Caithfidh na hÉireannaigh na botúin bhunúsacha a ghearradh amach

Ba cheart go mbeadh foireann rugbaí na hÉireann rómhaith do na Meiriceánaigh anocht ach ní rachaidh an imirt scaoilte a bhí orthu in aghaidh na Seapáine chun a leasa

Caithfidh na hÉireannaigh na botúin bhunúsacha a ghearradh amach

James Ryan agus Tom O'Toole. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Éire V Na Stáit Aontaithe – 7.15pm (Beo ar RTÉ)

Níor cheart go mbeadh aon stró ar fhoireann na hÉireann an ceann is fearr a fháil ar fhoireann na Stát Aontaithe i Staid Aviva anocht. Tá dhá áit déag idir na foirne seo ar thábla rugbaí an domhain, na hÉireannaigh sa gceathrú háit agus na Meiriceánaigh sa séú háit déag. Ní hamháin sin ach thug foireann na hÉireann taispeántas réasúnta dearfach uathu agus iad ag ceansú na Seapáine (39 – 31) an Satharn seo caite, cé go raibh cúpla gné den imirt ar gá feabhas a chur orthu.

Bhí go leor deacrachtaí sa síneadh amach agus leis na greamaithe, go háirid. Seans go raibh baint ag an tréimhse fhada a chaith imreoirí na tíre seo gan iomaíocht cheart in aon chluiche leis na laigí sin. Ní thabharfar cluas d’aon leithscéal má tharlaíonn sé sin arís inniu.

Lena gceart a thabhairt d’fhoireann na Stát Aontaithe, thug siadsan taispeántas a bhí i bhfad os cionn an phar agus iad i gcoinne na Sasanach an Domhnach seo caite. Cé gur chaill siad an cluiche bhí muid ar fad cinnte go mbeadh bearna i bhfad níos mó eatarthu ná na ceithre phointe déag a bhí idir iad féin agus na Sasanaigh ag deireadh an chluiche. Seans gur foláireamh an toradh sin d’Andy Farrell na tíre seo agus eisean ag iarraidh bua eile a aimsiú.

Tá Farrell ag baint chuile leas as an gcluiche dúshláin seo inniu chun cleachtadh a thabhairt d’imreoirí atá ar bheagán taithí ag imirt ag an leibhéal seo, díreach mar a rinne sé an deireadh seachtaine seo caite. Beidh díomá ormsa mura dtugann na hÉireannaigh an lá leo ach beidh mé anuas orthu mura gceartaítear na deacrachtaí bunúsacha a tháinig chun solais i gcoinne na Seapáine. Idir imreoirí atá ag tosú nó atá ar an mbinse, tá ochtar imreoirí nach bhfuil aon chaipín idirnáisiúnta acu roghnaithe ag Farrell, beirt as Connachta, Paul Boyle agus Caolin Blade.

Is léir go bhfuil sé cinnte go mbeidh a fhoireann in ann ag na Meiriceánaigh.

Caithfidh muid gearradh siar ar an líon ciceanna éirice a géilleadh, go háirithe aon cheann taobh istigh de raon chiceálaí na Stát Aontaithe, Luke Carthy as Ros Comáin. Deartháir é Luke le Jack a imríonn do Chonnachta agus d’Éirinn agus a fuair a chéad chaipín idirnáisiúnta an tseachtain seo caite.

Ba cheart go mbeadh cluiche oscailte eile againn anocht agus bua eile ag foireann na hÉireann ach caithfidh muid a bheith an-chúramach.  Cuimhnigh gur fhan na Meiriceánaigh san iomaíocht i gcoinne na Sasanach go dtí an nóiméad deiridh. Is cinnte go gcuirfidh sé sin lena gcuid muiníne anocht.

Fág freagra ar 'Caithfidh na hÉireannaigh na botúin bhunúsacha a ghearradh amach'