Denis O’ Brien agus Caisleán Óir Chonamara

Tá Denis O’ Brien, a bhfuil sé ráite faoi gurb é an tÉireannach is saibhre ar domhan é, ag cur caoi ar chaisleán cáiliúil i gConamara a bhíodh ina phríosún tráth

Denis O'Brien. Pictiúr: Leah Farrell/Photocall Ireland
Denis O’Brien. Pictiúr: Leah Farrell/Photocall Ireland

Is cosúil nar bhain treibh na mBrianach – bhí ceannas acu ar Oileáin Árann – agus na Flatharta fíochmhara a bhí lonnaithe i mBaile na hInse i gConamara mórán ceart dá chéile sa Meánaois.  Thugadh na Flathartaigh, a bhí lonnaithe i mBaile na hInse corrfhogha amach. Is dóigh nach gcreidfeadh na Flathartaigh san am go mbeadh Brianach i gceannas ar Chaisleán Bhaile na hInse le himeacht na haimsire. Ach mar sin atá anois agus is fear deisiúil é. Tá sé tugtha síos do Denis O’ Brien gurb é an tÉireannach is saibhre ar dhroim na cruinne é.  Agus cuirfidh sé caoi ar an seanfhothrach bhí ina chaisleán beag ag na Flathartaigh ar Loch Bhaile na hInse nuair a bhí ceannas acu ar Chonamara. Go deimhin, tá stafall feistithe le haghaidh na hoibre sin ar an oileán anois. Is féidir é a fheiceáil go soiléir ón bpríomhbhóthar idir Gaillimh agus an Clochán. 

Tá stair agus scéalta ag baint leis an bhfoirgneamh sin atá tite ina fhothrach le fada an lá.  D’abraítí go raibh sé á úsáid mar phríosún ag Richard Martin (“Humanity Dick”), fear cosanta na n-ainmhithe; daoine a thug drochíde d’asail i gConamara a fuair téarma ar an oileán nuair a bhí na Máirtíní i réim i gConamara. D’éirigh cúrsaí níos galánta níos deireanaí sa saol agus bhí an caisleán ar an oileán ina ionad do picnics; ní raibh lucht na n-asal ag dul ann ar chor ar bith an uair sin.

Duine de thréibh na bhFlathartach – Dónal – a thóg an Caisleán ar an oileán sa séú haois déag. Bhí seisean pósta ag banríon na mara, Gráinne Ní Mháille no Gráinne Mhaol. Níor mhair an pósadh an-fhada; d’fhág Gráinne caisleán an oileáin ansin agus d’imigh chun farraige le fear eile. Thit réimeas na bhFlatharthach fíocmhar freisin agus is iad na tiarnaí tálún Sasanacha, na Máirtíní, a fuair seilbh ar Bhaile na hInse sa seachtú hAois déag.   

Tháinig deireadh le ré na Máirtíneach th’éis an Ghorta Mhóir agus bhí roinnt mhaith úinéirí ar Bhaile na hInse le céad bliain agus tuilleadh. Ní dóigh go raibh mórán dream acu chomh tréan leis an bhfear is deireanaí a bhfuil an áit ceannaithe aige – Denis O’ Brien.

Is é a chuid airgid atá á chaitheamh ar an seanfhothrach stairiúil.  Daingneofar an méid de na ballaí atá fanta agus chuile sheans go n-ardófar iad. 

Caithfear é sin a dhéanamh i gcomhar le saineolaithe seandálaíochta de bharr an stadais atá ag an bhfothrach. Níl a fhios acu fós i mBaile na hInse an gcuirfear ceann as an nua ar chaisleán an oileáin. Ní dóigh gur easpa airgid an chúis a bheidh leis mura ndéanfar sin…mar th’éis 500 bliain, tá na Brianaigh i gceannas ar Bhaile na hInse agus iad teann sa bpóca.

Fág freagra ar 'Denis O’ Brien agus Caisleán Óir Chonamara'