‘Caith le gach scéal nuachta amhail is gur Lá na nAmadán atá againn’

Deir Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin go nglactar leis ar fud an domhain gur contúirt an bréageolas agus an t-iompar slítheánta ar líne dár gcórais toghcháin

‘Caith le gach scéal nuachta amhail is gur Lá na nAmadán atá againn’

Bíodh gach lá ina Lá na nAmadán agat an chomhairle atá ag an gCoimisiún Toghcháin do dhaoine faoi thoghcháin na hEorpa i mí an Mheithimh.

Ag labhairt dó i dTeach Laighean an tseachtain seo, dúirt Art O’Leary, Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin, gur chóir go mbeadh an t-amhras céanna ar dhaoine faoi chúrsaí nuachta gach lá is bhíonn orthu ar an 1 Aibreáin nuair a chuirtear scéalta bréige amach ar mhaithe leis an gcraic.

“Chun cur i gcoinne an bhréageolais, ní mór dúinn gach lá á chaitheamh amhail is gurb é an 1 Aibreán é, ceisteanna a chur faoi cheannlínte agus ceisteanna a chur orainn féin. Cé atá á insint seo dom? Conas go bhfuil a fhios agam go bhfuil seo fíor? An bhfuil foinsí iontaofa eile ann?

“Chomh fada is atá an daonlathas féin ann, tá na hiarrachtaí seo ar bun vótóirí a chur dá mbuille, a n-intinn a athrú agus mearbhall a chur orthu, ach is ag éirí níos casta agus níos sofaisticiúla atá na seifteanna a mbaintear leas astu. An mana ba cheart a bheith againn ná a bheith cúramach i gcónaí agus ní mór don uile dhuine sin obair an tseiceálaí fíricí a dhéanamh dúinn féin.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin go nglactar leis ar fud an domhain gur contúirt an bréageolas agus an t-iompar slítheánta ar líne don chóras toghcháin.

Dúirt sé gur léirigh taighde a rinne an IDEA, institiúid idirnáisiúnta a thacaíonn le toghcháin dhaonlathacha, go raibh an bréageolas ina chuid de thoghcháin i 92% den 53 tír ar deineadh scagadh orthu.

“Cé nach raibh béim ar leith ar Éirinn sa taighde áirithe sin, níl aon chúis againn a cheapadh go mbeadh Éire saor ón iompar seo.

“Más blaiseadh atá uait den rud atá i gceist, ní obair theicniúil AI nó haiceála a bhíonn i gceist i gcónaí. Luann an IDEA cás amháin inar dúradh le roinnt vótóirí go bhféadfaidís duais a bhuachan ach a n-ainm a scríobh ar an bpáipéar ballóide,” arsa Art O’Leary.

Dúirt sé nach raibh aon fheidhm reachtúil nó rialála ag an gCoimisiún Toghcháin faoi láthair i leith an bhréageolais agus na mífhaisnéise.

“Mar sin féin mar choimisiún toghcháin agus foinse eolais gur féidir brath uirthi aimsir toghchán agus reifreann, déanfaimid ár ndícheall a chinntiú go mbeidh dóthain eolais ag vótóirí faoi conas feidhm a thabhairt dá vótaí daonlathacha. Táimid ag iarraidh daoine a spreagadh a vóta a chaitheamh agus a chinntiú go gcloistear a nglór, bíodh sin le linn reifreann nó toghchán.”

Sheol an Coimisiún Toghcháin feachtas eolais don phobal an tseachtain seo caite le go mbeadh daoine san airdeall ar an mbréageolas  agus eolas míchruinn a bhíonn a scaipeadh ar ardáin éagsúla.

Idir an 6-9 Meitheamh seo chugainn a rachaidh daoine i mballstáit an Aontais Eorpaigh go dtí na botháin vótála chun 720 feisire a thoghadh chun Parlaimint na hEorpa. 14 feisire a thoghfar chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn.

Tuairiscíodh le déanaí go leagfaí mar dhualgas ar na hardáin mhóra dhigiteacha, amhail Instagram, TikTok agus X, lipéad a chur le hábhar a chruthaítear leis an intleacht shaorga.

Dúirt Coimisinéir an Mhargaidh Inmheánaigh, Thierry Breton gur cinnte go ndéanfaí ionsaí ar thoghcháin na hEorpa. “Ní haon mhaith dúinn beartais gan dealramh,” ar sé.

Tá ráite ag comhlachtaí áirithe, OpenAI, a dhéanann ChatGP, san áireamh go dtosóidh siad ag cur lipéad ar íomhánna bréige. Deir Meta, ar leo Instagram, agus Facebook, go dtosóidh siadsan sna míonna seo romhainn ag cur lipéad ar ábhar a ghintear le AI.

Fág freagra ar '‘Caith le gach scéal nuachta amhail is gur Lá na nAmadán atá againn’'