Caithfear díriú ar chaighdeán Gaeilge na múinteoirí faoi oiliúint chomh maith lena líon…

San alt speisialta seo deir foireann an chúrsa MGO i scoil an oideachais in OÉ, Gaillimh go gcaithfear díriú ar chaighdeán Gaeilge na múinteoirí faoi oiliúint nó go mbeidh teagasc na Gaeilge agus an teanga féin thíos leis

Caithfear díriú ar chaighdeán Gaeilge na múinteoirí faoi oiliúint chomh maith lena líon…

Le tamall tá an meath leanúnach ar iarratais do chúrsaí iarchéime in oiliúint múinteoirí don dara leibhéal ina ábhar díospóireachta náisiúnta. Déanann an plé seo na himpleachtaí tromchúiseacha don oideachas trí mheán na Gaeilge a léiriú, agus a cheilt, ag an am céanna. 

Tá an earnáil don oideachas trí mheán na Gaeilge ag méadú. 

Ag féachaint ar an dara leibhéal amháin, léiríonn figiúirí ón Roinn Oideachais agus Scileanna go bhfuair 24,116 scoláire oideachas trí mheán na Gaeilge in 2016/2017. Tá an fhorbairt seo ag tarlú ag an am céanna go bhfuil iarratais don MGO (Máistir Gairmiúil san Oideachas) in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ag titim. ’Sé an MGO an t-aon chlár in oiliúint múinteoirí don dara leibhéal a dhéantar a reáchtáil trí mheán na Gaeilge. Cén fáth a bhfuil seo ag tarlú, go mór mhór agus ráta fostaíochta 100% ag céimithe an chúrsa le cúpla bliain anuas, agus iad fostaithe i bhformhór na scoileanna lán-Ghaeilge ar fud na tíre?

Tá infheistíocht shubstaintiúil ama agus airgid i gceist le cáiliú mar mhúinteoir iarbhunoideachais. Ní nach ionadh, bíonn sé sin go mór sa treis agus an mhúinteoireacht mar ghairm á meas ag iarratasóirí. Sa bhliain 2014 athraíodh na cláir in oideachas tosaigh múinteoirí go cúrsaí máistreachta atá dhá bhliain ar fhad. Mar sin, an té a bhfuil bunchéim ceithre bliana cheana aige, tógann sé sé bliana ar fad air cáiliú mar mhúinteoir iarbhunoideachais. Lena chois sin, d’fhéadfadh costais mhóra taistil a bheith i gceist idir an baile agus an scoil ina bhfaigheann sé nó sí socrúchán scoile (an cleachtadh múinteoireachta) nach bhfuil aon íocaíocht ag dul leis. Bíonn tionchar ag na nithe tábhachtacha seo ar chinneadh na n-iarratasóirí, ach fad is a bhaineann sé leis oideachais trí mheán na Gaeilge, tá an cheist níos cigiltí ná sin. San iomaire seo, tá an caighdeán chomh tábhachtach céanna leis an gcainníocht. 

Le soláthar múinteoirí a chinntiú do scoileanna a mhúineann trí mheán na Gaeilge caithfear iarratasóirí a mhealladh a bhfuil an inniúlacht teanga acu chun a gcuid ábhar ar fad a mhúineadh trí Ghaeilge. Fós féin, bíonn go leor céimithe, fiú iad siúd a bhfuil céim onóracha sa Ghaeilge acu, a mbíonn easpa líofachta agus muiníne orthu ó thaobh na Gaeilge, an teanga scríofa go háirithe. 

