Calling Cards– mórchnuasach dátheangach le léargas a thabhairt ar fhilí Gaeilge na mílaoise nua

Is é Calling Cards an tríú mórchuasach dátheangach dá leithéid a foilsíodh le nach mór daichead bliain anuas

Calling Cards– mórchnuasach dátheangach le léargas a thabhairt ar fhilí Gaeilge na mílaoise nua

Tabharfaidh duanaire dátheangach nua éachtaint ar shaothar deichniúr filí den ghlúin is déanaí atá ag saothrú na filíochta as Gaeilge.

Calling Cards is teideal don chnuasach nua ó The Gallery Press agus Éigse Éireann ina bhfuil aistriúcháin Bhéarla déanta ag leithéidí Paul Muldoon, Ciarán Carson agus Eiléan Ní Chuilleanáin ar dhánta Gaeilge le baicle filí a tháinig ar an bhfód ó thús na mílaoise i leith.

Seo an tríú mórchuasach dá leithéid a foilsíodh le nach mór daichead bliain anuas. Sa bhliain 1981, a d’fhoilsigh Seán Ó Tuama agus Thomas Kinsella An Duanaire 1600-1900 (Poems of the Dispossessed) agus in 2016 a foilsíodh Leabhar na hAthghabhála (The Book of Repossessions), duanaire dátheangach, in eagar ag Louis de Paor, ina raibh dánta le 26 file Gaeilge ón gcéad seo caite.

Is iad Peter Fallon agus Aifric Mac Aodha na heagarthóirí ar an duanaire nua a sheolfar an mhí seo chugainn.

Is iad an deichniúr filí a bhfuil dánta leo in Calling Cards, Máirtín Coilféir, Proinsias Mac a’ Bhaird, Aifric Mac Aodha, Marcus Mac Conghail, Caitríona Ní Chléirchín, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Doireann Ní Ghríofa, Caitlín Nic Íomhair, Simon Ó Faoláin agus Stiofán Ó hIfearnáin.

Colette Bryce, Ciaran Carson, Peter Fallon, Alan Gillis, Medbh McGuckian, Paul Muldoon, Eiléan Ní Chuilleanáin, Peter Sirr agus David Wheatley a d’aistrigh na dánta a bheidh ar fáil in Calling Cards.

Tá sé mar aidhm ag Calling Cards saothar na bhfilí is déanaí atá ag saothrú na ceirde sa Ghaeilge a chur “i láthair lucht léite nua” agus “éagsúlacht a gcuid téamaí a nochtadh do phobal níos leithne”.

Fág freagra ar 'Calling Cards– mórchnuasach dátheangach le léargas a thabhairt ar fhilí Gaeilge na mílaoise nua'