‘Caithfidh imreoirí óga Chiarraí níos mó ceannaireachta a léiriú chun Craobh na hÉireann a bhuachan’ – Jack O’Connor

Labhair bainisteoir nua Chiarraí faoi na hathruithe a shíleann sé atá ag teastáil ón bhfoireann, faoin ngá le himreoirí nua agus faoin réalta óg de chuid na Ríochta atá san Astráil

‘Caithfidh imreoirí óga Chiarraí níos mó ceannaireachta a léiriú chun Craobh na hÉireann a bhuachan’ – Jack O’Connor

Jack O'Connor. Pictiúr: INPHO/Lorraine O’Sullivan

Tá sé in am ag imreoirí óga Chiarraí ceannaireacht a léiriú agus iad sa bhearna bhaoil má tá an fhoireann chun Craobh na hÉireann a thabhairt léi, dar le bainisteoir nua na Ríochta, Jack O’Connor.

Tá taithí ag O’Connor ar a bheith ag plé le formhór mór imreoirí Chiarraí ó bhí sé ina bhainisteoir orthu le foirne faoi aois an chontae agus deir sé go bhfuil feabhas ag teastáil I réimsí áirithe má táthar chun an chéad chéim eile thabhairt agus craobh na hÉireann a bhuachan.

“Rud mór é ceannairí a thabhairt chun cinn, tá sé sin an-tábhachtach,” a dúirt O’Connor agus é faoi agallamh ar An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

“Tá cuid mhaith de na leaids óga, b’fhéidir, nach bhfuil an cheannaireacht ag teacht amach uathu go fóill ach caithfidh siad fás suas anois agus an cheannaireacht a thaispeáint.”

Theip ar Chiarraí na géarchoimhlintí a bhuachan le blianta beaga anuas agus caithfear sin a chur ina cheart, a dúirt O’Connor.

“Caithfidh siad na cluichí a bhíonn idir dhá cheann na meá a bhuachan. Bhí Tír Eoghain ábalta é sin a dhéanamh na blianta ó shin, bhí Bleá Cliath in ann é sin a dhéanamh…n’fheadar an bhfuil sé sa cheann ag na leaids [ó Chiarraí] nó cad é ach sin an chéim eile atá le tógáil.”

Beidh Diarmuid Murphy an Daingin agus Mike Quirke, beirt a d’imir le Ciarraí nuair a bhí O’Connor i gceannas orthu cheana, mar chuid d’fhoireann bainistíochta nua Chiarraí agus tá iarbhainisteoir an Dúin, Paddy Tally, á thabhairt isteach freisin.

Thuill Tally moladh as an obair a rinne sé mar chóitseálaí le Gaillimh agus le Coláiste Ollscoile Naomh Muire a bhuaigh Corn Mhic Shigiúir, ach ábhar suntais é go bhfuil sé le tabhairt isteach le Ciarraí.

“Ní chuireann sé isteach nó amach ormsa cárb as Paddy ach sílim gur cóitseálaí an-chliste é,” a dúirt O’Connor faoin scéal. Mheas sé nach tada nua a bhí ann duine lasmuigh de Chiarraí a bheith ag plé le foireann an chontae agus luaigh go raibh an Déiseach Pat Flanagan ina chóitseálaí ar an bhfoireann aige roimhe seo agus go raibh Cian O’Neill ó Chill Dara ag plé leis an bhfoireann le linn ré Éamoinn Fitzmaurice.

“Tá leaids ón taobh amuigh níos fearr le rudaí áirithe, b’fhéidir cosúil leis an gcóras cosanta a eagrú. Cuirimid i bhfad níos mó béime ar nuair a bhíonn an chaid sna lámha againn agus nuair a bhíonn muid ag bogadh ar aghaidh.

“Sílim go n-eagróidh [Tally] na peileadóirí chun cosaint níos cliste a dhéanamh. Tá imreoirí Chiarraí ag obair go dian faoi láthair ach b’fhéidir go n-oibreodh siad níos cliste.”

Maidir lena cheapachán fhéin, dúirt O’Connor nach raibh i gceist leis an gconspóid a bhain leis an bpróiseas ceapacháin ach “ráflaí”. Bhí caint ann go raibh an post geallta do O’Connor agus gurbh é sin ba chúis lena chinneadh éirí as mar bhainisteoir ar Chill Dara, ach dúirt sé go raibh sé “cinnte” gur cuireadh próiseas féaráilte i bhfeidhm.

Dúirt O’Connor gur fhág sé Cill Dara mar nach raibh cuid mhaith de na roghnóirí agus na traenálaithe a bhí aige i gCill Dara le cúpla bliain anuas ar fáil don chéad bhliain eile agus nach raibh an “fuinneamh” aige tosú arís ar fhoireann bainistíochta nua a chur le chéile. Dúirt sé freisin gur bhraith sé an t-aistear ó Uíbh Ráthach go Cill Dara an-fhada, go háirithe agus beirt mhac leis a bhíodh ina gcónaí thuas ann bogtha ar ais go Ciarraí.

Dúirt O’Connor nach raibh sé ach ag tosú ag faire ar chluichí club i gCiarraí ach gur mheas sé go bhféadfadh go mbeadh “cúigear nó seisear” sa chontae nach raibh le Ciarraí anuraidh maith a ndóthain chun an painéal a láidriú.

Luaigh sé freisin Stefan Okunbor, a d’imir a chéad chluiche peile do Na Gaeil ag an deireadh seachtaine tar éis dó filleadh ón Astráil agus trí bliana caite aige san AFL.

“Beidh sé spéisiúil an mbeidh sé siúd ábalta teacht thar n-ais chomh maith agus a bhí sé sular imigh sé,” a dúirt O’Connor agus thagair sé freisin do Chonchúrach eile atá ag imirt san AFL.

“Gan dabht, an fear eile atá san Astráil, Marc Ó Conchúir, bheadh sé an-chabhrach dá dtiocfadh Marc abhaile ach sin scéal eile.”

Tá ag éirí thar barr le fear an Daingin leis na Geelong Cats i láthair na huaire ach dúirt Jack O’Connor go raibh sé ag súil go mb’fhéidir go mbeadh an Ciarraíoch óg meallta ag na gaiscí a rinne Tadhg Kennelly in 2009 agus Conor McKenna i mbliana, beirt a d’fhill ón Astráil agus a bhuaigh Craobh na hÉireann.

Fág freagra ar '‘Caithfidh imreoirí óga Chiarraí níos mó ceannaireachta a léiriú chun Craobh na hÉireann a bhuachan’ – Jack O’Connor'