Cáipéisí Stáit 1985: Liúntas carranna á íoc le feidhmeannaigh Údarás na Gaeltacha gan chead

Bagairtí Ard-Chúirte agus comhairle ón Ard-Aighne mar chuid d’aighneas idir Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta

udaras_DB

Bhí bagairtí Ard-Chúirte agus comhairle ón Ard-Aighne mar chuid d’aighneas idir Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta 30 bliain ó shin nuair a tháinig sé chun solais go raibh liúntas carranna, nach raibh ceadaithe ag an rialtas, á íoc le baill foirne. Tá eolas faoin aighneas seo le fáil i gcomhad de chuid Oifig an Ard Aighne a scaoileadh faoin Riail 30 Bliain.

Faoin acht inar bunaíodh an tÚdarás (1979), b’éigean don eagraíocht ceistneoirí a líonadh agus a sheoladh chuig Roinn na Seirbhísí Poiblí chun rátaí pá a gcuid fostaithe a shocrú. Bhí na tuarastail a aontaíodh idir na blianta 1980 agus 1981 bunaithe ar an tuiscint nach raibh aon bhuntáiste breise airgeadais á fháil ag fostaithe an Údaráis nach mbeadh ar fáil do státseirbhísigh.

Sa bhliain 1984, áfach, fuair Roinn na Gaeltachta amach go raibh buntáistí breise ag baill foirne áirithe toisc liúntais carranna a bheith á n-íoc leo. Suim suntasach airgid a bhí i gceist, is é sin £3,400, agus deir urlabhraí de chuid an Bhainc Ceannais gurb ionann é sin agus €9,186 in airgead an lae inniu. Bhí 38 ball foirne i dteideal an liúntas seo a fháil.

Thug Roinn na Gaeltachta faoi deara nach raibh aon tagairt do na buntáistí breise sna ceistneoirí a chuir an tÚdarás faoi bhráid Roinn na Seirbhísí Poiblí. Ba é an míniú a bhí ag an Údarás air seo ná gur fágadh an t-eolas faoin liúntas do charranna ar lár sna ceistneoirí mar nach raibh gach duine ar na grádanna pá éagsúla i dteideal é a fháil.

Ach ní mó ná sásta a bhí Roinn na Gaeltachta ná Roinn na Seirbhísí Poiblí leis an fhreagra seo. Ar an 15 Lúnasa, 1984, d’ordaigh Roinn na Gaeltachta (ar threoir ó Aire na Seirbhísí Poiblí, John Boland) don Údarás stop a chur le gach buntáiste breise airgeadais a bhí á íoc acu lena gcuid fostaithe roimh dheireadh na bliana sin.

Bhí an tÚdarás buartha, áfach, go mbeidís ag sárú conrarthaí na ndaoine seo dá gcuirfí deireadh leis an liúntas ó tharla go raibh sé luaite go sonrach le daoine i litreacha tairisceana poist go mbeidís i dteideal an buntáiste seo a fháil. Thug siad samplaí do na tairiscintí seo ar lámh don Roinn. Ní raibh formhór an 38 feidhmeannach a bhí i dteideal an liúntais ag glacadh leis, áfach, siocair go mb’fhearr leo ráta míleáiste ard a fháil ina áit. Rinne siad an cinneadh sin mar go raibh na Coimisinéirí Ioncaim ag gearradh cánach ar an liúntas. Ach bhí gach duine den 38 feidhmeannach ag iarraidh go leanfaí leis an rogha a bhí acu an liúntas i leith carranna a fháil.

Bhí an liúntas á íoc le cúigear ball foirne faoin am a cuireadh deireadh leis ar an 31 Nollaig, 1984. Chuir dlíodóirí thar ceann duine de na fostaithe, Patrick Brennan, litir chuig an Údarás ag bagairt an dlí ar an eagraíocht. “Under the terms of appointment our client was given a car allowance and the Údarás is not entitled to unilaterally break the contract,” a scríobh Seán Mac Giollarnaith thar ceann a chliaint. Chuaigh rudaí in olcas, áfach, ar an 15 Bealtaine 1985 nuair a eisíodh toghairm Ard-Chúirte ar Údarás na Gaeltachta. Ba é an ceardchumann san Údarás (an ASTMS) a bhí ag glacadh na caingne. Bhí ocht lá ag an eagraíocht freagra a thabhairt i mionscríbhinn ar na líomhaintí go rabhthas ag sárú chonradh na n-oibrithe. Mar thoradh air sin, scríobh Peig Ní Chrualaoich ó Roinn na Gaeltachta chuig an Ard-Aighne, John Rogers, ag lorg comhairle uaidh.

Ach thug Oifig an Ard-Aighne comhairle don Roinn gan géilleadh ar an ábhar. De réir Acht Údarás na Gaeltachta, 1979 bhí cead dlíthiúil ag Aire na Gaeltachta treoir a thabhairt i leith tuarastail, liúntais agus coinníollacha oibre. Lena chois sin, bhí sé de dhualgas ar an Údarás glacadh lena leithéid de threoir agus é a chur i bhfeidhm. Maidir le ceist na gconarthaí a tugadh do na feidhmeannaigh, thug an tArd-Aighne an chomhairle seo a leanas: “As to the staff; section 12 (2) provides that they shall hold employment upon such terms and conditions as an tÚdarás from time to time determines. Accordingly, staff members are lawfully bound to accept alterations made in their terms of employment as a result of determination by an tÚdarás complying with directives from your Minister.”

Mar achoimre, dúirt an tArd-Aighne nach raibh aon bhall foirne i dteideal sárú conartha a chur i leith an Údaráis ar an bhonn gur athraíodh a gcuid coinníollacha fostaíochta. Mar fhocail scoir, dúradh nach bhféadfadh go mbeadh aon dliteanas ar an Údarás ná ar an Roinn cúiteamh a dhíol de bharr gur cuireadh deireadh leis an liúntas.

Fág freagra ar 'Cáipéisí Stáit 1985: Liúntas carranna á íoc le feidhmeannaigh Údarás na Gaeltacha gan chead'