An stair agus na nóiníní faoi bhláth i bpáirceanna Bhaile Átha Cliath

Táthar siúd a thugann aire do Theach agus do Pháirc Chábán tSíle ag cuimhneamh ar níos mó ná an ré atá caite

An stair agus na nóiníní faoi bhláth i bpáirceanna Bhaile Átha Cliath

Tá Teach agus Páirc Chábán tSíle ar ceann de sheoda an cheantair seo ó thaobh na bpáirceanna poiblí de. Ach chuirfinn geall gur beag duine i measc an tslua a bhí ag baint spraoi as le linn na dea-aimsire, a mbeadh aon tuairim acu faoin gceangal atá idir an teach mór galánta sin, Éirí Amach 1916, an sean-IRA, agus na ‘Sweepstakes’.

Bhí mé ag caint le gairid le Ceannfort na bPáirceanna Poiblí i gceantar Dhún Laoghaire/Ráth an Dúin agus ba é ábhar an chomhrá sin a thug fhad leis an Teach sin mé.

Is é Ruairí Ó Dúlaing an Ceannfort a bhfuil cúram na bpáirceanna ar fad sa gceantar seo air. Ina measc tá Páirc mhór Marlay a bhfuil cáil na gcoirmeacha ceoil uirthi; Páirc na Carraige Duibhe; Páirc ‘an Phobail’ i nDún Laoghaire; Páirc na bhFianna – nó Deerpark i gCnoc Mhuirfean agus, an ceann is deireanaía thóg siad ar láimh, Páirc agus Teach Fernhill.

Ach bhí mé fiosrach faoi Theach Mór Chábán tSíle agus thug mé sciuird amach ann an lá cheana. Go hiondúil bíonn stair na dTithe Móra in Éirinn ceangailte go dlúth le lucht na huasaicme Angla-Éireannaí. Agus, go deimhin, ag dul siar sa stair is cinnte gur bhain an teach seo le duine dá leithéid uair amháin.

Ach ní haon tiarna talún Angla-Éireannach a bhí in úinéir deireanach an Tí Mhóir seo. Bhásaigh an t-úinéir deireanach Joe McGrath i 1966.

Rugadh é in 1888. Le linn a shaoil bhí sé san IRB agus an IRA, ina Theachta Dála do Shinn Féin agus do Chumann na nGaedheal agus ina fhear gnó. D’oibrigh sé le Micheál Ó Coileáin. Ghlac sé páirt in Éirí Amach 1916 agus ina dhiaidh sin, bhí sé ina Aire Rialtais.

In 1930, bhunaigh sé an Crannchur ar tugadh an ‘Irish Hospital Sweepstakes’ air nuair a bhí an eitinn ag réabadh tríd an tír. Fear an-saibhir a bhí ann de bharr a chuid gnó agus mar gheall ar chomh maith agus a d’éirigh leis an gCrannchur, gnó a bhí thar a bheith conspóideach. An crannchur a d’fhág go raibh ar a chumas an teach mór seo a cheannach agus an-saol go deo a chaitheamh ann.

D’fhág sliocht Joe McGrath an teach agus na tailte seo le huacht ag an Stát i 1988. Cé gur féidir leis an bpobal cuairt a thabhairt ar an teach agus go deimhin, úsáidtear go minic é mar láthair scannánaíochta, ba mhó an tsuim a léirigh an pobal sna tailte deasa mórthimpeall air, an lá ar thug mé féin cuairt ann.

Tá sé tugtha faoi deara arís agus arís eile agam le tamall, go bhfuil suim múscailte arís i measc phobal na hÉireann sna sean-chaithimh aimsire – an pheil, an rothaíocht, picnic ar an bplásóg féir, damba a chur ar shrutháin agus mar sin. Imeachtaí a thugann an chlann le chéile.

Bhí sin uilig ar siúl ag na céadta duine a bhí ar cuairt ag Páirc Chábán tSíle an lá cheana.

Thug mé faoi deara go bhfuil toradh fónta ar an bpolasaí atá ag Ruairí agus an Chomhairle, gan aon ‘spraeáil’ a dhéanamh agus iad ag ligean do na plandaí fiáine fás go nádúrtha gach áit ar féidir.

