Caithfidh Maigh Eo a bheith gan locht chun Áth Cliath a chloí

Ba cheart go mbeadh sárchoimhlint againn tráthnóna i bPáirc an Chrócaigh agus cé go ndearna Maigh Eo go maith teacht chomh fada seo sa chraobh ní féidir leo cos a chur cam más leo sárfhoireann Átha Cliath a bhualadh

Caithfidh Maigh Eo a bheith gan locht chun Áth Cliath a chloí

Andy Moran agus Michael Fitzsimons. Pictiúr: ©INPHO/Tommy Dickson

Áth Cliath v Maigh Eo – Páirc an Chrócaigh, 7.00pm

Is idir Áth Cliath agus Maigh Eo a bhí cuid de na cluichí peile ab fhearr a imríodh le deich mbliana anuas agus na foirne céanna a bheidh in éadan a chéile i gcluiche leathcheannais na hÉireann tráthnóna i bPáirc an Chrócaigh. Ó 2012, tá sé chluiche craoibhe imeartha in aghaidh a chéile ag na foirne seo agus dianchoimhlint a bhí i ngach ceann acu.

Bhí athimirt ag teastáil i gcluiche leathcheannais 2015 agus i gcluiche ceannais 2016 agus ní raibh ach pointe amháin idir na foirne an uair dheireanach a chasadar ar a chéile sa chraobh, i gcluiche ceannais 2017, nuair a bhuaigh Áth Cliath, 0-17 in aghaidh 0-16.

Cé nach raibh ach oiread na fríde idir na foirne in an-chuid de na cluichí sin, caithfimid dul siar go dtí cluiche leathcheannais 2012 don uair dheireanach ar bhuaigh Maigh Eo ar fhoireann na príomhchathrach.

Níor ghéill Maigh Eo aon chúl sa chluiche sin, bhuaigh siad 0-19 in aghaidh 0-16, agus ba é David Clarke laoch na foirne nuair a shábháil sé iarracht Bernard Brogan agus an t-am beagnach caite.

Ceist mhór ar ndóigh an dtosóidh Clarke tráthnóna ó bhí sé gortaithe don chluiche i gcoinne Dhún na nGall an tseachtain seo caite. Tháinig Rob Hennelly isteach ina áit i gCaisleán an Bharraigh agus cé nárbh é an lá ab fhearr a bhí ag fear Bhréachmhaí, tá cic amach níos fearr aige ná mar atá ag Clarke agus tá seans ann go mbeidh sé ag imirt dá bharr.

Mura n-éiríonn le Hennelly nó le Clarke naoscairí Áth Cliath a choinneáil ó dhoras, tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfaigheadh Maigh Eo cúl nó dhó dá gcuid féin. Sna seacht gcluiche craoibhe atá imeartha idir na foirne seo ó 2012, theip ar Mhaigh Eo aon chúl a scóráil i dtrí cinn acu agus níor aimsigh siad níos mó ná aon chúl amháin sna cluichí eile.

I gcoinne Dhún na nGall, thug Maigh Eo faoi scór 35 uair, ach ní raibh acu dá bharr ach 1-14, rud a fhágann gur chuir siad 20 deis amú. Má bhíonn siad chomh míchruinn sin inniu, níl seans dá laghad acu.

Ní hé an rogha idir Clarke agus Hennelly an t-aon chinneadh mór atá le déanamh ag bainisteoir Mhaigh Eo James Horan. In aois a 36 bliain, níl Andy Moran in ann cluiche iomlán a imirt agus údar spéise an dtosóidh sé an cluiche nó an dtiocfaidh sé isteach don 20-30 nóiméad deireanach.

Is cinnte nach bhfeicfear Jason Doherty ag imirt de bharr drochghortú glúine a bhain dó i gcoinne Dhún na nGall. Tá Matthew Ruane agus Diarmuid O’Connor fillte ar an bhfoireann ach b’fhéidir go bhfuil sé róluath acu cluiche chomh crua leis an gceann seo a thosú. Mura n-imríonn Ruane, d’fhéadfadh muid Lee Keegan a fheiceáil ag marcáil Brian Fenton i lár páirce.

Beidh ról Paddy Durcan spéisiúil chomh maith. Ó d’éirigh leis an lámh in uachtar a fháil ar Ryan McHugh an deireadh seachtaine seo caite, d’fhéadfadh sé tabhairt faoi Jack McCaffrey tráthnóna i bPáirc an Chrócaigh agus iarracht a dhéanamh duine de shárimreoiri Átha Cliath a choinneáil faoi chois.

Tá cúpla cinneadh le déanamh ag Jim Gavin chomh maith. Tá Jonny Cooper ar fáil arís agus má thosaíonn sé sin agus Cian O’Sullivan, seans nach mbeidh áit ann do David Byrne, a thosaigh i ngach cluiche craoibhe go dtí seo. Tá áit Michael Darragh Macauley i mbaol chomh maith agus James McCarthy tagtha chuige féin ón ngortú a bhain dó i gcluiche ceannais Laighean.

Cé nach bhfuil ach coicís fágtha sa séasúr, is í seo an chéad tástáil cheart a dhéanfar ar Áth Cliath i gcraobh na bliana seo. Rinne Maigh Eo gaisce teacht chomh fada seo sa chomórtas agus gan dabht, déanfaidh siad a míle dícheall ach ba cheart go mbeadh Áth Cliath róchumasach dóibh.

Rogha Tuairisc.ie: Áth Cliath

Fág freagra ar 'Caithfidh Maigh Eo a bheith gan locht chun Áth Cliath a chloí'