Caoirigh ag fáil bháis i nGaeltacht Dhún na nGall mar gheall ar sconsaí sreinge

Tá caoirigh crosacha ag fáil bháis toisc na poill i sconsaí sreinge a bheith rómhór

Caoirigh ag fáil bháis i nGaeltacht Dhún na nGall mar gheall ar sconsaí sreinge

Tá caoirigh ag fáil bháis i nDún na nGall mar gheall ar an tsreang chearnógach atá in úsáid go forleathan sa chontae le haghaidh sconsaí.

Is iad na caoirigh crosacha, nó na caoirigh a mbíonn aghaidh dhubh orthu (Donegal blackface sheep) na caoirigh atá i mbaol a mbáis ós rud é go bhfuil adharca orthu, idir reithí agus uascáin.

Tógtar sconsaí leis an gcósta chun na caoirigh a choinneáil ón fharraige, go mór mór in aice le haillte. Tarlaíonn seo intíre fosta, in aice le haltán agus le haibhneacha.

Baineann na feirmeoirí úsáid as sreang ina bhfuil poill chearnógacha 150cm x 150 cm, fál a tháirgtear  le haghaidh caorach, ‘sheep wire fencing’. Bíonn an chaora chrosach ábalta a cloigeann a shá trí chearnóg an sconsa, ach ní bhíonn sí ábalta é a tharraingt amach as arís mar gheall ar na hadharca atá uirthi. Is amhlaidh a théann na hadharca i bhfostú sa tsreang ar a bealach amach.

Ar an drochuair, nuair a fheiceann caora plandaí ag fás ar an taobh eile den sconsa, síneann sí a cloigeann tríd an bpoll cearnógach agus bíonn sí sáinnithe. Nuair a tharlaíonn a leithéid i bpáirceanna atá gar do theach feirme, nó le taobh an bhóthair, bíonn feirmeoir ábalta an chaora a scaoileadh ach nuair is áit iargúlta a bhíonn i gceist, bíonn an chaora i bponc.

Bíonn an chaora a sháinnítear ag streachailt agus ag streachailt ach nuair a éiríonn sí tuirseach sa deireadh bíonn bás uafásach roimpi.

Feiceann na préacháin sáinnithe í agus itheann siad na súile amach as a cloigeann agus í fós beo. Ansin, agus í dall agus lag, tagann madraí rua chuici agus itheann siad an chaora agus í fós ina beatha.

 

Ní bhíonn fágtha sa deireadh ach ceann na caorach sáinnithe sa sconsa agus na cnámha scaipthe thart timpeall.

Tagann an tuairisceoir seo ar chaoirigh mar seo gach samhradh agus mé amuigh ar na cnoic le grúpaí ó choláiste Oideas Gael i nGleann Cholm Cille. Ar ndóigh , má bhíonn an chaora fós beo, déantar iarracht í a fhuascailt ón bhfál sreinge. Ach bíonn eagla uirthi roimh dhaoine agus de ghnáth bíonn sí ag streachailt.  Ní mór dom greim a fháil ar a cloigeann agus ar na hadharca agus iad a bhrú ansin tríd an bpoll cearnógach sa sconsa.

Tá sreang dhronuilleogach le fáil atá 15cm x 8cm, spás róbheag do cheann caorach, ach níl sí in úsáid go forleathan.

Nós eile atá ag na caoirigh ná a gcolainn a chuimilt nó a thochas de charraig nó de chuaille sconsa nó cuaille Bord Soláthair an Leictreachais.  I mbliana, tháinig mé ar chaora a bhí sáinnithe i nasc miotail atá ceangailte le sreang ar chuaille BSL. Bhain mé an adharc as an nasc ach bhí a cluas fós sáinnithe agus a chur fola. Bhí mé ag streachailt léi ar feadh tamall agus sa deireadh b’éigean dom an lipéad cluaise buí, atá déanta as plaisteach, a ghearradh le mo scian phóca. An méid sin déanta, d’imigh sí léi.

Murach na cnocadóirí, bheadh i bhfad níos mó caorach marbh ar na cnoic gach bliain.

Fág freagra ar 'Caoirigh ag fáil bháis i nGaeltacht Dhún na nGall mar gheall ar sconsaí sreinge'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Maith thú Tony. Bhí orm féin caora a scaoileadh soar ón cineál sconsa sin agus mé ag siúl an bhealaigh chóir baile. Chuirfeadh sé an smaointiú sa chloigeann an bhfuil meas ag feirmeoirí ar a gcuid ainmhithe s’acu ar chóir ar bith? Níl ciall ar bith leis agus is iad na hainmhithe a bhíonn ag fulaingt i ndeireadh na dála.