‘Caithfidh go bhfuil daoine i dTuaim a bhfuil níos mó eolais acu faoi na huaigheanna’ – Zappone

Tá cáineadh láidir déanta ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe mar ‘go gcaithfeadh sé go raibh eolas éigin acu’ faoin olluaigh i dTuaim

‘Caithfidh go bhfuil daoine i dTuaim a bhfuil níos mó eolais acu faoi na huaigheanna’ – Zappone

Deir an Coimisiún Imscrúdúcáin maidir le hÁrais Mháithreacha agus Naíonán, ar foilsíodh a gcúigiú tuarascáil eatramhach inniu, go gcaithfidh go bhfuil daoine i dTuaim sa Ghaillimh agus sna ceantair máguaird nach bhfuil tagtha chun cinn fós leis an eolas breise atá acu faoi adhlacadh páistí a bhí san Áras Máithreacha agus Naíonán ansin. Thacaigh an tAire Leanaí Katherine Zappone inniu le hachainí an Choimisiúin ar eolas breise.

“Go bunúsach creideann siad go gcaithfidh go bhfuil daoine i dTuaim a bhfuil níos mó eolais acu faoi na socruithe adhlactha.

“Tá tuilleadh eolais amuigh ansin agus ba mhaith leo é a fháil,” a dúirt Zappone.

D’fhoilsigh an tAire Leanaí Katherine Zappone an tuarascáil eatramhach is déanaí ón gCoimisiún Imscrúdúcáin maidir le hÁrais Mháithreacha agus Naíonán inniu.

D’impigh sí ar aon duine a raibh aon eolas acu “a insint dúinn cá bhfuil na páistí adhlactha, an fhírinne a insint. Admhaímis gur mhaireadar agus gur bhásaíodar”.

Sa gcuid seo den fhiosrúchán, imscrúdú a rinneadh ar na socruithe adhlactha a bhí i bhfeidhm in institiúidí máithreacha agus leanaí ina measc, Bessborough i gCorcaigh, Áras Bethany i mBaile Átha Cliath, Baile na gCros i gContae na hIarmhí, Sean Ross Abbey i Ros Cré agus Tuaim i gcontae na Gaillimhe.

Ag caint di ag preasócáid faoin gcúigiú tuarascáil eatramhach ón gCoimisiún Imscrúdúcháin maidir le hÁrais Mháithreacha agus Naíonán, dúirt an tAire Leanaí Katherine Zappone nár éirigh leis an gCoimisiún Stáit teacht ar aon fhianaise fhisiciúil ná ar aon cháipéis a chruthódh gur “adhlacadh daoine go córasach” i Bessborough, ach gurb é is dóichí gur adhlacadh daoine ann.

D’admhaigh sí chomh maith go mbeadh díomá ar go leor daoine nach bhfuil freagraí le fáil sa tuarascáil ar go leor dá gceisteanna. Dúirt an tAire gur mheas an Coimisiún nach mbeadh sé indéanta an 60 acra atá i gceist ag Bessborough a thochailt, ní áirím an 200 acra ar fad atá ann a bhfuil go leor tógála déanta orthu ó dúnadh an institiúid.

Deirtear sa tuarascáil faoin reilig bheag atá ansin: “Níl formhór na bpáistí a bhásaigh i Bessborough adhlactha inti sin; tá an chuma air nach bhfuil ach páiste amháin curtha ann. Bhásaigh breis is 900 páiste in áras Bessborough féin nó san ospidéal tar éis dóibh teacht ón áras. D’ainneoin a lán cuardaigh agus fiosrúcháin, níl ach uaigh 64 páiste faighte ag an gCoimisiún. Níl a fhios ag Cuallacht Chroíthe Rónaofa Íosa agus Mhuire a bhí i mbun Bessborough cá bhfuil na páistí eile curtha.”

Maidir leis an áras máithreacha agus leanaí i dTuaim, deirtear sa tuarascáil gur léir go bhfuil go leor de na páistí a bhásaigh ansin adhlactha i gcoimeádáin faoi thalamh. Deirtear chomh maith nach reilig aitheanta ná tuamaí adhlactha a tógadh go speisialta do na mairbh atá sna poill seo agus ‘nár léirigh siad aon mheas ar dhínit an duine’ a bhí tar éis bháis. Deir an Coimisiún go raibh ‘iontas’ orthu nach raibh Ord Siúracha Bon Secours a bhí ag rith an árais ná Comhairle Chontae na Gaillimhe ábalta aon eolas a chur ar fáil faoi na huaigheanna.

Rinne an Coimisiún ‘cáineadh láidir’ ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe mar “go gcaithfeadh sé go raibh eolas éigin acu” faoin olluaigh i dTuaim. Deirtear go mbíodh a gcuid ‘cruinnithe’ ag an mBord Sláinte agus a chuid fochoistí san Áras i dTuaim uaireanta.

Maidir le Sean Ross Abbey i Ros Cré, a bhí go mór sa nuacht de bharr an scannáin Philomena, bhí reilig aitheanta ansin agus tá iniúchadh geoifisiceach déanta ar an láthair agus an fhianaise fós á scrúdú.

“Saothar tábhachtach an tuarascáil seo a léiríonn a chasta agus a chúramaí atá obair an Choimisiúin. Is maith atá a fhios agamsa go bhfuil na daoine a bhí sna hárais sin agus a dteaghlaigh ag fanacht go foighneach leis an tuarascáil seo agus creidim go gcuideoidh sí leis an scéal a shoiléiriú,” a dúirt an tAire.

Chuir an Fóram ar Árais Mháithreacha agus Naíonán, daoine a bhí ina gcónaí sna hárais sin, a dtuairisc féin faoi bhráid an Aire i mí na Nollag agus tá an-díomá orthu gur dhiúltaigh sí an tuairisc iomlán a fhoilsiú agus nach mbeidh á fhoilsiú aici ach na moltaí a rinneadh inti. Ar chomhairle an Ard-Aighne nach bhfoilseofar í, a mhaígh an tAire.

Tá an-díomá léirithe ag baill áirithe den Fhóram lena cinneadh agus iad ag rá gur oibrigh siad go dian agus go deonach ar an tuairisc seo agus go raibh a lán oibre i gceist. Tuigtear gur cáineadh roinnt áisíneachtaí stáit a bhfuil a lán cáipéisí faoi na hárais ina seilbh sa tuairisc sin.

Tá pacáiste nua cúram sláinte fógartha ar mhaithe le daoine a chaith seal in Árais Mháithreacha agus Leanaí, ina measc seirbhís dochtúirí teaghlaigh agus comhairleoireachta chomh maith le tacaíocht maidir le meabhairshláinte ach deir an Fóram go bhfuil cuid mhór de na daoine sin in easláinte agus ag dul in aois agus go bhfuil cúnamh níos práinní de dhíth orthu.

Fág freagra ar '‘Caithfidh go bhfuil daoine i dTuaim a bhfuil níos mó eolais acu faoi na huaigheanna’ – Zappone'