Caithfidh na Gearmánaigh a bheith dána in aghaidh na Spáinne

D’fhéadfadh rás na Gearmáine a bheith rite anocht mura bhfaighidh siad an ceann is fearr ar an Spáinn, ceann de na foirne is fearr atá feicthe againn sa chomórtas go dtí seo

Caithfidh na Gearmánaigh a bheith dána in aghaidh na Spáinne

Cluichí

An tSeapáin v Cósta Ríce – 10.00rn (Grúpa E)
An Bheilg v Maracó – 1.00in (Grúpa F)
An Chróit v Ceanada – 4.00in (Grúpa F)
An Spáinn v An Ghearmáin – 7.00in (Grúpa E)

Rogha an Lae

7.00in (Grúpa E)

Tá daoine ag súil leis an gcluiche seo idir an Spáinn agus an Ghearmáin ó rinneadh an tarraingt do Chorn an Domhain míonna ó shin ach tá an toradh a bhí ag an nGearmáin in aghaidh na Seapáine Dé Céadaoin théis cur leis an tsuim atá ann.

I bhfianise an taispeántais a thug Cósta Ríce sa chéad bhabhta, déarfá go bhfaigheadh an tSeapáin an ceann is fearr orthu ar maidin, rud a d’fhágfadh go gcaithfeadh an Ghearmáin an ceann is fearr a fháil ar an Spáinn anocht nó beidh siad ag dul abhaile théis bhabhta a trí, is cuma céard a tharlaíonn sa chluiche deireanach a bheidh acu in aghaidh Chósta Ríce.

Cé gur chaill siad in aghaidh na Seapáine, b’fhearr foireann na Gearmáine do chuid mhaith den chluiche agus dá mbeadh an dara cúl aimsithe acu nuair a bhíodar chun tosaigh, rud ba cheart a bheith, ní bheadh siad sa ghábh seo. D’oibrigh Joshua Kimmich, İlkay Gündoğan agus Leon Goretzka go maith lena chéile i lár na páirce ach cinnte tá easnamh éigin orthu i measc na dtosaithe.

Tháinig cúl na Seapáine ón modh díreach, teaictic nach mbeidh in úsáid ag an Spáinn, déarfá, dream a raibh cuma an-láidir orthu in aghaidh Chósta Ríce i rith na seachtaine.

Bhíothas á rá go bhféadfadh sé a bheith deacair ag foireann Luis Enrique cúil a aimsiú agus tosach den chéad scoth de dhíth orthu ach rinne na Spáinnigh ceap magaidh den tuairim sin agus scóráil seacht gcúl Dé Céadaoin.

D’imir Marco Asensio i lár na dtosaithe agus d’éirigh thar barr leis agus le Dani Olmo agus Ferran Torres chaon taobh dó. Thuill an bheirt ógánach i lár na páirce, Pedri agus Gavi, ardmholadh as a dtaispeántais chomh maith agus cé nach fios dúinn go fóill díreach cé chomh lag agus a bhí Cósta Ríce, beidh an Spáinn go hard i measc roghanna na coitiantachta anois agus beidh an-iarracht ag teastáil ón nGearmáin chun iad a shárú agus iad féin a shábháil.

Fág freagra ar 'Caithfidh na Gearmánaigh a bheith dána in aghaidh na Spáinne'