Caithfidh Sasana dul go dtí leibhéal níos airde chun an cluiche ceannais a bhaint amach

Imreoidh an Spáinn in aghaidh na Sualainne sa chéad chluiche leathcheannais ag Corn Domhanda na mBan ar maidin

Caithfidh Sasana dul go dtí leibhéal níos airde chun an cluiche ceannais a bhaint amach

Magdalena Eriksson

Tá na cluichí móra ag teacht tiubh te tapa ag Corn Domhanda na mBan agus dhá chluiche suimiúil romhainn sna babhtaí leathcheannais inniu agus amárach.

Má bhíonn na cluichí chomh maith agus a bhí na cluichí ceathrú ceannais, beidh linn. Bhí imirt ar ardchaighdeán agus eachtraí iontacha sna ceithre chluiche, mar a bhí i bhformhór na gcluichí san Astráil agus sa Nua-Shéalainn go dtí seo.

Is beag a bhí idir na foirne sna cluichí ceathrú ceannais ar fad, aon chúl amháin a scar na foirne i dtrí cinn de na cluichí, ceann acu a chuaigh go dtí am breise, agus bhí ciceanna éirice ag teastáil sa cheann eile.

Ba é an cluiche idir an Spáinn agus an Ísiltír an chéad chluiche a bhí againn sa bhabhta sin agus b’in tús leis an dráma go léir a bhí romhainn. Chuir cúl Stefanie van der Gragt na foirne ar comhscór in am cúitimh ach ba í Salma Paralluelo laoch na Spáinne nuair a fuair an déagóir an cúl cinniúnach in am breise tar éis di teacht isteach mar ionadaí.

Léiriú eile a bhí i ngaisce Paralluelo ar an gcumas atá i scuad na Spáinne. Tá Alexia Putellas, duine de na himreoirí is fearr ar domhan, i measc na n-ionadaithe freisin agus í ag teacht ar ais ó ghortú glúine. Is léir dom nach bhfuil sí i mbarr a maitheasa fós ach dá mbeadh sí ag imirt do go leor tíortha eile bheadh sí curtha isteach ar an bhfoireann roimhe seo.

Ach tá imreoirí eile ag an Spáinn – Aitana Bonmatí, Mariona Caldentey, Alba Redondo agus tuilleadh – atá in ann an fód a sheasamh fad is atá Putellas ag teacht chuici féin. Tá roinnt imreoirí maithe eile ar iarraidh ón scuad mar gheall ar aighneas idir iad agus bainisteoir na foirne, Jorge Vilda, ach is léir go bhfuil dearmad déanta ag na himreoirí atá fós ann ar an gconspóid agus iad tagtha le chéile mar ghrúpa, go háirithe i ndiaidh dóibh cluiche a chailliúint in aghaidh na Seapáine níos túisce sa chomórtas.

Beidh an dlúthnasc sin ag teastáil más leo an ceann is fearr a fháil ar an tSualainn inniu. Bhí an tSeapáin ar cheann de na foirne ab fhearr sa chomórtas sa chéad chúpla babhta agus cé nach raibh siad i mbarr a maitheasa an lá cheana, thug na Sualannaigh taispeántas cumasach uathu sna babhtaí ceathrú ceannais chun iad a chloí 2-1.

Tá an-chumas teicniúil ag imreoirí an Spáinne agus beidh seilbh acu ar an liathróid d’fhormhór an chluiche ach ní chuirfidh sé sin as mórán don tSualainn, foireann atá an-chompordach agus iad ag cosaint. Tá Magdalena Eriksson agus Amanda Ilestedt, a bhfuil ceithre chúl aimsithe aici go dtí seo sa chomórtas, an-láidir sa lár, ach tugann Filippa Angeldal agus Elin Rubensson an-chosaint dóibh chomh maith.

Tá sé deacair rá cé a thiocfaidh amach chun tosaigh sa cheann seo ach ceapaim go bhfágann an cumas sin atá ag an Spáinn i mbun seilbh na liathróide gur acu atá an buntáiste.

Is beag a bheidh idir an Astráil agus Sasana sa chluiche leathcheannais eile amárach. Tá gaisce déanta ag an Astráil an babhta seo den chomórtas a bhaint amach agus bhí na ciceanna éirice sin sa bhua ar an bhFrainc ag an deireadh seachtaine dochreidte ar fad. Ba é an t-aon chluiche ceathrú ceannais a bhí gan aon chúl ach is é an ceann is faide a mhairfidh i gcuimhne na ndaoine. Bua 7-6 a bhí ag an Astráil tar éis 20 cic éirice, níos mó ná in aon chluiche eile i stair Chorn Domhanda na mBan.

Idir an 30 nóiméad deireanach de ghnátham agus an t-am breise, d’imir Sam Kerr uair an chloig sa chluiche sin agus tá seans maith ann anois go dtosóidh sí in aghaidh Shasana. Beidh tacaíocht dhochreidte ag an Astráil sa bhaile in Sydney agus cuirfidh sé borradh breise faoin bhfoireann má éiríonn le Kerr imirt ón tús.

Ba cheart go mbeadh coimhlint den scoth ann freisin ar an gcliathán idir Caitlin Foord na hAstráile agus Lucy Bronze. Bhí comórtas iontach ag Foord go dtí seo ach is duine de laochra Shasana í Bronze agus taithí na mblianta aici.

Is iad na Sasanaigh rogha na coitiantachta don chluiche ach caithfidh siad leibhéal eile a bhaint amach chun áit a fháil sa chluiche ceannais. Ní raibh siad iontach in aghaidh na Colóime, cluiche a bhuaigh siad 2-1, ach bhí an t-ádh leo go ndearna cúl báire agus cosantóirí na Colóime botúin sa chluiche.

Tar éis dóibh EURO 2022 a bhuachan anuraidh, bhí daoine ag súil le taispeántais láidre ó Shasana ach tá imreoirí tábhachtacha in easnamh orthu de bharr gortuithe – agus tréimhse fionraíochta i gcás Lauren James – agus tá sé soiléir go bhfuil sin ag cur as dóibh. Measaim féin, áfach, go mbeidh siad in ann feabhsú arís in aghaidh na hAstráile amárach agus áit a bhaint amach i gcluiche ceannais Chorn Domhanda na mBan Dé Sathairn.

Fág freagra ar 'Caithfidh Sasana dul go dtí leibhéal níos airde chun an cluiche ceannais a bhaint amach'