Caithfear cothrom na Féinne a thabhairt i dtoghcháin uachtaránachta

Níl sé ceart ná cóir ligean d’uachtarán reatha ‘an pháirc imeartha’ a éagothromú, mar a tharla i 1966 agus arís i mbliana

Caithfear cothrom na Féinne a thabhairt i dtoghcháin uachtaránachta

An tUachtarán Ó hUigínn. Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Thug an tUachtarán Ó hUigínn freagra soiléir i rith na seachtaine nuair a ceistíodh é faoina neamhthoil páirt a ghlacadh i ngach díospóireacht uachtaránachta.

Dúirt sé ar Morning Ireland Dé Céadaoin go raibh reachtaíocht a chuir an tOireachtas chuige le síniú á léamh aige oíche Dé Luain seo caite, nuair nár fhreastail sé ar dhíospóireacht le Claire Byrne ar RTE. Dúirt sé freisin go raibh sé ag “ullmhú” i gcomhair bhronnadh séalaí oifige ar airí nua rialtais agus ar bheirt bhreithiúna nua.

Ní aontóidh gach duine le leithscéal an Uachtaráin. Is deacair a shamhlú, mar shampla, cén mór-ullmhúchán a bhí riachtanach sular casadh Joe McHugh agus na hairí nuacheaptha eile air in Áras an Uachtaráin Dé Máirt.

Nach bhféadfaí gnó oifigiúil an Uachtaráin a riar le linn an fheachtais toghcháin ionas go mbeadh sé ábalta freastal ar leathdhosaen díospóireachtaí lena linn?

Cuimhnigh freisin nach bhfuil gnáthstocaireacht toghcháin ná taisteal á dhéanamh gach lá ag Micheál D Ó hUigínn, cheal ama dar leis féin, mar atá ag na hiarrthóirí eile.

Cuirimis Peter Casey i leataobh faoi láthair, ó dúirt sé go raibh sé ag beartú tarraingt amach as an rás (cé go bhfuil sé ródhéanach de réir dlí anois ainm iarrthóra a bhaint den pháipéar vótála). 

Cuirimis cúis amhrais i leataobh freisin.

Glac leis gur leithscéal réasúnta a thug an tUachtarán. Is ionann sin agus glacadh leis nach féidir feachtas cothrom toghchánaíochta a reachtáil má bhíonn Uachtarán atá ag seasamh arís páirteach ann.

Níl an scéal chomh héagothrom agus a bhí i 1966 nuair a d’fhógair Éamon de Valera, a toghadh mar uachtarán seacht mbliana roimhe sin, go raibh sé ag seasamh arís. Bhí sé 83 bliain d’aois agus radharc na súl caillte beagnach go hiomlán aige. Níor ghlac sé páirt i gcláir theilifíse ná i bhfeachtasaíocht.

Chuir RTÉ cosc iomlán ar chláir thoghcháin ionas nach gcuirfí éagothromaíocht ina leith agus ní raibh aon stáisiún náisiúnta eile sa tír. Toghadh de Valera an athuair, cé nach raibh sé ach 10,717 chun cinn ar iarrthóir Fhine Gael, Tom O’Higgins.

Níl sé ceart ná cóir ligean d’uachtarán reatha ‘an pháirc imeartha’ a éagothromú, mar a tharla i 1966 agus arís i mbliana. Ní ar iarrthóirí eile atá an milleán go bhfuil Mícheál D Ó hUigínn róghnóthach, dar leis féin, chun páirt a ghlacadh sna cláir theilifíse agus raidió a thugann deis don phobal fiúntas na n-iarrthóirí a chur i gcomparáid.

Neartaíonn gnáthchlár oibre an Uachtaráin an éagothromaiocht seo. Má fhreastalaíonn sé ar chluiche peile mar shampla, mar a rinne Micheál D Ó hUigínn agus Éire ag imirt in aghaidh na Danmhairge Dé Sathairn seo caite, tugtar deis dó dul os comhair an phobail a cheiltear ar iarrthóirí eile. 

Is féidir an dá chineál éagothromaíochta seo a leigheas. Ní theastaíonn ach leasú simplí ar airteagal 14.1 den Bhunreacht, ina bhfuil foráil a cheadaíonn coimisiún a bhunú ar bhás uachtaráin nó má fhaigheann uachtarán bás “má bhíonn an tUachtarán as láthair nó má bhíonn ar míthreoir [‘temporary incapacity’a deir an leagan Béarla] go sealadach”.

Triúr a ghlacann páirt sa Choimisiún, de réir an Bhunreachta: an Príomh-Bhreitheamh, Ceann Comhairle na Dála, agus Cathaoirleach an tSeanaid. Bhí an coimisiún riachtanach tar éis bhás an uachtaráin Childers i 1974 agus arís ar éirí as oifig Chearbhaill Uí Dhálaigh i 1974.

Is féidir cuid mhór den chlár oibre uachtaránachta a chur siar go dtoghtar uachtarán nua, de ghnáth. Ach deimhníonn an Coimisiún nach gcuirtear moill, mar shampla, ar reachtaíocht phráinneach.

D’fhéadfaí an fhoráil seo sa Bhunreacht a leasú ionas gur faoin gCoimisiún a bheadh sé cúraimí an uachtaráin a chomhlíonadh feasta i gcás toghcháin ina mbeadh uachtarán ag seasamh arís. Ní bheadh leithscéal ná cúis acu ansin gan freastal ar dhíospóireachtaí. Ní iarrfaí ar iarrthóirí eile a bheith páirteach arís i “leathdhíospóireacht” (mar a thug iriseoir i Raidió na Gaeltachta ar chomhrá an cheathrair Dé Luain).

Ní dheimhníonn an córas daonlathach ainmniú iarrthóirí den scoth, mar is léir ón rogha shuarach atá romhainn Dé hAoine seo chugainn.

Ach i bhfianaise an fheachtais seo, ba chóir an córas a athrú ionas go mbeidh prionsabal tábhachtach i réim ó thús go deireadh an fheachtais in 2025 – Cothrom na Féinne.

Fág freagra ar 'Caithfear cothrom na Féinne a thabhairt i dtoghcháin uachtaránachta'

  • Carraig

    “Ní dheimhníonn an córas daonlathach ainmniú iarrthóirí den scoth”. Bhuel bhuel. Ní thiocfadh camthaí an Trumpa leis an méid sin. Tá an ghaoth i seolta (agus in áiteanna eile) ag Ó hUiginn le fada agus ní dócha go n-éireoidh leis an ‘canaille’ eile é a chur dá bhuille anois. Níl aon oidhre air sa Vice Regal Lodge ach cat a scaoilfí isteach in uachtarlann agus a sháith de mheabhlach a dhéanamh ansin. Slì na fírinne a nochtadh do na fíréin, óir is aige atá a fhios bhfuil fhios agat.