Caithimis uainn an chafaireacht a bhóibéisigh! Seo focal sa mhí do 2018!

Rith sé lenár gcolúnaí gurbh fhiú dó focail atá imithe ón gcaint a athdhúiseacht agus bliain na bhfocal breá Gaeilge a dhéanamh de 2018!

Caithimis uainn an chafaireacht a bhóibéisigh! Seo focal sa mhí do 2018!

Bhíos ag faire ar rún éigin a tharrac chugam féin i gcomhair na hathbhliana, ach tá ag dul díom. Is é mar atá agam ná nach bhfuilim siúráilte ar cheart dom a) éirí as an ól ar fad, nó b), tosnú ag ól i gceart. N’fheadar ar cheart dom a) tosnú ag rith chun tamall aclaíochta a dhéanamh nó b) éirí as an rith agus an rás ar fad a bhíonn agam.  Ní haon díobháil dul ar do bhogshodar, ach is an iomarca siúil a mhairbh an mhiúil.

Ina n-ionad san ar fad, ag dul ag uchtú atáim. Tá mo leordhóthain rudaí beaga sa tigh agam cheana féin, agus ní garlach eile atá á tharrac chugam agam, ach focail. Rith sé liom gurbh fhiú dom focail atá imithe ón gcaint, ligthe i ndearúd, a bhailiú ós na seanchnuasaigh, ós na sanasáin agus na foclóirí, agus iad a úsáid sa chaint, seachas iad a fhágaint thuas ar an tseilf, gan de thairbhe iontu ach ábhar cothaithe do chruimh leabhar. Focail iad seo ná úsáidim riamh, agus ná cloisim ach uair fhada fhánach, ach go bhfuilim meáite ar a n-úsáid sa chaint, i gcló nó ar an aer.  Focal nua amháin gach mí, mar saghas ‘aistear teanga’, (© Joe McHugh, sarraí Joe) dom féin, i gcomhluadar Sheáin a’ Chóta, An Duinnínigh agus Pheaidí an Dúna.

EANÁIR: Bóibéiseach: Téarma é seo ar dhuine a bheadh an-mhaíteach as féin. Saghas Donald Trump de dhuine, a bheidh dea-thuairimeach as a chuid éachtaí féin. “Labhair an dailtín go bóibéiseach liom,” a deir Seán a’ Chóta, “ghá rádh gur mhó a eólas ar Ghaedhling ’ná mé.” D’fhéadfaí an téarma seo a úsáid do scata ar na saolta seo, faraor.

FEABHRA: Cafaireacht: is minic é seo ag an nduine bóibéiseach – caint gan bhunús, ráitis gan chiall. Nuair a deir an Trúmpa gur ginias stuama é féin, d’fhéadfaí a chur ina leith gur cafaireacht bhóibéiseach atá aige.

MÁRTA: Dá n-éisteofá leis an iomarca de chafaireacht An Donaild, seans go dtiocfadh allaibhre ort- bodhaire, nó fadhb éisteachta.

AIBREÁN: Cuirtear ina leith go minic gur Ablálaí é Dónal – duine a dheineann a chuid oibre gan slacht, gan chúram.

BEALTAINE: Ar a shon san is eile, b’fhéidir nár cheart dom a bheith ag fachnaoid fé Dhónaillín – ag cleithmhagadh, nó ag stealla-mhagadh fé.

MEITHEAMH: Má bhíonn tú ar an dtráigh i rith na míosa seo, bí ag faire amach don dearga-bhear – éiscín beag clipeach a bhíonn i luigeacha sáile. Ná ceap gur ar an deargadaol atáim ag trácht; mar ní iasc ach ciaróg é sin.

IÚIL: An-seans go dtiocfá trasna ar an liamhán gréine sa bhfarraige an tráth seo bliana, ach ná bac leis an ainm leadránach úd a thabhairt air – liopa-de-leap a thugtaí coitianta uirthi ar na bólaí seo.

LÚNASA: Beidh cluichí ceannais na gcraobhacha Uile-Éireann an mhí seo, agus bheadh súil agam go dtabharfadh Ciarraí hainnseáil d’fhoireann éigin – stialláil nó smísteáil. Chomh fada is nach sinne a fhaigheann hainnseáil…

MEÁN FÓMHAIR: … agus má fhaigheann, beidh sé ina hólam tró sa chontae – tranglam, aighneas nó míshuaimhneas.

DEIREADH FÓMHAIR: Mura mbeadh holam tró agat, seans go beadh sé ina chipeadraíl; achrann, mórghleo, troid, nó bruíon.

SAMHAIN: Beidh rugbaí á imirt i rith na míosa seo, agus is dóigh liom go bhfuil téarma níos fearr againn dos na húcálaithe agus na prapaí – cad déarfadh sibh le fachairne – duine nó ainmhí nach bhfuil ard, ach atá teann, láidir, téagartha?

NOLLAIG: Dheas liom críochnú le focal éigin a bheadh lán de cheol agus de chiall, agus fealsúnacht dhomhain laistiar de. Ach nílim chun sin a dhéanamh. Cábús m’fhocal scoir anso; focal a bhíodh ag Peaidí an Dúna ar leithreas, proibí, nó tigh an asail. Nach deas é?

Fág freagra ar 'Caithimis uainn an chafaireacht a bhóibéisigh! Seo focal sa mhí do 2018!'

  • maidhc

    Bhí an focal ciseáinín agam im óige. Sna dachaidí mo léan. leis an mbrí iasc beag. tadpole.
    Agus an focal ‘ablach’. Dhein sé ablach den jab. D’ithimís praiseach!.