Nuair a bhíonn riachtanais chúrsa an MGO trí mheán na Gaeilge á meas ag iarratasóirí, an riachtanas obair scríofa an chúrsa a dhéanamh trí Ghaeilge go háirithe, déanann siad cinntí atá straitéiseach. Cén fáth a roghnódh siad cúrsa oiliúna múinteoirí atá dírithe ar theagasc na scileanna agus saineolas ar fad a theastaíonn chun múineadh i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta nuair is féidir leo an cháilíocht chéanna a fháil trí Bhéarla? Ní bhíonn aon difríocht ó thaobh na gcáilíochtaí de, mar bíonn gach múinteoir nuacháilithe cáilithe lena n-ábhair chéime a theagasc in aon scoil dara leibhéal, beag beann ar theanga theagaisc na scoile sin nó ar an gcúrsa oiliúna a roghnaigh sé. 

Cé a chuirfeadh an locht ar iarratasóirí as a bheith straitéiseach? Má tá locht le fáil is ar na heasnaimh agus na rudaí atá ag ‘briste’ ag gach leibhéal sa chóras oideachais atá sé – na heasnaimh maidir le caighdeán theagasc, fhoghlaim, mheasúnú agus ghnóthachtáil na Gaeilge ar fud an chórais.

Cé go bhfuil titim thubaisteach ar líon na n-iarratasóirí do chláir oiliúna múinteoirí, an MGO in measc, ceist níos práinní is ea an tionchar suntasach, más folaithe féin é, atá ag caighdeán litearthachta na gcéimithe Gaeilge ar mhúineadh na Gaeilge mar ábhar, ar an teagasc trí Ghaeilge agus go deimhin ar thodhchaí na teanga féin. 

Cad is féidir a dhéanamh? Táthar ann a éilíonn go bhfillfí ar an seanmhúnla oiliúna múinteoirí; an cúrsa bliana. Céim ar gcúl a bheadh anseo óir tá buntáistí ag baint leis an dara bliain a bheith i gceist agus tá an tairbhe sin le feiceáil go soiléir sa tuiscint níos doimhne a bhíonn ag na múinteoirí faoi oiliúint ar an teagasc, an fhoghlaim agus ar an gcleachtas gairmiúil.  

Ina dhiaidh sin féin, caithfear scrúdú a dhéanamh ar bhealaí le hiarratasóirí a mhealladh le tabhairt faoi chúrsaí trí mheán na Gaeilge. D’fhéadfaí é seo a bhaint amach le sparánachtaí a chur ar fáil nó trí laghdú a dhéanamh ar na táillí. Lena chois sin, ba cheart deiseanna a chur ar fáil do mhúinteoirí nuacháilithe Gaeilge agus do mhúinteoirí a mhúineann trí Ghaeilge, cur lena scileanna litearthachta, de réir mar is gá.  

Deir An Chomhairle Mhúinteoireachta gur cheart go mbeadh ar gach múinteoir faoi oiliúint a léiriú go bhfuil inniúlacht shásúil acu sa Ghaeilge. Cé go bhfuil an tacaíocht teanga lárnach i gclár an MGO, ní éireoidh le cúrsa iarchéime dá leithéid, as féin, na deacrachtaí a bhíonn ag múinteoirí le scríobh na Gaeilge a chur ina gceart agus an fáinne fí seo a bhriseadh. 

Is léir go bhfuil breis tacaíochta, faoi mar atá ann do mhúinteoirí nuacháilithe faoin gClár Náisiúnta Ionduchtaithe do Mhúinteoirí, de dhíth mar aon le forbairt ghairmiúil leanúnach dóibh siúd a iarrann é. 

I láthair na huaire tá ceist soláthar múinteoirí ag an dara leibhéal go mór i mbéal an phobail. Ó thaobh mhúineadh na Gaeilge de, agus ó thaobh an teagaisc trí Ghaeilge, caithfear díriú ar chaighdeán Gaeilge na múinteoirí faoi oiliúint. Mura ndéanfar sin beidh impleachtaí tromchúiseacha, forleathana ann don teagasc trí Ghaeilge agus do thodhchaí na teanga féin. 

