Cáineadh faoina laghad dul chun cinn ar fhorbairt áiseanna do Dhún Aonghusa

Tá freagracht as forbairt áiseanna ar Inis Mór á cur anonn agus anall idir an Chomhairle Contae agus an OPW, dar le Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil

Cáineadh faoina laghad dul chun cinn ar fhorbairt áiseanna do Dhún Aonghusa

Tá cáineadh déanta ag an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív ar Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) agus ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe de bharr an easpa dul chun cinn atá déanta maidir le háit shábháilte páirceála a fhorbairt ag Dún Aonghusa in Inis Mór, Árainn.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Ó Eamon Ó Cuív nach raibh sé sásta “ar chor ar bith” nach raibh “áiseanna bunúsacha páirceála” á soláthar go fóill ag Dún Aonghusa, atá ar cheann de na láithreacha turasóireachta is mó a mbíonn aghaidh na gcuairteoirí air in iarthar na tíre.

Dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Pascal Donohoe bliain ó shin go raibh “plean curtha le chéile” ag an OPW “chun sábháilteacht a fheabhsú” do chuairteoirí agus d’oibrithe ag Dún Aonghusa, ach d’admhaigh sé ag an am sin nach raibh “aon dul chun cinn” déanta ar an phlean sin a chur i bhfeidhm. 

Mar fhreagra ar cheist Dála a chuir an Teachta Dála Ó Cuív, thug an tAire Donohoe le fios an tseachtain seo gur reáchtáladh cainteanna le lucht bainistíochta sinsearach i gComhairle Chontae na Gaillimhe maidir le hoibreacha ar an bhóthar poiblí i gcomharsanacht Dhún Aonghusa. Dúradh go mbeadh sé níos éasca ag busanna teacht go dtí an t-ionad turasóireachta dá ndéanfaí a leithéid.   

Dúirt an tAire nár pléadh an cheist maidir le maoiniú do na hoibreacha sin go mion leis an gComhairle Contae. Dá bharr sin níor tháinig aon cheist chun cinn faoi thacaíocht a fháil ón gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe.

Bhí sé molta ag an Teachta Ó Cuív go n-úsáidfí an ciste sin chun an obair a mhaoiniú.

Dheimhnigh an tAire Donohoe nach ndearnadh “aon phlé maidir le háiseanna páirceála rothar nó cóiste capaill” mar go bhfuil an limistéar atá i gceist faoi úinéireacht phríobháideach faoi láthair.

Dúirt an Teachta Ó Cuív le Tuairisc.ie gur léir dó go raibh “an fhreagracht maidir leis an gceist seo a réiteach á cur anonn agus anall idir an dá dhream”, an OPW agus an Chomhairle Contae, agus go raibh Dún Aonghusa fágtha fós gan “áiseanna bunúsacha páirceála”.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil gur forbairt í seo a theastaíonn go géar.

“Ní heol domsa aon pháirc náisiúnta nó aon áit mhór turasóireachta eile sa tír atá fágtha gan áiseanna bunúsacha páirceála,” ar dúirt an Teachta Ó Cuív.

Fág freagra ar 'Cáineadh faoina laghad dul chun cinn ar fhorbairt áiseanna do Dhún Aonghusa'