Caithfear cliceáil! An suíomh nua www.máirtínócadhain.ie á sheoladh inniu…

Beidh eolas cuimsitheach ar fáil faoin mhórscríbhneoir Gaeltachta Máirtín Ó Cadhain shuíomh idirlín nua atá á sheoladh inniu

Caithfear cliceáil! An suíomh nua www.máirtínócadhain.ie á sheoladh inniu…

Caithfear éisteacht! a dúirt an Cadhnach, ach caithfear cliceáil feasta chomh maith agus an suíomh nua www.mairtinocadhain.ie á sheoladh inniu.

Beidh eolas cuimsitheach ar fáil www.mairtinocadhain.ie faoin mhórscríbhneoir Gaeltachta, atá áirithe i measc na scríbhneoirí is tábhachtaí de chuid na nualitríochta,.

Inniu a sheolfar an suíomh nua, atá curtha i dtoll a chéile ag Bord Iontaobhas Uí Chadhain, ag ‘Comhdháil Litríochta agus Cultúir’ atá á reáchtáil in Áras na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Is iad Fidelma Ní Ghallchóir, comhordaitheoir an tsuímh agus Micheál Mac Lochlainn, an dearthóir, a sheolfaidh an áis nua.

I measc an ábhair ar an suíomh, tá saothair litríochta agus acadúla de chuid an Chadhnaigh,  eolas beathaisnéise lena n-áirítear a chuid gníomhaíochtaí polaitiúla agus léirmheasanna a rinneadh ar a shaothar próis, Cré na Cille agus saothar eile.

Tá anailís déanta ag Fidelma Ní Ghallchóir ar chuid den ábhar sin agus míniú tugtha aici faoin chomhthéacs lena mbaineann sé, nuair ba ghá.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Ní Ghallchóir go bhfuil sí ag súil go dtarraingeoidh an áis nua aird ar shaothar an Chadhnaigh.

Dúirt sí gur raibh dúshlán mór i gceist le bailiú an ábhair agus ceadanna cóipchirt a lorg ach go raibh áthas uirthi an suíomh a bheith ar fáil anois “don phobal, do thaighdeoirí agus do dhaoine ar spéis leo an litríocht”.

Dúirt Ní Ghallchóir go mbeidh breis ábhair á chur leis an suíomh amach anseo agus go raibh  cead cóipchirt á lorg aici do “go leor ábhair” go fóill, ina measc ábhar a bhailigh gaolta le Máirtín Ó Cadhain.

“Ba é an dúshlán ba mhó ná an oiread sin ábhair a bheith ar fáil, é a aithint, agus teacht ar na húinéirí cóipchirt,” ar sí.

Beidh fáil ag an phobal ar an suíomh nua ag a 9.00am maidin inniu, agus teacht ar sheoladh idirlín an tsuímh leis na sínte fada nó dá n-uireasa, a deirtear.

Thug Ní Ghallchóir le fios go raibh iarrachtaí eile ar bun ag Bord Iontaobhas Uí Chadhain chun oidhreacht an mhórscríbhneora a chaomhnú. Tá súil ag an bhord an teach inar rugadh Máirtín Ó Cadhain ar an Chnocán Glas, taobh thiar den Spidéal, a cheannach agus a fhorbairt mar ionad do chuairteoirí. Tá súil acu chomh maith dealbh lánmhéide den Chadhnach a choimisiúnú agus a chur in airde i gceantar an Spidéil. Beidh feachtas tiomsaithe airgid á reáchtáil acu amach anseo le hairgead a bhailiú do na tograí sin.

Fág freagra ar 'Caithfear cliceáil! An suíomh nua www.máirtínócadhain.ie á sheoladh inniu…'

  • Pól Ó Braoin

    Thar cionn uilig …

  • Mairéad

    Mecca ar líne! Féarplé dhaoibh.