Sinéad Ní Ghuidhir,
Brendan Mac Mahon,
Seán Ó Grádaigh,
Emer Davitt,
Breandán Mac Gearailt
(Foireann – Máistir Gairmiúil san Oideachas, 
Scoil an Oideachais, OÉ Gaillimh)

Fág freagra ar 'Caithfear díriú ar chaighdeán Gaeilge na múinteoirí faoi oiliúint chomh maith lena líon…'

  • Mánus

    Is jóc atá sa gcúrsa Gaeilge Ardteiste Ardleibhéal do aon dalta atá i nGaelcholáiste. Tuigeann na daltaí é sin toisc go hhfuil an cúrsa Bhèarla níos dúshlánaí. Toisc an caighdeân íseal sin ag an dara leibhéal tá an caighdeân Ghaeilge sna ranna Ghaeilge sna hollscoileanna go hainnis freisin. Fiú má tá céim 2.1 sa nGaeilge agat ní cruthúnas é sin go bhfuil eolas cuimsitheach ar an teanga agat. Teastaíonn cursa Ardteiste dos na Gaelcholáistí ar comhchéim leis an cúrsa Bhéarla agus teastaíonn ollscoil LánGhaeilge.

  • Seán Ó hAodha

    Cheapfadh éinne go mbeadh caighdeán ard Ghaeilge ag daoine le B.A. sa nGaeilge ach anois tá sé aitheanta ag foireann san ollscoil is Gaelaí sa tír go “mbíonn go leor céimithe, fiú iad siúd a bhfuil céim onóracha sa Ghaeilge acu, a mbíonn easpa líofachta agus muiníne orthu ó thaobh na Gaeilge, an teanga scríofa go háirithe.” agus “an tionchar suntasach, más folaithe féin é, atá ag caighdeán litearthachta na gcéimithe Gaeilge ar mhúineadh na Gaeilge mar ábhar, ar an teagasc trí Ghaeilge agus go deimhin ar thodhchaí na teanga féin. ”
    Mura bhfuil caighdeán sách ard ag cuid acu siúd go bhfuil céim ónóracha sa Ghaeilge acu chun ábhair acadúla a mhúineadh tré mheán na Gaeilge cad mar gheall ar na hábhair phraticiúla? i.e. Ealaín, Tíos, Corpoideachas, Líníocht Ghrafach Theiciniúil, Foirgneolaíocht, Adhmadóireacht, Miotalóireacht.
    Cén caoi a mbeadh múinteoirí nuacháilithe na nábhar praiticiúl nach bhfuil ach Gaeilge Ardteiste acu tabhairt faoin teagasc tré mheán na Gaeilge le lán-mhuinín? Sin an triú cuid de mhúinteoirí in aon mheánscoil Gaeltachta nó meánscoil LánGhaeilge.
    Bíonn deacrachtaí ollmhóra múinteoirí phraiticiúla a aimsiú atá in ann teagasc tré mheán na Gaeilge ag an dara leibhéal. Ní mór don Roinn Oideachas cúrsaí lánaimseartha a chur ar fáil le múinteoirí praticiúla a oiliúint chun teagasc tré mheán na Gaeilge.
    Is bagairt do Ghaeloideachas na tíre ar fad an scéal seo. Ní bheidh feabhas ar chúrsaí go dtí go mbíonn curaclam Ardteiste Ghaeilge faoi leith dos na meánscoileanna Gaeltachta agus LánGhaeilge; curaclam suimiúil nach bhfuil dírithe ar foghlaimeoirí T2 seachas an curacalm leanbaí “one size fits all” atá againn faoi láthair.

  • Roddy

    Níl céim in Eolaíocht agus Gaeilge ar fáil ach an oiread. Sin beagnach leath na múinteoirí dara leibhéil nach bhfuil deis acu an Ghaeilge do bheith sa gcéim. Beidh siad ag braith ar an gcaighdeán Ghaeilge a bhain siad amach don Ardteist!