‘Gabh go Paiteaga!’ a deir muintir Thír Chonaill le duine a bheadh á gcrá nó á mbodhrú. Níl nimh ann dáiríre; leathmhallacht éadrom atá ann de chineál a bhí coitianta sa Bhéarla nuair a bhí an teanga sin níos séimhe ná mar atá inniu. Go deimhin, nuair a bhí Oh, go to Jericho! le haistriú ag Seosamh Mac Grianna, is ‘Ó, gabh go Paiteaga!’ a chuir sé i mbéal carachtair nár dhócha mórán cur amach a bheith aige ar an bhaile bheag neamhurchóideach úd, Paiteagó (an litriú oifigiúil).
B’fhéidir gur mar gheall ar a ionad scoite in íochtar an chontae a ordaítear don leadránaí agus don chrá croí Paiteagó a bhaint amach, agus fanacht ann. Cá bith faoi sin, molaimse d’uaisle an bhaile sin nascadh le Poll Tí Liabáin i bparóiste Ghleann Cholm Cille, ceann scríbe eile a mholtar do dhaoine nach bhfuiltear ag iarraidh a bheith leo. ‘Go Poll Tí Liabáin leat!’ a deirtí. (Dála an scéil, scríobh Énrí Ó Muirgheasa go bhfuil dhá áit eile den ainm céanna ann: ceann acu i nGaillimh agus an ceann eile i gCiarraí. Theip ormsa iad a aimsiú, ach b’fhéidir go gcuirfeadh léitheoirí comhairle orm.)
Tá a Phaiteagó féin ag gach ceantar Gaeltachta in Éirinn – sráidbhailte agus bailte fearainn a samhlaítear iargúltacht agus ganntanas leo. Tá ramás ‘inaistrithe’ amháin ann atá curtha in oiriúint d’áiteanna ó Dhún Chaoin go Gaoth Dobhair. Is ón leabhar The Place-Names of the Decies leis an Athair Patrick Power an leagan seo:
Móin na gCailleach gann,
ná téir gan do dhinnéar ann;
creaga beaga briste,
cúl le huisce,
agus mná gan tuiscint ann.
Sin agaibh an teimpléad – cuir do rogha ainm in áit ‘Móin na gCailleach’ agus tá leat.
Agus ná bíodh sé le rá gur taobh le paróisteachas atá na Gaeil – déantar contaetha agus cúigí féin a dhamnú in aon nath amháin. Ba as Port Láirge don Athair Power, agus é teann as a dhúchas Déiseach. Tá súil agam nár canadh an deilín ‘Contae Phort Láirge ag iarraidh déirce’ suas lena bhéal riamh, pé rud faoi ‘Contae an Chláir na bláthaí géire.’
‘An seanfhaltanas a bhí idir Chúige Uladh agus Connachta,’ a scríobh Énrí Ó Muirgheasa in Seanfhocla Uladh, ‘tá a mhacalla le cluinstin i gCúige Uladh go sea.’ A chomhartha sin sean-nath a bhailigh sé i gContae Dhoire:
‘An Críostaí thú?’ arsa an sagart leis an fhear;
‘Ní hea,’ ar seisean, ‘ach Connachtach.’
Is ea, ba dheacair Connachta a shárú ar iargúltacht. An dústrainséir nach mbeadh barúil agat cén aird as ar tháinig sé, is ‘duine ó Chonnachta’ é, de réir an Duinnínigh.
Tá bailte in Éirinn ar cuireadh eireaball deas fileata lena n-ainm – Corcaigh na gCuan, Gaillimh na Seod – agus bailte nár éirigh chomh maith céanna leo: Callainn an Chlampair agus, más fíor don Seabhac, Gleann Fleisce na mBithiúnach.
Ní mholaim is ní cháinim na leaganacha seo; fágfaidh mé sin faoin Ultach beadaí, faoin Laighneach lách agus faoin Mhuimhneach mhaíteach. Níl de chomhairle agam daoibh ach an méid seo:
Siúlaigh Éire is an domhan trí chéile
Ach gabh go réidh trí Bhaile Bhuirne.
Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.
Dáithí
Ana-spéisiúil. Bhí sé sa Bhéarla anso tráth – ‘I wish you were at Dingle-y-coosh’ áit éigin iargúlta gan mhaith. Agus tá rann beag againn díreach cosúil le ceann na nDéise thuas – ‘Baile na hAbha, baile cois abhann, baile beag briste, lámh le huisce, is mná gan tuiscint ann.’
Ardfhear a Antain!
seán
‘Corcaigh cháidh cois abhainn na Laoi’ san amhrán ach ní ‘cáidh’ a thuilleadh atá sí, mise fé dhuit. ‘Ga(ibh) soir’ a dúirt fear tonnaosta liom uair amháin i gCarna nuair a bhí mé ag féachaint ró-ghéar isteach ina churrach (soir go Béal Átha na Sluagh; mar a raibh/bhfuil teach na ngealt!) Agus ní haon mholadh ar bhean é ‘bean Ultach/Olltach’ a thabhairt uirthi ach oiread.
Dáithí
‘Chuirfeadh sé soir tú’ anso leis – dtí Cill Áirne sa chás seo!
Aonghus Ó hAlmhain (@aonghusoha)
Ní Gleann na nGealt atá i gceist mar sin?
Micil
Colm a Bhailís agus gan mórán buíochais aige ar mhuintir Inis Meáin, nár fháiltigh i gceart roimhe, dar leis, le linn cuairte a thug sé ar an oileán.
“Inis Meáin,
Inis gan arán
Inis gan gortach,
Mara a dturaidh tú leat arán
An lá gabhas tú ann,
Beidh tú an lá sin ‘do throscadh.”
Bhí an dímheas céanna ag Raftery ar Uarán Mór
” Baile beag briste,
‘S a thón le h-uisce,
‘S a mhná gan uisce
‘na gceann”.