Caitlicigh gann sa PSNI d’ainneoin Phlean Patten

Ní gan deacracht a tháinig ann don PSNI. Athrú saoil a bhí ann, athrú saoil is gá a chosaint

4/2/2010 Police Stations in Northern Ireland

Claochló ar phóilíneacht ab ea é idirdhealú dearfach a chur i réim chun ballraíocht Chaitliceach sa PSNI a chinntiú ach an bhfuil an dul chun cinn sin i mbaol anois? Le déanaí nocht scrúdú inmheánach sa PSNI go raibh seans nach mbeadh an tseirbhís ionadaíoch ar chomhdhéanamh an phobail go ceann suas le scór go leith blianta. Léiríodh gur údar imní é an ráta earcaíochta ar Chaitlicigh, cor atá ag teacht salach ar an aisling don PSNI. Tá sé sin fíorchontúirteach i bhfianaise na staire.

Fiche, tríocha nó leathchéad bliain ó shin, ba dheacair a shamhlú go dtiocfadh lá  nuair a bheadh muinín ag an bpobal naisiúnach i dTuaisceart Éireann sna póilíní.  Ba bheag náisiúnach a thug dílseacht don RUC: mhaígh a bhformhór gurbh fhórsa aontachtach chun an stát aontachtach a chosaint í an chonstáblacht.

Chuir an leasú ar phóilíneacht i dtús an chéid seo cor eile ar fad sa scéal. De bharr mholtaí Choimisiún Patten i 1999, bunaíodh an PSNI in áit an RUC agus leagadh síos coinníollacha speisialta chun Caitlicigh a earcú mar phóilíní. Ba léir gur údar imní ab ea comhdhéanamh an RUC mar gur Phrotastúnaigh iad breis is naonúr as gach deichniúr de na baill. Caitlicigh ab ea 8% den bhallraíocht.

Chun dul i ngleic leis an éagothroime sin, glacadh le polasaí earcaíochta 50/50 mar a tugadh air, a chinnteodh gur Chaitlicigh ab ea leath na ndaoine a nglacfaí leo mar ábhar póilíní go dtí go sroichfí 30% ar a laghad. Bhí aontachtaithe dubh dóite ina choinne agus ceithre bliana ó shin, nuair a bhí 30% de bhaill an PSNI ina gCaitlicigh, cuireadh deireadh leis an gcaoga/caoga.

Níor tháinig aon mhéadú ar an sciar ó shin; tríocha faoin gcéad an líon i gcónaí  i gcomparáid le 67% Protastúnach.  Feabhas mór ar chomhdhéanamh an RUC is ea é ach ní hionann é agus an coibhneas i measc an phobail (48% Protastúnach  agus 45% Caitliceach). De réir an staidéir a rinne roinn acmhainní daonna an PSNI ar an bhfoireann, tá gá le beart dearfach arís chun a thuilleadh Caitliceach a earcú. Fadhb chomhionannais is ea laghad an líon ban sa PSNI ach níl na ciallachais pholaitiúla chomh dainséarach.

Mhol an tuairisc go mbreathnófaí an athuair ar an bpolasaí earcaíochta 50/50 chun an céatadán de Chaitlicigh  agus de mhná) a mhéadú. Is cosúil go bhfuil liosta de chúiseanna leis an easpa feabhais le ceithre bliana. Ina measc tá teorannú ar earcaíocht agus laghdú ar an mballraíocht iomlán de bharr ciorruithe ar an mbuiséad.

Anuas air sin, caithfear ionsaithe na n-easaontóirí poblachtánacha ar phóilíní Caitliceacha, cuir i gcás dúnmharú Rónan Kerr, a chur san áireamh. Is é aidhm an fheachtais sin Caitlicigh a choinneáil amach as an PSNI cé go ndeir gaolta na ndaoine a hionsaíodh nach ngéillfeadh siad don imeaglú.

Sméar mhullaigh ar an tsíocháin ab ea dearadh na seirbhíse póilíneachta ionas go dtuillfí muinín náisiúnaithe. Ní gan deacracht a ghlac an SDLP leis an PSNI agus Sinn Féin roinnt bhlianta ina ndiaidh. Athrú saoil. Ach athrú saoil is gá a chosaint. Tá an tacaíocht leochaileach fós, mar a chímid nuair a ghabhann nó nuair a cheistíonn an PSNI daoine áirithe. Ba bheag an praghas é dreas eile earcaíochta 50/50 chun an PSNI a dhéanamh níos cothroime agus níos uileghabhalaí; tríothu sin, neartófaí muinín an phobail.

Fág freagra ar 'Caitlicigh gann sa PSNI d’ainneoin Phlean Patten'

  • Donnchadh Mac an Ghoill

    Go maith. Ní cheart do Ghael ar bith bheith páirteach le námhaidí ár dtír. An Phoblacht Abú!