Cáineadh déanta ar phlean Trump ‘Riviera an Mheánoirthir’ a dhéanamh de Gaza

Deir an tAire Gnóthaí Eachtracha gur údar imní caint Donald Trump faoi sheilbh a ghlacadh ar Gaza agus muintir na Palaistíne a athlonnú 

Cáineadh déanta ar phlean Trump ‘Riviera an Mheánoirthir’ a dhéanamh de Gaza

Tá cáineadh déanta ag ceannairí ar fud an domhain ar phlean Donald Trump go nglacfadh Stáit Aontaithe Mheiriceá seilbh ar Gaza chun “Riviera an Mheánoirthir” a dhéanamh de.

Dúirt Trump inné gur chóir do Stáit Aontaithe Mheiriceá ceannas a thógáil ar Gaza agus muintir na Palaistíne ar fad atá ina gcónaí ann a aistriú amach go buan.

“Glacfaidh na Stáit Aontaithe seilbh ar stráice Gaza agus déanfaimid jab leis freisin… Againne a bheidh sé agus beimid freagrach as,” arsa Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Dúirt an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha Simon Harris ar maidin gur údar imní caint Trump agus gur réiteach an dá stát a theastaigh sa cheantar.

Dúirt Harris gur sárú ar rúin de chuid Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a bheadh in aon iarracht muintir Gaza a ruaigeadh as a mbaile.

Ag preasócáid i dteannta Benjamin Netanyahu, Príomh-Aire Iosrael, dúirt Trump go bhféadfaí muintir na Palaistíne a athlonnú “ar phíosa maith talaimh” a bheadh “úr agus álainn”.

Níor mhínigh Trump cén t-údarás a bheadh ag Stáit Aontaithe Mheiriceá Gaza a ghabháil.

Thug sé “siombail den bhás agus den scrios” ar Gaza agus mhaígh sé gurb í an t-aon chúis a bhí ag daoine filleadh ann ná nach bhfuil aon áit eile le dul acu.

Dá mbeadh áit acu le hathlonnú ann a bheadh “an-deas” ní bheadh aon fhonn ar mhuintir Gaza filleadh abhaile, a dúirt sé.

Dúirt Riyad Mansour, Ambasadóir na Palaistíne chun na Náisiún Aontaithe dá mbeifí ag iarraidh Palaistínigh atá ar a dteitheadh a chur go dtí áit “sochair sásta” go bhféadfaí iad a thabhairt ar ais go dtí na háiteanna taobh istigh d’Iosrael arb as dóibh ó thús.

“Ar mbaile is ea ár mbaile. Tá siad ag iarraidh Gaza a atógáil – na scoileanna, na hospidéil, an t-infreastruchtúr – mar tá siad sa bhaile anseo agus is breá leo a bheith ina gcónaí anseo. Agus ba chóir do cheannairí meas a bheith acu ar mhianta mhuintir na Palaistíne.”

Mhol Trump go mbogfaí muintir Gaza go dtí tíortha amhail an Éigipt agus an Iordáin a bhfuil diúltaithe glan acu d’aon phlean dá leithéid.

Tá plean Trump bunoscionn ar fad le polasaí Stáit Aontaithe Mheiriceá i leith an Mheánoirthir agus meastar go mbeadh sé glan in aghaidh an dlí idirnáisiúnta chomh maith.

Sárú ar an dlí idirnáisiúnta é daoine a aistriú óna n-áit dhúchais in aghaidh a dtola agus d’fhéadfadh go bhféachfaí ar mholadh Trump chomh maith mar iarracht glanadh eitneach amach as a mbaile a dhéanamh ar mhuintir na Palaistíne.

Dúirt Hamas gur plean “ciníoch” a bhí ag Trump agus gurb é a bhí ann ná iarracht deireadh a chur le “cúis na Palaistíne”.

Mhaígh Trump go ndéanfadh a phlean áit “sochair” den cheantar.

“Níl aon bhaint aige le dhá stát, nó stát amháin nó aon stát eile. Ciallaíonn go bhfuilimid ag iarraidh seans a thabhairt do dhaoine saol a bheith acu.”

“Ní raibh seans riamh acu saol a bheith acu mar poll ifrinn is ea stráice Gaza do na daoine a bhíonn ina gcónaí ann. Tá sé uafásach.”