Cúpla seachtain ó shin bhí an caisearbhán i mbarr a réime.

Na laethanta seo tugaim an ‘cam an ime’ faoi deara gach áit ann.

Bíonn a sheal féin ag gach bláth.

‘Bhíomar ag caitheamh an t-uafás airgid ar ‘lus an chromchinn,’ arsa Ruairí liom. ‘Ach ansin smaoinigh muid go bhfuil an dath buí céanna ar bhláthanna fiáine – agus ligeamar dóibh fás ar fud na bpáirceanna.’

Tá polasaí acu freisin gan a bheith ag baint an fhéir rómhinic – ‘Slow to Mow’ mar a thugann siad air. Tugann sin seans do na plandaí fiáine fás ar feadh séasúir agus tagann siad ar ais níos láidre an chéad séasúr eile. Ar a chuntas pearsanta Twitter cuireann Ruairí pictiúir de bhláthanna fiáine ar fáil agus ainmneacha an phlanda i mBéarla agus i nGaeilge in éineacht leo.

Cheap mé go mbeadh an-dúil ag lucht na bpáirceanna in athphlandáil crainnte dúchasacha agus cheistigh mé é faoi sin. Ach thug sé ábhar machnaimh dom nuair a luaigh sé an tionchar a bheas ag an athrú aeráide ar pholasaithe plandála crainnte as seo amach.

‘Mar shampla,’ a dúirt Ruairí. ‘Tá siad den bharúil anois go bhfuil sé ag éirí róthe do na crainnte dúchasacha sa bhFrainc.’

Cé a cheapfadh go mb’fhéidir go mbeadh sé róthe i gceann roinnt bhlianta dár gcrainnte dúchasacha?

Ach bíonn ar lucht na bpáirceanna poiblí a bheith ag smaoineamh chun cinn agus iad ag plandáil.

Feicfear na polasaithe nua seo i gceann de na páirceanna poiblí is nua atá i seilbh na Comhairle Contae – Teach agus Páirc Fernhill, faoi scáth Shléibhte Átha Cliath agus Chill Mhantáin.

Tá mé ag súil go mór an teach seo agus an pháirc mhór mórthimpeall air a fheiceáil chomh luath agus a scaoilfear na srianta taistil atá orainn faoi láthair.

Tá rud nó dhó fíorspéisiúil chomh fada agus a bhaineann sé leis an teach seo.

Ar an gcéad dul síos, tá plean eolaíochta mór leagtha amach don Pháirc ag Ruairí agus an fhoireann i nDún Laoghaire/Ráth an Dúin.

Toisc gur páirc phoiblí ‘nua as an bpíosa’ é seo, tá sé i gceist acu go mbeidh gach rud sa pháirc ‘inbhuanaithe.’

Ciallaíonn sé sin go mbeidh gach gné d’obair na páirce ‘glas’ – ón leictreachas go dtí an t-uisce dramhaíola, ón bhfuinneamh a úsáidfear sna feithiclí go dtí an modh cumarsáide a bheas ag foireann na páirce.

Agus an dara rud atá fíorspéisiúil faoin bpáirc ná gur chuir an Chomhairle tréad eallach ‘Droimeann’ isteach sa bpáirc anuraidh.

Cineál bó dhúchasach í an Droimeann agus toisc nach bhfuil mórán díobh fágtha in Éirinn anois, beidh an-tionchar ag an tréad seo ar thodhchaí na n-eallach sna blianta atá amach romhainn.

Gasúir ag imirt cleas na bacóide nó ‘hopscotch’, buachaillí agus cailíní ag tógáil dambaí ar shrutháin, caisearbháin ag fás go flúirseach, móinéar in áit plásóg bhearrtha féir agus an Droimeann Donn Dílis ag cur fúithi go sásta faoi scáth shléibhte Átha Cliath – nach deas an méid sin a bheas fágtha le huacht, le cúnamh Dé, ag an gcéad ghlúin eile?

Fág freagra ar 'An stair agus na nóiníní faoi bhláth i bpáirceanna Bhaile Átha Cliath'

  • Fillis NI Shuirlis

    Bhain mé an- aoibhneas as an bpiosa scri sin, a Mhairéad, agus an tsuim atá agat sa dúchas agus dúlra. Fillis NI Shuirlis.