Caithfear ‘gníomhú láithreach’ chun postanna Aer Arann Islands a thabhairt slán – Ó Clochartaigh

Deir urlabhraí Gaeilge agus Galetachta Shinn Féin gur ‘mór an chreidiúint é do mhuintir Árann’ go bhfuil deireadh curtha leis an bpróiseas tairisceana maidir leis an gconradh do sheirbhís aeir d’Oileáin Árann

Pictiúr: Seán Ó Máinnín
Pictiúr: Seán Ó Máinnín

Ní foláir d’Aire na Gaeltachta Joe McHugh agus bainistíocht Aer Arann Islands gníomhú láithreach chun postanna oibrithe an chomhlachta a thabhairt slán, dar leis an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh.

Chuir urlabhraí Gaeilge agus Galetachta Shinn Féin fáilte ar maidin roimh chinneadh an lae inné deireadh a chur leis an bpróiseas tairisceana maidir leis an gconradh do sheirbhís aeir d’Oileáin Árann.

“Cuirm fáilte roimh an gcinneadh atá glactha ar deireadh thiar ag an Aire Joe McHugh chun an tairiscint lochtach le seirbhís aeir go hÁrainn a chur ar fáil, a tharraingt siar, ach caithfidh sé gníomhú láithreach le h-úinéirí Aer Árann Islands chun an tseirbhís reatha a chinntiú do na míonna amach romhainn, chomh maith leis an dá scór post dóibh siúd atá fostaithe go díreach sa tseirbhís”, a dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh.

Trevor_Ó_Clochartaigh_crop

D’impigh an Seanadóir ar an Aire agus ar úinéirí Aer Arann Islands dul i mbun cainte láithreach chun an tseirbhís aeir agus postanna an 40 duine atá ag obair sa chomhlacht “a chinntiú ar feadh bliana ar a laghad”.

“Is mór an chreidiúint é do lucht an fheachtais as Árann agus an pobal níos leithne a thacaigh leo, go bhfuil an tAire tar éis an droch-chinneadh seo, a bheadh tubaisteach amach is amach, a chur ar ceal. Ach, an rud a chaithfear a dhéanamh anois ná seirbhís eitleáin, a bheidh á sholáthar as aerfort Chonamara, atá ar chomhchéím ar a laghad leis an tseirbhís reatha, a dheimhniú.”

“Caithfidh an próiséas tairisceana nua riachtanais mhuintir Árann, atá mar phríomhúsáideoiri na seirbhíse aeir, a chur chun tosaigh ar bhealach fiúntach, seachas an cur chuige fabhtach a bhain leis an bpróiseas eile atá caite sna fataí lofa anois ag an Aire. Ní chóir go mbeadh an scéal ligthe chomh fada leis seo beag ná mór,” a dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh.

Ní raibh sé i gceist ag Aer Arann Islands glacadh le tuilleadh áirithintí ón tseachtain seo chugainn ar aghaidh, tráth a thiocfaidh deireadh lena chonradh le Roinn na Gaeltachta, agus tugadh rabhadh scoir d’fhoireann an chomhlachta dá réir.

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, inné go bhfuil deireadh curtha aige leis an bpróiseas tairisceana maidir leis an gconradh do sheirbhís aeir d’Oileáin Árann.

Thug an tAire McHugh le fios tráthnóna inné go gcuirfí Coimisiún na hEorpa ar an eolas faoin gcinneadh seo “a luaithe” agus ab fhéidir é agus go gcuirfí próiseas tairisceana nua ar bun don seirbhís aeir.

Dúirt an tAire Stáit go rachadh Roinn na Gaeltachta “i mbun comhráití” le Aer Arann Islands d’fhonn teacht ar chomhaontú leo maidir le seirbhís aeir a chur ar fáil do na hoileáin fad is atá an próiseas tairisceana nua á chur i gcrích.

Is ar an 26 Lúnasa a d’fhógair an tAire McHugh gurb iad Executive Helicopters Limited a roghnaíodh le seirbhís aeir a chur ar fáil do mhuintir Oileáin Árann.

Ó rinne an tAire an fógra sin, tá feachtas ar bun ag muintir Árann chun go leanfaí leis an tseirbhís eitleáin ó Aerfort na Minne in Indreabhán go hÁrainn mar mhalairt ar an seirbhís héileacaptair as an gCarn Mór i nGaillimh a bhí beartaithe ag Executive Helicopters Ltd.

Fág freagra ar 'Caithfear ‘gníomhú láithreach’ chun postanna Aer Arann Islands a thabhairt slán – Ó Clochartaigh'