‘Caithfidh an Roinn Oideachais a admháil ar dtús nach bhfuil Gaeilge ar bith ag formhór múinteoirí’

Pléadh ceist chaighdeán theagasc na Gaeilge sa chóras oideachais i dTithe an Oireachtais inné

‘Caithfidh an Roinn Oideachais a admháil ar dtús nach bhfuil Gaeilge ar bith ag formhór múinteoirí’

Ní dhéanfar na fadhbanna a bhaineann le múineadh na Gaeilge a leigheas nó go n-admhaíonn an Roinn Oideachais nach bhfuil ‘Gaeilge ar bith’ ag formhór múinteoirí.

B’in a bhí le rá ag an iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív agus ceist theagasc na Gaeilge á plé inné ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil go gcaithfí éirí as an “tseafóid” go mbíonn “chuile dhuine” a cháilítear mar mhúinteoir cáilithe chun Gaeilge a theagasc.

Dúirt an cigire Eibhlín Ní Scanláin, ionadaí na Roinne Oideachais ag an gcruinniú, go gcaithfí glacadh leis go mbíonn gach duine a cháilíonn mar mhúinteoir cáilithe chun an Ghaeilge a mhúineadh toisc gur “daoine gairmiúla” iad a bhfuil na cáilíochtaí riachtanacha bainte amach acu.

Dúirt Ó Cuív áfach nach raibh dóthain Gaeilge anois ag formhór múinteoirí bunscoile na tíre chun comhrá a dhéanamh le duine. “Níl aon réiteach ar fhadhb nach n-aithnítear í,” a dúirt Ó Cuív.

Chaithfí idirdhealú a dhéanamh chomh maith, a dúirt sé, idir múinteoirí a bheadh cáilithe chun múineadh i ngnáthscoileanna Béarla agus múinteoirí a bheadh cáilithe chun múineadh i scoileanna lán-Ghaeilge.

D’aontaigh na saineolaithe oideachais a bhí i láthair ag an gcruinniú i dTithe an Oireachtais tráthnóna inné – TJ Ó Ceallaigh, Coláiste Mhuire gan Smál, Tomás Ó Ruairc, An Chomhairle Mhúinteoireachta, Brendan Mac Mahon, OÉ, Gaillimh agus Pádraig Ó Duibhir, DCU –  gur cheart ceangal a dhéanamh ag gach gné den chóras oideachais in Éirinn idir foghlaim na Gaeilge agus an Fráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha .

Brendan Mac Mahon

Dúirt an Dr Brendan Mac Mahon ón gcúrsa Máistir Gairmiúil san oideachas in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh gurb í an dúshlán is mó a bhí ann maidir le sainoiliúint a chur ar oidí chun múineadh trí Ghaeilge ná an “easpa muiníne” a bhíonn acu maidir le “cruinnscríobh na Gaeilge”.

Luaigh sé go háirithe easpa muiníne cainteoirí dúchais na Gaeltachta. Dúirt Mac Mahon go raibh deireadh curtha le go leor de na liúntais a bhíodh ann ar mhaithe le daoine a spreagadh chun dul ag múineadh trí Ghaeilge.

Mhol sé go dtabharfaí sparánachtaí isteach le spreagadh a thabhairt do dhaltaí tabhairt faoi chúrsa oiliúna don teagasc trí Ghaeilge.

Bhí an tOllamh Pádraig Ó Duibhir ó Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath gur chun leas chaighdeán theagasc na Gaeilge a bheadh sé córas TEG a thabhairt isteach do scrúdaithe Gaeilge go léir an Stáit ag gach leibhéal.

Bhí amhras ar Ó Duibhir an slat tomhais bheacht ar chaighdeán maith Gaeilge a bheith ag duine B1 san Ardteist a bheith aige, an caighdeán iontrála do na coláistí oiliúna.

Dúirt sé go raibh “cath le troid” fós maidir leis an dara siollabas Gaeilge don Ardteist a fháil do chainteoirí líofa ach gur “ceist pholaitiúil” a bhí i gceist. Thug sé le freisin go mbíonn daltaí “straitéiseach” agus go gcaithfí dá bharr luach saothair breise a thabhairt as tabhairt faoi  scrúdú níos dúshlánaí.

Dúirt Ó Duibhir go mbítear ag súil leis an iomarca ó na scoileanna tráth nach bhfuil “normalú” á dhéanamh ar an nGaeilge sa tsochaí.

Fág freagra ar '‘Caithfidh an Roinn Oideachais a admháil ar dtús nach bhfuil Gaeilge ar bith ag formhór múinteoirí’'

  • Seán Mac Gearailt

    Aontaím go huil is go iomlán leis an méid a bhí á rá ag Eamon Ó Cuiv. Ceart ar fad aige!! Níl Gaolainn at formhór na múinteoirí ach cuirtear brú ar scoileanna lan ghaélach glacadh le múinteoirí gan Gaolainn a bhíonn ar phainéil ar fud na tire. Níl sé ceart ná cóir ar phobal na scoile!!!!

