Caithfear RTÉ RnaG a chosaint agus é ‘faoi ionsaí an t-am ar fad’  – Cathaoirleach nua Chomhairle RTÉ Raidió na Gaeltachta

Tá Mícheál S. Mac Donnacha, múinteoir agus ceardchumannaí as Conamara, ceaptha ina Chathaoirleach ar Chomhairle RTÉ Raidió na Gaeltachta

Caithfear RTÉ RnaG a chosaint agus é ‘faoi ionsaí an t-am ar fad’  – Cathaoirleach nua Chomhairle RTÉ Raidió na Gaeltachta

D’fhógair RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu go mbeidh Mícheál S. Mac Donnacha, múinteoir agus ceardchumannaí as Leitir Móir i gConamara, ag dul i mbun cathaoirleachta ar Chomhairle RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Beidh Mac Donncha ag teacht i gcomharbacht ar Shiobhán Seoighe, atá ag éirí as a cuid dualgas mar gheall ar chúinsí pearsanta.

Ag labhairt dó ar an chlár Adhmhaidin ar RnaG inniu, dúirt Mac Donnacha go bhfuil “ról lárnach” ag Raidió na Gaeltachta i saol na Gaeltachta agus na Gaeilge, cé go bhfuil sé sin “faoi ionsaí an t-am ar fad”. 

“Ní hamháin, b’fhéidir, go mbeadh ceist na hacmhainne go láidir ansin – ó thaobh acmhainní daonna agus acmhainní airgid agus gach rud mar sin de – ach freisin tá i bhfad níos mó roghanna ag daoine,” a dúirt sé.

I measc na ndúshlán atá le sárú ag Raidió na Gaeltachta, dúirt Mac Donnacha go mbeadh ar an stáisiún raidió Gaeilge dul i ngleic le nósanna nua éisteachta an phobail agus tuiscint níos mó a fháil ar lucht éisteachta an stáisiúin.

“Is dóichí, go sainiúil, go mbeadh muid ag rá gurb iad na héisteoirí is mó atá ag an raidió ná muintir na Gaeltachta ach níl sé sin fíor níos mó. Is léir go bhfuil éisteoirí againn taobh amuigh de na ceantair Ghaeltachta.”

Mícheál S. Mac Donnacha, Cathaoirleach nua Chomhairle RTÉ Raidió na Gaeltachta

Dúirt Mac Donnacha go bhfuil pobal mór éisteachta ag Raidió na Gaeltachta thar lear agus go bhfuil sé “fíorthábhachtach do thodhchaí an stáisiúin” go go mbeadh tuiscint ann faoi “cén sórt cineál daoine” atá ag éisteacht leis.

Nuair a cheistigh an craoltóir Gormfhlaith Ní Thuairisg é faoin “easpa acmhainní” atá á chur ar fáil ag RTÉ do sheirbhís Raidió na Gaeltachta, dúirt Cathaoirleach nua Chomhairle RTÉ Raidió na Gaeltachta go mbeadh sé ag cur ina luí ar lucht bainistíochta RTÉ an tábhacht a bhaineann leis an tseirbhís a chuireann Raidió na Gaeltachta ar fáil agus an gá le níos mó acmhainní.

Beidh Mac Donnacha ina chathaoirleach go dtí deireadh thréimhse na comhairle reatha in 2020.

Ghabh Ceannaire Gníomhach RTÉ Raidió na Gaeltachta, Gearóid Mac Donnacha buíochas le Siobhán Seoighe as an méid rinne sí mar chathaoirleach na Comhairle agus chuir sé fáilte roimh Mhícheál S Mac Donnacha.   

“Tá spéis agus taithí aige [Mac Donnacha] i gcúrsaí Gaeltachta le fada an lá, agus cuirfidh a chuid saineolais go mór le hobair na Comhairle sna blianta amach romhainn.  Guím gach rath air sa ról nua.”

Fógraíodh inniu freisin, go bhfuil Mairéad Ní Cheallaigh, príomhoide scoile i Ráth Chairn, arb as Leitir Móir na Gaillimhe í chomh maith, ceaptha ina ball nua ar an Chomhairle.

Is iad baill na Comhairle faoi láthair ná Mícheál S. Mac Donnacha (Cathaoirleach), Joe Mac Suibhne, Mairéad Ní Nuadháin, Cillian de Búrca, Máire Seosaimhín Breathnach, Gearóid  Ó Smoláin, Michelle Mhic Suibhne, Seosaimhín Mhic Gionntaigh, Aodán Mac Gearailt agus Mairéad Ní Cheallaigh.

Fág freagra ar 'Caithfear RTÉ RnaG a chosaint agus é ‘faoi ionsaí an t-am ar fad’  – Cathaoirleach nua Chomhairle RTÉ Raidió na Gaeltachta'

  • Des O Murchu

    Dfeadfai na milluin a sholathar do RNG da gcuirfi deire le craoladh rameis Sacar World Cup,Champions League ar RTE TV etc.

  • Cin

    I listen to Radio na Gaeltachta because I am a learner of the Irish language and Radio na Gaeltachta is currently the only radio station where you can hear the language spoken with the correct pronunciation and phonology.

    So Mr. Mac Donnacha that is the most important thing to me and as long as that aspect of RnaG does not change it will remain the only radio channel that I listen to.

    (And I am not alone, everybody in the online learners group I am part of listens for the same reason, bar the more advanced who listen solely for enjoyment.)

    Éistim le Raidió na Gaeltachta mar táim foghlaimeoir ar an teanga Éireannach agus faoi láthair is é Radio na Gaeltachta an t-aon stáisiún amháin cá cloisfimid an teanga á labhairt leis an fuaimniú ‘is blás ceart.

    Mar sin, ná aithin an roinnt sin le do thoil.

    Gabh mo leithscéal ar mo gramadach go huafásach, táim ag fhoghlaim le trí mhí anuas.