Is i gCeantar na nOileán i nGaeltacht Chonamara a bheidh an campa samhraidh do dhéagóirí Gaeltachta ‘Aistear na nGael’ á reáchtáil i mbliana.
D’éirigh leis an iarratas a rinne Coláiste na nOileán i dTír an Fhia i nGarmna ar an maoiniú ó Údarás na Gaeltachta leis an gcúrsa seachtaine a reáchtáil an samhradh seo.
Reáchtáladh Aistear na nGael den chéad uair anuraidh agus is i gCorca Dhuibhe a bhí sé.
Beidh spás ar chúrsa na bliana seo do leathchéad déagóir agus táthar ag súil go meallfar daoine óga ó gach cearn den Ghaeltacht go Ceantar na nOileán le “am a chaitheamh i gcuideachta a chéile” i “suíomh spraíúil Gaeltachta a thagann le heispéireas na gcoláistí samhraidh”.
Dírithe ar dhaltaí meánscoile Gaeltachta idir 13-15 bliain d’aois a bhí ‘Aistear na nGael’ anuraidh nuair a reáchtáladh den chéad uair é, ach beidh cúrsa na bliana seo oscailte do dhaoine atá idir 14-16 bliain d’aois.
Dúirt Ailbhe Ní Mhaoileoin ó Choláiste na nOileán le Tuairisc go bhfuil spéis léirithe cheana féin ag cuid den 38 déagóir a ghlac páirt sa champa anuraidh teacht ar ais arís i mbliana.
“Tá fonn orthu siúd a bhí ann i gCorca Dhuibhne anuraidh teacht ar ais arís i mbliana agus beidh spás breise ann i mbliana do níos mó daoine. Bhí daoine as go leor ceantracha Gaeltachta ann anuraidh agus ba mhaith linn daoine a mhealladh i mbliana ó áiteacha nár ghlac páirt anuraidh – Árainn, Toraigh, agus na hoileáin Ghaeltachta eile mar shampla, agus Gaeltacht Mhaigh Eo. Beidh agallamh beag le déanamh ag na daoine nach raibh ann anuraidh, ach beidh sé oscailte do ghasúir Ghaeltachta arb í an Ghaeilge an teanga atá acu sa mbaile,” a dúirt sí.
Cé go bhfuiltear ag iarraidh blaiseadh den taithí chéanna a bhíonn ag lucht freastail na gcoláistí samhraidh a thabhairt d’óige na Gaeltachta, ní mar a chéile cur chuige Aistear na nGael agus na cúrsaí Gaeilge a mheallann na mílte déagóir arb é an Béarla a dteanga dhúchais chun na Gaeltachta chuile shamhradh.
“Ní bheidh ranganna Gaeilge agus gramadaí ann. Beidh siad ag fanacht le mná tí, beidh na béilte céanna acu a bhíonn ag na scoláirí, ach ní bheidh ranganna foirmeálta Gaeilge acu. Gheobhaidh siad deis casadh le déagóirí eile as an nGaeltacht.
“Beidh turas go hÁrainn acu, laethanta ar an trá, snámh, céilithe, damhsaí, agus seisiúin cheoil acu. Is rud sóisialta a bheidh ann, le deis a thabhairt dóibh aithne a chur ar dhaoine eile atá cosúil leo féin,” a dúirt Ní Mhaoileoin.
€150 a chosnóidh an cúrsa ar na déagóirí agus íocfaidh Údarás na Gaeltachta liúntas €450 breise le haghaidh gach duine a ghlacfaidh páirt ann. Is é 14 Meitheamh an spriocdháta le cur isteach ar an gcúrsa agus déantar é sin trí fhoirm léirithe spéise a líonadh. Glacfar le hiarratas ó dhéagóirí atá ina gcónaí sa Ghaeltacht oifigiúil (i limistéar pleanála teanga) agus beidh agallamh gairid fóin le déanamh ag iarrthóirí nua.
Is iad aidhmeanna an chúrsa ná “gréasán sóisialta” a chruthú do dhéagóirí Gaeltachta agus deis a thabhairt dóibh aithne agus eolas a chur ar a chéile, ar chanúintí a chéile, agus ar na cosúlachtaí agus éagsúlachtaí atá idir na ceantair Ghaeltachta ar mhaithe le “féiniúlacht Ghaeltachta” agus mórtas teanga, áite agus pobail a chothú.
Tá súil ag Roinn na Gaeltachta agus ag an Údarás cumas agus saibhreas teanga na ndéagóirí a fhorbairt tríd an scéim agus “eispéireas agus siamsaíocht thaitneamhach a chur ar fáil faoi mar a dhéantar i gcoláistí samhraidh na Gaeltachta”.
Cuirfear lóistín agus béilí ar fáil do na déagóirí agus is iad mná tí na Gaeltachta a bhfuil aitheantas oifigiúil faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge Roinn na Gaeltachta a chuirfidh sin ar fáil.
Kevin Hickey
Mo ghairm iad agus go n-éirí leo.