Mhaígh Trump go raibh an-tacaíocht aige ó cheannairí eile, ach ní dúirt sé cérbh iad. Dúirt sé go raibh gach duine ar labhair sé leo “an-tógtha” leis an smaoineamh gur ag Stáit Aontaithe Mheiriceá a bheadh an “píosa talaimh sin”.

Dúirt Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu gurb é Trump “an cara is fearr a bhí riamh ag Iosrael sa Teach Bán”.

Dúirt sé go gcaithfí an “jab a chríochnú” in Gaza agus go gcuirfeadh Iosrael “deireadh leis an gcogadh tríd an cogadh a bhuachan”.Mhol Netanyahu “smaointe úra” Trump agus a thoilteanas dúshlán a thabhairt don rud a gcreidtear go coitianta.

Fág freagra ar 'Cáineadh déanta ar phlean Trump ‘Riviera an Mheánoirthir’ a dhéanamh de Gaza'

  • WTF

    Ceard faoin ‘píosa talaimh sin’, Dún Beag, Contae an Chláir?
    Ar ghá do na Cláirínigh bheith faiteach anois?
    Nó tuilleadh nach iad?
    Riviera na hÉireann chugainn, de sheans?

  • Aonghus Mac an tSaoir

    Is léir go bhfuil an-suim ag foireann Tuairisc.ie i gcoimhlintí i gcríocha ciana. Táim ag súil le go leor tuairiscí faoin tSúdáin go luath, mar sin. Is tragóid Afracach é. Tá thart ar 150,000 duine tar éis bháis i gcogadh cathartha na Súdáine atá ar siúl le dhá bhliain anuas. Tá 11 milliún duine díbeartha as a dtithe cónaithe. Tá an calar, an t-éigniú, an glanadh eitneach agus an céasadh ina réaltacht laethúil anois. Tá thart ar 26 milliún i mbaol ocrais agus is cosúil go bhfuil gorta ag teacht chun cinn ar fud na tíre, i bhfianaise an damáiste atá déanta do chórais uiscithe agus don infreastruchtúr.

    Ní fhaca an Afraic a leithéid ó tharla an cinedhíothú i Ruanda i 1994. I mí Mheán Fómhair seo caite tháinig cuid de na cumhachtaí is saibhre ar domhan le chéile ag na Náisiúin Aontaithe chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim scanrúil sa tSúdáin. Iarradh ar na rannpháirtithe $2.7 billiún a chur isteach i gciste le haghaidh cabhair dhaonnúil. Níor ardaíodh ach leath den mhéid sin i ndáiríre. Tá an cogadh, agus toilteanas an chomhphobail idirnáisiúnta lámh chúnta a thabhairt do mhuintir na Súdáine, faoi scáth na gcoinbhleachtaí san Úcráin agus in Gaza go háirithe – dhá chogadh a mbíonn aird na meán orthu gan stad gan staonadh.

    Is cogadh dearmadta é cogadh na Súdáine, agus ní haon eisceacht é Tuairisc.ie sa mhéid sin.
    Tá na scórtha alt scríofa faoi Gaza le dhá bhliain anuas ar an suíomh seo, ach faic ne fríde scríofa faoin tSúdáin.Ní fheadar cén fáth? Nach bhfuil suim ag Tuairisc.ie sa mhéid atá ag tarlú san Afraic? Nó róshuim agaibh sa mhéid atá ar bun ag na Giúdaigh?

    Nach bhfuil dualgas ar shuíomh nuachta stát-mhaoinithe an pobal a chur ar an eolas faoi staid an domhain ar bhealach neamhchlaonta oibiachtúil? An iriseoirí nó gníomhaithe ar son na Palaistíne iad iriseoirí an tsuímh seo?

  • Gael ar son Gaza

    Táimse sásta glacadh le roinnt teifeach ó Gaza. Ba cheart dúinn go léir beart a dhéanamh de réir ár mbriathar agus glacadh leo inár dtithe féin, go dtí go mbeidh Gaza atógtha ar aon nós agus síocháin cheart ann. Tá cinedhíothú á dhéanamh ag Iosrael – mura dtugaimid tearmann do na Palaistínigh, leanfaidh na hIosraelaigh ag déanamh scrios orthu go dtí nach mbeidh mórán Palaistíneach fágtha. Cad is fiú dúinne a bheith ag déanamh agóidíochta ar son na Palaistíne mura bhfuilimid sásta lámh chúnta a thabhairt dóibh in am an ghátair?