Cainteanna fada rialtais i ndán don Ghearmáin agus bua ar éigean ag an SPD

Agus gan oiread na fríde eatarthu de réir réamhthorthaí thoghchán na Gearmáine, tá sé i gceist ag an SPD agus an CDU iarracht a dhéanamh comhrialtas a bhunú

Cainteanna fada rialtais i ndán don Ghearmáin agus bua ar éigean ag an SPD

Olaf Scholz agus Armin Laschet

Tá cainteanna fada maidir le bunú rialtais nua i ndán don Ghearmáin, mar a raibh bua ar éigean san olltoghchán ag an bPáirtí Sóisialach Daonlathach ar Aontas Dhaonlathaithe Críostaí Angela Merkel. 

Faoin bPáirtí Sóisialach, a raibh 25.7% den vóta acu de réir na réamhthorthaí, a bheidh sé an chéad iarracht a dhéanamh rialtas a bhunú.  

Mura n-éiríonn le páirtí Olaf Scholz comhrialtas a bhunú tabharfar seans do na Daonlathaithe Críostaí, faoi cheannas Armin Laschet, a tháinig sa dara háit le 24.1% den vóta. 

Ba é seo an toghchán ba mheasa riamh a bhí ag na Daonlathaithe Críostaí a bhí d’uireasa Angela Merkel atá ag dul ar scor tar éis 16 bliain i gcumhacht. 

Naoi bpointe céatadáin níos lú den vóta a fuair na Daonlathaithe Críostaí ná mar a fuair siad sa  toghchán deireanach. 

Meastar go mbeidh gá den chéad uair riamh le trí pháirtí chun comhrialtas a bhunú. 

Chuir na Glasaigh lena sciar den vóta 14.8% agus rinne na Daonlathaithe Saora amhlaidh le  11.5%. 

Deir na Daonlathaithe Críostaí go bhfuil sé i gceist acu iarracht a dhéanamh comhrialtas a bhunú ach ba é Olaf Scholz an SPD a bhí caithréimeach maidin Dé Luain. 

Dúirt Scholz go raibh sé soiléir go raibh an t-údarás tugtha ag an bpobal do thrí pháirtí dul i mbun comhrialtais lena chéile. 

“Tá a gcuid ráite go soiléir ag na vótóirí. Nuair a chinn siad cur le neart trí pháirtí, an Páirtí Sóisialach Daonlathach, na Daonlathaithe Saora agus na Glasaigh, dúirt siad linn cé ba cheart an chéad rialtas eile a bhunú trína neartú,” arsa ceannaire na SPD. 

De réir na réamhthorthaí bheadh 206 suíochán sa Bundestag ag na SPD, páirtí atá ar dheis ón lár. Theastódh 162 suíochán eile uathu chun comhrialtas a bhunú. 

Meastar go mairfidh na cainteanna rialtais roinnt seachtainí nó fiú roinnt míonna. 

Fanfaidh Angela Merkel ina seansailéir nó go ndéanfar margadh faoi rialtas nua a bhunú. 

118 suíochán a bheidh ag na Glasaigh sa Bundestag. Ba é seo an toghchán is fearr fós acu. 

Fág freagra ar 'Cainteanna fada rialtais i ndán don Ghearmáin agus bua ar éigean ag an SPD'