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí

    Iar-Chime Poblachtach (ach Saor anois agus cead mo chinn agam )
    sa Ghaeltacht/Jailteach,
    Príosún Phort Laoise
    Bloc E
    Éire.

    Cnag ar seo le bhur dtoil :-

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *************************************************************************************