  • Lillis Ó Laoire

    Céard é B1 san Ardteist? Tá an chóras sin imithe.

  • Micheál Ó Dochartaigh

    Aontaím go mór le Seán. Tá ‘Bréag na Roinne’ ar bharr a dteanga ag cigirí na roinne le fada – go bhfuil achan mhúinteoir in inmhe Gaeilge a theagasc nó ábhar a theagasc fríd an Ghaeilge.
    Níl an locht ar na múinteoirí atá ag iarraidh poist a bhaint amach. Cuirim an locht ar an Roinn agus ar na Coláistí Tríú Léibhéal atá a ligean do mhúinteoirí fágaíl gan Gaeilge ar dóigh acu. An ligean siad do mhúinteoirí Mata fágáil gan a bheith ábalta suimiú agus dealú a dhéanamh?. Tá sé chomh bunúsach sin leis an Ghaeilge.
    Cuireann an easpa teanga seo brú ar na múinteoirí sna scoileanna agus ní bhíonn an darna rogha acu ach iarraidh ar na daltaí Gaeilge a fhoghlaim de ghlanmheabhar. (Ar an drochuair tá tréan daltaí le macasamhail B1 sa Ghaeilge nach dtiocfadh leo an cat a chur amach).
    Leanann an timthriall mar seo?

  • Tomas O Dulaing

    Conas is féidir leis an ionadaí ón Roinn Oideachas a rá go bhfuil múinteoirí na tíre in ann Gaeilge a mhúineadh nuair atá fhios ag madraí na sráide nach bhfuil móramh acu in ann comhrá simplí a bheith acu leat. Nó, an é go raibh an ionadaí seo ag caint faoi domhain eile?

  • An Déaghnach

    Lomchlár na fírinne, agus bíonn sí searbh! Fáinne fí atá ann. Múinteoirí le droch-Ghaeilge ag múineadh na Gaeilge do na gasúin ‘s théann siad ar aghaidh chuig na colaistí gan Ghaeilge shasúil acu. Ma dhéanann siad cinneadh dul i mbun múinteoireachta, tosaíonn an ciorcal lochtach arís.

  • TG lurgan

    Cur chuige cigirí na Roinne Éadóchais le roinnt mhaith de bhlianta ná “Ná maraigh an teanga – díreach lig di bás a fháil” Is beag a bhí le cloisteáil ón Aire sinsireach Gealtachta / Gaeilge ab fhaide a bhí sa bpost le linn a thréimhse 15 bliain fhéin i gcumhacht. Go deimhin is i rith an 15 bliain sin a cuireadh dlús le hísliú caighdéan múineadh/foghlama agus ar tháinig titim tubaisteach ar stádas na teanga sa nGaeltacht. Mar abhfuil tagairt déanta dhó san alt seo -“Luaigh sé go háirithe easpa muiníne cainteoirí dúchais na Gaeltachta”.
    Tá sé soiléir go bhfuil an Roinn Éadóchais ar a míle dícheall ag lorg díolúine ón nGaeilge agus ag nóiméad seo is beag atá ag seasamh ina coinne.

  • An Déaghnach

    An-phointí, TG Lurgan. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil siad ag ullmhú le haghaidh brú i gcoinne na Gaeilge. An chéad brú ná an díolúine. An dara brú ná Gaeilge éigeantach.

  • Pádraig

    Mór an náire é mar a chuirtear síos air anseo. Múinteoirí gan aon chumas cumarsáide acu sa teanga ‘ag múineadh’ Gaeilge fud fad na tíre. Má thugann tú faoi Ghearmáinis nó Fraincis caitheann tú tréimhse ama thar lear (suas go bliain ar Erasmus). Caitheann lucht na Gaeilge coicís sa Ghaeltacht. Is urlabhraithe rialtais iad cigirí roinne. Níor athraigh Ó Cuív mórán is é i rialtas. Agus go bhfóire Dia ar chúrsaí na Gaeilge má bhíonn an rialtas seo i bhfad eile i gcumhacht.

  • An Teanga Bheo

    Bliain a Gaeilge 2018 cád a tharla a Rialtas beart de réir ár mbriathar ?

  • Bríd

    Fir nár chaith dhá lá fliuch ag leibhéal an tseomra ranga….ach a bhain taillí úsáide as scoileanna thar na mblianta lena dtaighte pearsanta gan aon aitheantas do na scoileanna…acadóirí = mé féin amháin……..

  • Peadar Ó Cofaigh

    Urlabhraí na Roinne: Díolúintí!! Dúnmhárú ar an scrúdú cainte i mbliain a trí! Díobháil ar chúrsa Gaolainne na hArdteiste! Forbairt ghairmiúil do mhúinteoirí Gaolainne nárbh ann dó! Binse fiosruithe de dhíth!